firstLine"; ?>

1277. Mairg iarras iomlaoid chainte $
Length: middling 20qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. personal
Manuscripts:
  1. Bruss.Bib.roy.6131-33 Bk O’D’s dau. 17c
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 90 (24/P/12)OClery school early 17c
  4. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  5. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
Prints:
  1. transl. McKenna AiD no. 74
Motifs:
  1. dangers of satire
  2. Biblical quotation
  3. proverb ? q.6
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (BOCD)
  2. Giolla Brighde (RIA 90)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
  2. O hEoghusa
Apologue Subclasses:
  1. Woman taken in adultery (New Test.)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg iarras iomlaoid cháinte


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 74]


Eochaidh Ó hEoghusa cct.


1 Mairg iarras iomlaoid cháinte;

connradh as cúis mhíofháilte

dá gcáinear an té rem thaoibh

’s mé do cháineadh ’n-a chomaoin.


2 Áitheas nach adhbhar beadhgtha

créacht i gcomaoin fhoirdheargtha;

díogha gaisgidh goin ar ghoin,

oil i n-aisgidh ní fhaghthoir.


3 Nír dhearg gruaidh nar gríosadh féin;

ní thug aisg nach uair toibhéim,

mairg len hionmhain adhaint cháigh

ar mhalairt n-ionnlaigh d’fhagháil.


4 Gá dtú acht ní thiobhra mise

cáineadh do chionn aithise;

mo chailg budh créacht gan chumhail

mairg dan héact ar n-ionnamhail.


5 Ní díol liom a los m’fhola

inghreim fhir mo chognomha;

budh gríosadh gan fháth ar n-oil

ní ghríosabh cach ’n-a chionoidh.


6 Do ghéabhainn dá ngabhdaois uaim

bheith gan bhuaidh bheith gan diombuaidh;

re a dteangthaibh a-tú meata;

gearrthair cú na coingleaca.


7 Ad-lochar don fhlaith rom chum

a ndearnadh d’éigceart orum;

fuaras guin nach gríosfa ar neimh,

ní íobhsa fhuil ’n-a aighidh.


8 Do fheador ní horm as sal

mo thubha le tár mbriathar;

is áilne iná adhnadh cáigh

náire gan adhbhar d’fhagháil.


9 Ní beag díogholtas Dé mhóir

i ndiaidh an ionnlaigh éagcóir;

misde an té le dtabhair guth

gan é ’n-a aghaidh d’ionnluch.


10 “Nír dhearg arm nach d’arm teasgar”

glór Íosa re a airdeasbal;

ní ar th’omhan, a fhir mo luit,

nach gonabh ibh ’n-a éaruic.


11 Do fhéachfuightheá ar th’ainimh féin

dá leanta lorg an tsoisgéil,

a chómharsa, ó do-chí sibh

a mbí oramsa d’ainimh.


12 Ní cosmhuil go gcuala sibh

mar rug breith ’n-a bhreith shuaithnidh

an Rí ceart coimsidh nimhe

’san fhoirmsin eacht d’áiridhe.


13 Lá n-aon i n-Iarúsa-léim

teagar chuige - cúis shoiléir -

bainghiall ar ar baisdeadh cair

nar caisgeadh d’ainmhian éadraidh.


14 “An bhean ad-chí” ar cách uile

“a los a locht gcolnuidhe

a-dlé ó cheart a clochadh,

’san reacht ós é as ordochadh.”


15 “Gidh bé,” ar Dia, “nach dearna cair

buaileadh chloich ar an gcionntaigh;

i measg cháigh más amhghlan í

cáir a damnadh mar deirthí.”


16 Cuimhnighid coire gach fhir

a los fhuighill Dé dhúiligh;

nír léir dhóibh - dia do thuigse -

cia dar chóir a clochaidhse.


17 Mar do shaor cuimhne a gcean féin

an mnaoi ndrúith ón druing aigmhéil,

air féin dá bhféaghadh gach fear

do-ghéanadh chéill rem cháineadh.


18 Maithim don mhéid dá ndlioghar

bheith choidhche dom choirioghadh;

mar tá mé ná léigeadh leinn

an té nach éidear d’inghreim.


19 Gach ciontach as cosmhail rinn

chaitheas a chloich fam thuairim

bíodh ’n-a leith ós é a n-obar

tar breith nDé mo dhiobhrogadh.


20 Aitchim a síodh, sléachtaim dháibh,

éirghidh díom, diultaim teagmháil,

lucht cháigh i gcogar do chailg

ní náir obadh a n-iomairg. Mairg.