firstLine"; ?>

1278. Mairg mheallas muirn an tsaoghail $
Length: very long 46qq
Certainty: 4
Period:
  1. 14th mid
  2. 14th ult.
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLS Adv72/1/37 Bk Dean Lismore1512-
  2. NLI G992 Nugent MS c. 1577
  3. Francis. Lib. A19 B. MagNiallghuis1608
  4. Bruss Bib.roy 6131-33 BkO’Donnellsdau
  5. Bk of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. text DiD no. 37
  2. transl. Timthiridh 7, 25-31
Motifs:
  1. Envoi to saints:BVM & Archangel Michael
  2. execution or imprisonment of criminals
  3. Submission, tuarastal, coimirce
  4. the pains of Hell
  5. the Joys of Heaven
  6. Equality of all men in God’s sight
  7. renunciation of the world
  8. aonach (fair, assembly)
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh Fionn (Bk Dean, BOCD)
  2. Tadhg Og later insertion in Bib. roy. 6131-33
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (‘ODalaigh Fionn’ Bib roy 6131-33)
  2. O hUiginn
Apologue Subclasses:
  1. The child born in prison
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg mheallas muirn an tsaoghail


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 37]


Gofraidh Fionn Ó Dálaigh .cct.


1 Mairg mheallas muirn an tsaoghail

gearr bhíos buaidh a mhóraonaigh;

mairg nach rochaomhain é air

re ré an drochshaoghail deacraigh.


2 Flaitheamhnas mór ar mhuirn mbig,

beatha shíor ar sheal ngairid,

tréigean Dé is diombuaidh an dáil

ar ré ndiombuain an domhnáin.


3 Sógh na sochraide neamhdha

a-tá thuas mun dtighearna,

gach sódh fa nimh seacha sain

is beatha fhir i n-uamhaidh.


4 A dhaoine dá ndáiltear rath

leis nach beag méad a meadhrach

bhar sódh is uime as lór libh

gan sódh as uille d’fhaicsin.


5 Dá dhearbhadh sin ag so sgéal

bheanas ris do réir fíréan

- sgéal é ónab iontúir neamh -

gidh bé sgriobtúir ór sgaoileadh.


6 Bean torrach ag tuar broide

do bhí i bpríosún peannaide;

bearar do chead Dé na ndúl

lé leanabh beag san bhríosún.


7 Ar n-a bhreith do bhí an macámh

ag fás mar gach bhfochlacán

dá fhiadhnaibh mar budh eadh dhún

seal do bhliadhnaibh i mbríosún.


8 An inghean d’fhagháil bhroide

meanma an leinbh níor lughai-de

’s í dá réir gé do bhaoi i mbraid

mar mhnaoi gan phéin gan pheannaid


9 Do shoillse an laoi níor léir dhóibh

achd a bhfaicdís - fáth dobróin -

do dhruim iodhan an achaidh

tré ionadh thuill tarathair.


10 Mun n-orchra níor bh’ionann dál

dá mháthair is don mhacámh;

do athruigh dealbh dá dreich ghil

is an leanbh ag breith bhisigh.


11 An leanbh dá oileamhain ann

do b’fheirr-de aige a fhulang;

níor léir don bharrthais óg úr

narbh fhód Parrthais an príosún.


12 Sei-sean ag breith ruag reabhraidh

si-se ag dul ar doimheanmain,

mairg thrá nach tiobhradh dá aoidh

ionramh na mná is a macaoimh.


13 Ar bhfaicsin déar re dreich ngil

ráidhis an leanbh lá éigin

“ó tharla a fhuigheall ar m’óidh

cluineam damhna do dhobróin.”


14 “Neimhiongnadh gé do-neinn maoith”

ar si-se “a leinibh lánbhaoith

“is rian chumhang nar dhleacht dún

teacht d’fhulang pian i bpríosún.”


15 “An bhfuil” ar sé “sódh eile

as aoibhne ná ar n-inmhei-ne

nó an bhfuil ní as soillse ná so

ó do-ní an toirse throm-so.”


16 “Dar linn” ar an leanabh óg

“gé taoi brónach, a bhean-ód,

is léir dhúin ar ndíol soillse;

ná bíodh ar th’úidh athtoirse.”


17 “A n-abra ní hiongnadh dheit,”

ar an inghean “a óigmhic

dáigh treibhe an teagh do thaghais,

treabh eile ní fhacadhais.”


18 “Dá bhfaictheá a bhfacaidh mei-se

re dteacht don toigh dhoirchei-se

do bhiadh doimheanma ort ann

id phort oileamhna, a anam.”


19 “Ós agad-sa as fhearr a dhearbh,

a inghean” ar an t-óigleanbh

“ná ceil foirn fionnachtain de

do mhoirn d’iomarcaidh oirn-ne.”


20 “Loise an tsaoghail mhóir-se a-muigh

is eadh tháirreas ó thosuigh;

mé i dtigh dhorcha ’n-a dheaghaidh,

a fhir chomtha, is cinneamhain.”


21 Le cleachtadh deacrachta dhe

’s nach fuair sé sódh budh aoibhne

níor cheis a ghruadh ghríosúr ghlan

ar an bpríosún bhfuair bhfalamh.


22 Baramhail do-bhearthar dún:

an dream do bhaoi san bhríosún

lucht an bheatha ché an cúpla

a ré is beatha bhríosúnta.


23 Ag féachain meadhrach Mic Dé

flaitheas aga bhfuil buainré,

cúis bhróin beatha gach dúnaidh

slóigh an bheatha is bríosúnaigh.


24 A-tá idir neamh na naoi ngrádh

is aoibhneas talmhan thonnbhán

a mbí idir uaimh dhorcha dhuibh

agus tolcha i n-uair aonaigh.


25 Drumchla áluinn gach achaidh

is grian tre tholl tarathair

gach téaghadh gréine do-gheibh

ag féaghadh réime an ríchidh.


26 Ní bhí an tsoillse-se an tsaoghail

seach múr nimhe nuabhraonaigh

- taobh re a dáil is doibhéas damh -

acht mar shoiléas cláir comhladh.


27 Fearr í ina loise as lugha

aoibhneas ris nach ionchora

ní buaininmhe an mhoirn-se a-muigh

tuairim-ne an soillse suthain.


28 Tuarasgbháil teaghlaigh nimhe

’s an bhrogha aird ainglidhe,

go dtí an bráth agus bheith ris,

ní reich re cách í d’aithris.


29 Maith na cruinne ar chumas damh

agus neamh éanuair d’fhéaghadh

do leigfeadh mé an mhaith-sin uaim

[gan] é d’fhaicsin an athuair.


30 An talamh go n-a dtig de

do thréigfinn ar theach nimhe

’s gan fhaicsin dúnaidh Dé dhamh

achd mé ar cúlaibh a comhladh.


31 Éisdeacht le héanlaith nimhe

is cuid don cheol ainglidhe

na heoin is díoghadha dhe

fíorragha ceoil na cruinne.


32 Iomdha oirfideach eoin bhinn

ag mac inghine Iaichim;

nocha léir dá nglar-san guth

nach sásfadh i bpéin peacach.


33 Iomdha i n-Ifreann ’n-a aghaidh

- ní dá gcur i gcomhraghain -

guil agus ualla arda

’ga bhfuil uadha ar ionnarba.


34 Ifreann aitreabh na ndeamhan

príosún daor an Dúileamhan

- rochtain ilphian triall don tigh -

imchian ó rian an ríchidh.


35 Dá bhfeasdais fir an domhain

sgéala Ifrinn orchradhaigh

re a gclaisdin do ba cóir sgeinm

dóibh is gan fhaicsin Ifeirn.


36 Do badh neamh leis gach neach ann

bás d’fhagháil is ní fhaghann;

ní dul ní téarnamh is-tigh

brugh gan éanbhrugh a aithghin.


37 Beag gach guais achd a ghábhadh

losgadh ann is iombádhadh

smuail bleachta nach báidhfeadh loch

sneachta nach tráighfeadh teasbhach.


38 Aghaidh uirre anba an teidhm

piasd a-tá ar tairsigh Ifeirnn

dá bhfaiceadh í eadh radhairc

gach fear ad-chí a chontabhairt.


39 Brugh Ifreinn nár fhaice mé

i gcéin uadh ná ’n-a fhoigse;

Rí na ndúl cá chuin do-chear

an dún i bhfuil go bhfaicear.


40 Ní treise ar Dhia an duine tréan

iná an bocht bhíos ’n-a fhíréan;

ní le teann tiaghair ar neamh;

fearr a hiarraidh go háilghean.


41 Croidhe uiríseal umhal

tig de duine d’ardughadh;

’n-a luaighidheacht is lór d’fhear

guaillidheacht ógh is aingeal.


42 Beatha gan aois gan orchra

dóibh so ar son a adhartha,

sláinte gan fhoircheann d’fhearaibh

fáilte choitcheann chairdeamhail.


43 Mairg do thréigfeadh teach nimhe

ar ar mbeathaidh mbréigei-ne;

gá haird nach baoghal a-bhus?

an saoghal is mairg mheallas. Mairg


44 Nár mhealltar mi-se, a Mhuire,

léir dom dhíon do dheaghguidhe;

guidhe óghMhuire is lór linn,

ógh as ghlórmhuire ghuidhim.


45 Comhairle Muire móire

do-ní mac na móróighe;

ó treise san tigh neamhdha

ní dhligh mei-se mímheanma.


46 Ar gcomharg coitcheann do chuing

ag Míchéal aingeal oruinn;

is é crodh iarrfaithir air

dol san ngrianchaithir nglórmhair. Mairg