Poem in printable PDF format
Mairg nach
doirteann a dhéara
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 39]
Fearghal Óg Mac
an Bhaird .cct.
1 Mairg nach
doirteann a dhéara
cioth déar do
dhruim aithmhéala
do bháidhfeadh
diomdha an té as triar;
do ba diongna é
d’aimhríar.
2 Do dhearbhadh
ar dhéaraibh Póil
san tigh thuas
gur thuill onóir
fuair a thoil ó
thriath nimhe;
ag soin fiach a
aithrighe.
3 Treall dá
aimsir - anba an choir -
do bhí Pól, posd
an chrábhaidh,
- ní hiúl é ag
nach aghair fréamh -
i n-aghaidh Dé ’s
a dheibhléan.
4 Beantar dhé lá
do na láibh
an éaraic uile
anbháil
a amharc mar badh
dual dó;
a radharc uadh do
éaló.
5 Pól easbal ag
iarraidh grás
fearais cioth
déar tre dhólás;
do-ní d’aithrighe
ann soin
maithmhighe thall
gur thobhoigh.
6 A shíothcháin a
dhéar budh dhéin,
tugadh a amharc
ainn-séin
is glóir bhuan an
Dúilimh dhó;
a rúinnimh uadh
do iompó.
7 Peadar an
t-easbal eile
fríoth leis luach
a aithrighe;
a thriath fa thrí
an tann do shéan
do-chí gur bh’am
don Fhíréan.
8 Séana a
thíghearna fa thrí
le caoi do chuir
ar neimhní;
osna dhomhuin is
dáil déar
do bháidh
fholaidh an Fhíréan.
9 Fuair fós Muire
Magh-da-léan
luach a
haithrighe ón Fhíréan;
do thuill choróin
san tigh thall;
do bhir onóir dá
hanam.
10 Le huisge a
nuaidhéar do nigh
Muire lá do na
laithibh
troigheach
naomhdha ríogh na ríogh
do bhíodh aobhdha
re a heissíodh.
11 Na seacht
ndeamhain - díochra an tsearc-
do bhean Críosd
eisde i n-aoinfheacht;
do radadh luagh a
deor dhí
ar n-a leodh
d’Uan na hóighe.
12 Loingíonus fós
feacht oile
dhó ar n-osgladh
a uchtchroidhe
fuair a shíoth do
dhruim a dhéar,
gé do thuill
fhíoch ón Fhíréan.
13 Gach neach dá
dtug triath nimhe
flaitheas Dé ar
aoi a n-aithrighe
- a ghuidhe is
díor dá gach dhruing -
a ríomh uile ní
fhéadfuinn.
14 Go ndearnar
aithrighe im ulc
mar na deibhléana
a-dubhart;
laithe a bháis do
hoirneadh inn
páis an
Choimdheadh go gcaoininn.
15 An lucht fuair
flaitheas nimhe
le hiomarcaidh
aithrighe,
fa dheireadh
gomadh díobh sinn;
geimheal far-íor
ar mh’inntinn.
16 An glas
cruaidh-se dom chridhe
go mbeana braon
aithrighe;
fuaire mo bhéas
ag reodh riom
mo dheor do
ghréas i ngéibheann.
17 An cioth do
chuir Dar-daoin de
do ghuais péine
na páise
- cioth mo shúl
do budh lór lais -
gomadh lón dún
[an] díoghrais.
18 Uisge glas
do-ghéabha uam
tighearna na dtrí
mórshluagh
fan fhuil dheirg
dhamh-sa do dháil
do sheilg ar
mh’annsa d’fhagháil.
19 Fliuchad
aighthe anba an grádh
- níor [bhréag é]
bláth an domhnán -
’s an chlí do
thiormuigh dar dtal
ar tí ionnluigh
gach anman.
20 Ar ndáil a
fhola uile
dia hAoine dar
n-ionghuire
ní raibhe ann
aonbhraon d’fhuil;
an taobhghaol
thall do thiormuigh.
21 Le haonbhraon
d’fhearthain dá fhuil
do cheinneochadh
clann Ádhaimh
’s gan chrú a
chlí d’fhearthain uile;
do bhí an
fhearthain iomuin-ne.
22 Níor bh’fhiú a
dtáinig ’s a dtiocfa
fuil an
Choimdheadh choisreagtha
sileadh phinn do
dhortadh dhí
gan sinn dom
fholcadh eisde.
23 Gér lór
aonbhraon dhíobh dom dhíon
cuirim m’fhaosamh
tar m’eissíodh
ar gach bhraon
dar dhoirt dam-sa;
do sgoilt a
thaobh treamhum-sa.
24 Cuirim
m’fhaosam ar a fhuil,
’s ar a bhás ’s
ar a bheathaidh,
’s ar chúig
croidhibh ríogh na reann:
síodh an
troighigh go dtuaiream.
25 Cuirim ar an
gcoróin sbín
mo chomairce ar
aoi m’eissídh,
’s ar an digh
dhomblais ad ibh,
’s ar donnbhais
dhil an Dúilimh.
26 Ar an gceann
do chlaon re chrois
cuirim mo dhíon
tre dhíoghrais
ar ndín-ne ar an
troigheach thinn
do ríne an
t-oineach inghill.
27 Tuir
chothuighthe na córa
m’fhaosamh re
hucht n-iarnóna;
is díon mo
mhíothaom go moch
bíodh ar a
chlíothaobh chréachtach.
28 An crann i
ndeachaidh dar ndíon
is nochtadh
oidhre an Airdríogh
do shaor tre
chonnailbhe ar gcoir;
mo chomairghe
ar-aon orraibh.
29 Dá fhaosamh
daoine an domhain
do shaor a uaigh
fhíordhomhuin
’s a eisléine an
uile fhear
cneischéile Muire
maighdean.
30 M’fhaosamh ar
a éirghe ón uaigh
is ar chreich
Ifrinn adhfhuair;
mo choimhdhe ar
leic far luigh;
a reic oirn-ne do
fhuasguil.
31 An toil thug
Críosd dar gcabhair
ag sin éideadh
m’anaghail
grádh buan an
Dúilimh dhamh-sa
mar lúirigh uadh
umam-sa.
32 Muire óg earla
glúineach
damh-sa gomadh
díonlúireach
ó tharla a lán
d’éigion ann
a grádh ’n-a
éidiodh umum.
33 Muire corm an
chrábhaidh the
ní daorfuidhear
sinn seice;
earla glan na
ngéigfhiodh bhfionn
budh éideadh
dhamh a dícheall.
34 Do gonadh is i
n-a ghoin
dia hAoine í ar a
aghaidh
an choirpsheang
tre chailg an gha;
mairg nach
doirteann a dhéara.
35 Ainm Beadair
na mbriathar nglic
carrag
chothuighthe an chreidimh
fuair is-tigh
an-uas an ainm
sgaradh ris ro bu
romhairg. Mairg.