Poem in printable PDF format
Mairg nach
ísligheann é féin
[McKenna,
Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 14]
1 Mairg nach
ísligheann é féin
tuigthe do thaobh
an tsoisgéil
a bháidh go mbia
’n-a ionadh
do Dhia madh áil
mh’íslioghadh
2 A chompán do
chur a-mach
eagail don duine
dhíomsach
do gheibh dísle
ón uile fhear
an duine as ísle
aigneadh
3 Don umhla is
adhbhar grádha
ar n-innmhe ar
éis teastála
is é a
laghdachadh linne
mé d’ardachadh
m’inntinne
4 A-tá luadh ag
an leabhar
is cúis m’aignidh
d’ísleaghadh
ar bhanóigh do
bhí umhal
do ní an anóir
d’fhuathughadh.
5 Do chuir ar
meisge a meanma
do ghrádh thé fan
tighearna
Caitir fhíona an
ógh sgagtha
d’ól fhíona na
humlachta
6 Do rinneadh
mairtír Dé dhí
’n-a banóigh do
bhí ar ghloine
ráinig gnaoi í
san umhlacht
’s do bhí ’n-a
mnaoi ar mheasardhacht.
7 A síoda ’s a
sróll corcra
tuigthe ar theas
a dúthrachta
riamh nar
mhéadaigh a meanmain
niamh an éadaigh
ildealbhaigh,
8 Do shíoth na
n-aingeal eile
do bhaoi ar
fheadh a haimsire
géag abhla
d’fhiodhbhaidh na ríogh
ré biodhbhaidh
anma i n-eissíodh.
9 A sgéala
d’aithris uirthe
gabhaidh uaim mar
urnuighthe
Caitir fhíona is
é a guidhe
dá síola mé a
míorbhuile.
10 Mian a
theagaisg tugadh dhí
impir i n-aghaidh
creidmhe
re a comhairle
nír chaith modh
flaith ler
rodhoilghe a riaghladh.
11 An dia
coimhitheach dár chreid
ar labhair ós
leis táinig
nír bh’uaimhneach
an ógh iodhan
fan nglór
uaibhreach d’éilioghadh.
12 Rug go léir a
lucht feasa
chuige ar chionn
an aighneasa
gur bh’éasgaidh
iad ’n-a haighidh
’s iad d’éansdair
dá hionnsaighidh.
13 Na deich
gcúigir do chlaoi sin
do chuir i gcúirt
an impir
a heagla ortha
uile
toghtha an eagna
éanduine
14 Re héinfhear
dá fhearaibh gráidh
ar son a
n-ainbhis d’admháil
an flaith ar
bhfás a ghoimhe
nír chaith tlás
ná trócoire
15 ’N-a mbás do
budh breath leathtrom
ní thug íoc ná
eineaclann
an lucht feasa
fhuair oidhidh
budh measa an
uair íocfoidhir.
16 A Dia féin ní
fhágaibh air
roth do cumadh fa
a comhair
le a mhéad do
maoladh a neimh
faobhar do fhéad
a hoidhidh.
17 Duine do mhéad
a mheanma
do lucht tighe an
tighearna
neart a lámh ní
rug ón roth
ár go dtug ar an
teaghlach.
18 A ndearna an
roth do dhíoth dhóibh
[gér] sgiursadh í
’n-a onóir
barr do fhás ar
an uabhar
a bás ann do
b’ionnfhuaradh.
19 Dá brághaid ar
mbuain a cinn
gur seinneadh fa
séis roibhinn
ceol aingeal ós
chionn a cuirp
is daingean liom
a labhairt.
20 Ón teaghlach
táinig do nimh
nír lamh námha dá
náimhdibh
a haimhleas i
n-uair an bháis
le bhfuair do
shaidhbhreas shóláis.
21 An t-anam nir
bh’éasgaidh lais
achd do ghrádh
glóire Parthais
tocht as an
leabhaidh ar loigh
corp nar
bh’eagail don anmain.
22 Dá ndeachadh
meas ar gach mnaoi
Caitir fhíona is
é a-déarthaoi
nach rug ógh ar
ghloine a geall
Moire ógh nó go
n-áirmheam.
23 Ní bhíodh do
chruas a chroidhe
dí nach déanadh
trócoire
a bás do chuaidh
’n-a chridhe
go bhfuair grás
dá guaillidhe
24 Leat achd
munab lór a fuil
a mhic Dé i ndíol
mo pheacaidh
cuirse ar a
deoraibh a díol
cuisle
d’fheolfhuil an airdríogh.
25 Dá mbeath nach
aigeorainn ort
a hóighe agus a
humlocht
dlighe ar a
bochtacht bheith linn
m’fhortacht ós
’n-a leith leigim.
26 Go héag is
doaimsear damh
d’éis an bháis
bhias mo shamhradh
Caitir fhíona nar
fhaomh locht
mo chraobh dhíona
san dubhlocht
27 Feadh a
beathadh gur iarr air
ní léighthear ins
na leabhraibh
bronnadh far éar
an t-anam
béal do b’ollamh
uraghall.
28 Ar sgríobhadh
uirthe dá héis
re a linn nír
leig a fhaisnéis
fá gníomha ó
mbraithir a bladh
Caitir fhíona ní
admhadh.
29 Dá n-abrainn
nach éarthar neach
it onóir le Dia
ndúileach
an é ná budh
daingean damh
is aingeal Dé ar
n-a dhearbhadh
30 Druim ó
chroidhe do chur ris
tabhair orm ar
th’aithris
a Chaitir fhíona
a ógh ghlan
nar mhór sníomha
san saoghal.
31 Ag tomhas
meidhe an mheasa
cuimhnigh dom
fhior aimhleasa
dul tar mo cheann
madh cruaidh dhaid
an ceann do
bhuain dod bhrághaid.
32 Ceann ler
tréigeadh a thoil féin
ceann do lean
lorg an tsoisgéil
ní chluinim gur
mheall a mhian
ceann do fhuiling
a aimhriar.
33 Ceann ler
mhilis a mhartra
ceann oilte na
humhlachta
ceann óighe do
b’fhearr meabhair
ceann na hóighe
d’oileamhain.
34 Dá gcuirthe a
Chaitir fhiona
do maithfidhe ar
míghníomha
an ceann
d’aighneas as ar n-ucht
nar mheall
saidhbhreas ná sochrocht
35 An bhrágha
gheal do gearradh
fuarais Dia ar a
dícheannadh
a bheith claon
nochar chás duid
do bhás ós dá
thaobh tánaig.
36 Go raibh an
láthair fúinn féin
ar mbiodhbha bíom
dá mhíréir
don ghort dá
ngabhaimne roinn
mar bhanaighne ’s
ort anaim.
37 An corp ar ar
cheannchais neamh
creidim ó táid
’n-a thimcheal
nach ragha ar
nduaisne gan díol
fala uaisle na
n-airdriogh.
38 Cuimhnigh a
Chaitir fhíona
nach fuighe is
fáth imshníomha
uain ar an rígh
uair eile
bídh uair ag an
impidhe.
39 Lucht na sé
n-aimsear uile
a gcuirp gá mó
míorbhuile
a rún falaigh ann
ós aird
raghaidh an tann
fa dtiomairg. Mairg.
40 Do Mhíchéal ós
é ar n-aighne
as cungnamh fa ar
gcomairghe
naomh gan ní ’n-a
ainbhios air
do ní aighneas
caol cumair . Mairg.