firstLine"; ?>

1282. Mairg nach molann Mathair De $
Length: short 11qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th -17th cent.
  2. Mayn. C88 Eoghan O Caoimh 1704
  3. NLI G 127 R. Tipper 1713-15 < RIA151
  4. RIA 151(23/D/13)S. MacSolaidh c.1713
  5. Mayn. M 84 S.O Murch. na Raith. 1738-
Prints:
  1. transl. McKenna, AOD, pp. 29-30
Motifs:
  1. envoi to Christ
  2. function of poetry ?
  3. role of queens ?
  4. imagery for BVM
  5. Mary’s role in man’s salvation
  6. poetry offered to BVM
Poet Christian Names:
  1. Aonghus na Diadhachta (Mayn. C88, M84
  2. Donnchadh Mor (RIA 209 only)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (RIA 151, NLI G 127)
  2. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg nach molann Máthair Dé


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 26]


Don Mhaighdin Mhuire


1 Mairg nach molann Máthair Dé

go fiú a bhfuaras dá fínné

abhall óir na dtrí dtoradh

ní cóir gan í d’adhmholadh.


2 Deacar dhamh-sa déanamh di

moladh nach dearnadh dise

gnúis shaor as mhórdha malta

craobh órdha na hóghachta.


3 Moladh as oircheas d’éis cáigh

gidh deacar dhamh-sa d’fhagháil

do ghéan fa dheoidh dán molta

do lán beoil na bantrochta.


4 Cur chuige is deacraide dhamh

dá molar Mhuire máthar

ní léir dún trian a teasda

cá dúl criadh rén coimhmeasda.


5 Deacar dhamh-sa déanamh rann

acht dán do rinneadh romham

minic moltar a gruadh geal

’s a snuadh mar chorcar coilleadh.


6 Neamh d’fhagháil ní dheachaidh díom

ó thuilleamh fheirge an aird-ríogh

díon dúin a síoth-fhocal sin

río-thopar dúin an Dúilimh.


7 Ar eagla nach déana Dia

le méad diomdha mic Mharia

mo shíodh go nuaidhighe ar nimh

guaillidhe Ríogh an ríchidh.


8 A ré lán na n-uile ógh

go feirg an Athar d’iompódh

cuir m’impidhe ar t’fhear dom ainm

a bhean impire Iofairnn.


9 Gidh deacar leigheas mo locht

i ndóigh go bhfuighinn furtocht

cuir mór-thuile m’uilc tar ais

ó ór-thuighe puirt Parrthais.


10 Moladh nuadh do dhéanamh duit

go minic a ógh ordhruic

géag úr nach so-chaithmhe sibh

a ghlún cothuighthe an chreidimh.


11 Saor mé a mheic as [mhór aithne]

eagal liom lá an mheasraighthe

sirim grása ort dom ainm

an lá-sa ar dtocht fa thoghairm. MAIRG