firstLine"; ?>

1283. Mairg nach taithigh go teagh Riogh $
Length: long 40qq
Certainty: 0
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLI G 992 Nugent MS c. 1577
  2. RIA 1 (23/D/14) 17th cent. ?Offaly
Prints:
  1. transl. McKenna AiD no 67
Motifs:
  1. Imagery for cross
  2. imagery for God’s grace (healing herb)
  3. role of BVM
  4. crucifixion
  5. Resurrection
  6. Heavenly banquet
  7. legal terminology (teach cuirte, eiric)
  8. echoes another poem? DDe, no. xxiv
  9. Hunting
  10. coibhche, sead suirghe, bride-price
Poet Christian Names:
  1. Diarmait (RIA 1)
Poet Surnames:
  1. O Cobhthaigh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg nach taithigh go teagh ríogh


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 67]


Diarmuid Ó Cobhthaigh cct.


1 Mairg nach taithigh go teagh ríogh,

teagh cúirte choisgeas eissíodh;

do mhaithfeadh cóir chneadh ndoiligh

dóibh ’s an teagh do thathoighidh.


2 Nár dhúinn diultadh a fhleidhe

rí fíre as fhearr áiridhe;

fleadh re a hibhe uaidh nach áil

ó chridhe fuair a foráil.


3 An toisg le dtáinig a-le

ceann síodha na sé líne,

ar mbeith réidh fa chrú an chroidhe,

a-nú féin do féadfoidhe.


4 Tuar báis an bhearn do réidhigh

- d’fhior iuil nír eol soidhéinimh;

téid i ndiamhair chridhe i gcrois

dá fhine d’iarraidh eolais.


5 Fiu an turchairthe thug an mhuir

usa a-chách cosg an anfuidh

tonn bháidh ós chaladh croidhe

do dháil taradh trócaire.


6 Gér bheart cháis cead a ghoine

thug Dia do dhruim ionmhaine,

rí dá thoil re crann do char

troigh do bharr ar a bhronnadh.


7 Sé líne leighistear dhi

luibh far fearadh fuil chíche;

luibh shídh do-cháidh rer gcneadhaibh

le sín ngráidh ar ngeineamhain.


8 Rí leinb is leis do cuireadh

líon seilge sé dteaghluigheadh;

gur cuireadh leanb uainn fa fhiodh

do-chuaidh ar sealg ag síneadh.


9 Ceangal sídh ar son a gaoil

guais d’óigh más obair dhíomhaoin

clann ríogh d’oigidh a n-athar,

gníomh rer dhoiligh dealachadh.


10 D’fhuil Ádhaimh d’éis a ndearna

ní fríoth leis luach oileamhna,

do nós chloinne ar badh cáir cion

dá láimh ’n-ar gcoinne cuirthior.


11 Cidh beart doiligh díol a chneadh

bean ghaoil do ghabh ler ndídean;

téid ag óigh ar a hoidhre

nach léig cóir go comhairle.


12 Braithtear sealg ’n-a seilg chosmhail

sé slóigh as é an fiadhachsoin;

cú sealga an oinigh nír fhill

learga an troighigh gur thimchill.


13 Gan liaigh do leigheas a ghon

an treas lá - lór d’iongnadh! -

mar do bhí ar iocht an oinigh

rí ón fhiort dar n-ionnsoighidh.


14 Sgéal iongnadh d’fhior a chneidhe

sé slóigh d’iomchar d’éineire;

trom n-ualaigh an croidhe i gcrann

oire dob uamhain d’fhulang.


15 Fada a chairde im chóir a ghon,

biaidh lá bhus lór do bhaoghal,

baoghlach fós cóir na gcroidhe;

ní tós lóin as líonmhuire.


16 Fuair le a roinn ríoghacht nimhe

cnú bheo bháitheas th’oirbhire;

do-bhir bean do bheith ’n-a bhun

do theagh ar bhreith do bhiodhbhadh.


17 Fuilngidh dar ngrádh guin a bhonn

luibh leighis ar lot rothrom;

neimh chneadh t’oidhir ar fhéaghadh

fear oinigh do fhuiléangadh.


18 Coill díona as díon na n-uile

maith dhóibh dlús na fiodhbhuidhe;

do choill ghrás i ndaingne ag dul

go bhfailghe fás na faladh.


19 Lot dá n-uair nír éigean sin

leanb Dé le díoghrais n-oinigh;

a linn lúidh gur fhear t’oidhir

nír gheabh ga dhúil dheaghoinigh.


20 Cosmhail sin re sín dturaidh

fearthoin nach fáth urdhubhaidh

do theilg áladh an deilg dhuinn

a bhádhadh fat fheirg d’éantuinn.


21 Trom an toradh tháinig dhe

crann saortha na sé líne;

do bhí ar gcoill gan chrann dtoraidh

i mbarr croinn gur chlaonabhair.


22 San chruth chéadna cuirthear sibh

réim do luit i ló t’oighidh

goin do bhí ar chrois id chridhe

sí a-nois muna neimhnighe.


23 Ádhamh féin fréamh an cheana

fuair síodh ar son t’oigheadha;

más fear faghla as treise as-tigh

tarla meise dod mhuinntir.


24 Breith ainiuil nír iongnadh dhe

raon dearg i ndeoigh na sleighe;

rug doimhne an chroinn ’n-a chridhe

chloinn t’oidhre ar an áiridhe.


25 Crann díona rer doirteadh t’fhuil

mór as fhiu an t-éanchrann fosgaidh;

i mbarr croinn na ndealg ndomhain

t’fhearg ód chloinn do chongbhabhair.


26 Do ghealluis dí díon a gaoil

Muire ógh - dob fhiu a cumaoin;

íoc t’álaidh dhóibh má dhleaghair

slánaigh le hóigh t’oileamhain.


27 Cóir ’n-a fhuil an n-iarrfaidh sibh

leanb do thuit re taom n-oinigh

eite lúidh fheirge t’oidhir?

teilge do dhúil deaghoinigh.


28 An toisg le dtáinig do nimh

tug seal le seilg a chinidh

leanb tre choill ndealg ’n-a dheaghaidh,

sealg i mbroinn do bhraitheabhair.


29 Fada as-teach i dtaobh t’eidhir

fríoth leis lorg dar bhfóiridhin;

ós de thárraidh coimhdhe cáigh

doimhne an álaidh nír fholáir.


30 Dá bhfuasgladh féachaidh a-nall

do-chí a ghaol i nglas gobhann;

tre ghloin ngráidh do-chí a gcabhair

rí ’s a bháidh re a bhiodhbhadhaibh.


31 D’iongantaibh airdríogh nimhe

goin chíche im chás n-ainbhfine;

rí nimhe nír chóir gan chloinn

ó chridhe do fhóir oruinn.


32 Rí gan agra éarca a ghon

ar ghaol bhfuar cá fearr téaghadh?

mian gaoil díothladh a dhiomdha

[i ndíothrabh taoibh] tighiorna.


33 A mhac samhla so d’eineach

cia an rí ó n-uair impidheach?

ní as ar cheil an troigheach tinn

do-bheir don oineach uirrim.


34 Maith do thuill ar dtriall do nimh

sé líne do luach aisdir;

tug ó chridhe i n-am éigne

sidhe i gcrann dar gcoimhéidne.


35 I measg bhiodhbhadh do bhí ar fhleidh

rí an bheatha - fa beart shuaichnidh;

sleagh san chridhe uaidh fholchar

fuair fhine ar an éanorchar.


36 Táinig ris a ró toile

leanbh Dé ar ndul dar n-ionghaire;

rí ag guin a throighigh fa a thréad

doiligh do chuir le a gcoimhéad.


37 Fiu an macsoin maitheamh ar locht

clann bhuadha nar bhearn t’óghacht;

ceilt chóire na gcneadh gcroidhe

ret óighe is eadh altoighe.


38 Beag dtarbha tagra a chána,

goin chíogha is cairt shíothchána,

fa láimh ríogh do réidhigh roinn

gach gníomh dar éirigh eadroinn.


39 Mór na tiodhlaigthe thug dhi

a n-agháil gérbh fhiu Muire

- bean ríogh nír chóir gan choibhche -

ar ndíon ar óigh d’éanoidhre.


40 Dá ghrás féin ní fada rug

neimh chneadh far chneasda dearmud;

neimh ghon ler fhóir an uile

cóir an col trer gcomhdhuine.