firstLine"; ?>

1284. Mairg nach tathaigh na tratha $
Length: middling 25qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1225 (D/ii/1) Bk of Ui Mhaine c. 1394
Prints:
  1. transl McKenna DDe no xxiv
Motifs:
  1. Envoi to saint (BVM)
  2. imagery for Christ
  3. Christ’s Crucifixion
  4. Eight (or Seven) Deadly Sins
  5. Eight Virtues
  6. Litany
  7. saying the Hours
  8. poetry offered to God
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (RIA1225)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg nach tathaigh na trátha


[McKenna, L.: Dán Dé: The poems of Donnchadh Mór Ó Dálaigh, and the religious poems in the duanaire of the Yellow Book of Lecan, Dublin, 1922, poem 24]


Donnchadh Mór Ó Dálaigh


1 Mairg nach tathaigh na trátha

d’airichill lae an Luanbhrátha

[. . . . . . . . . . .. .] ar orgail as

mar do orduigh an eaglas.

2 Ocht dtrátha ar atach árach

[ . . . ] na n-ocht ndubhálach

na trátha as críochadh crábhaidh

díochur gacha dhubhálaigh.

3 Príomh i n-aghaidh craois ní cealg

an Teirt ’gá maithtear móirfhearg

an Meadhonlaoi is leis laghthair

feis re gach mnaoi malachdhuibh.

4 Nóin dhíolas shaint mar shaoilte

Easbarta ag díol dearchaointe

Coimpleit dúinne gabhaidh greim

i n-aghaidh tnúidhe mar thuirmhim.

5 Maoidhmhighe agus meadhar bhras

an Iairmhéirghe dhúnn dhíolas

is Matan dhíolas deabhradh

díomhas agus droichreabhradh.

6 Is iad sin ocht n-airm diabhail

ocht gcoire an chuirp [dhímhia]naigh

budh marbh an té gus a dtair

dá mbé gan arm ’n-a n-aghaidh.

7 Gabhaim-ne arma oile

do chosg diabhail dheamhnoidhe

na hairm as airm dhamh ’n-a dháil

ca chan gan a n-ainm d’fhaghbháil.

8 Aoine i n-aighidh craois an chuirp

foighide i bhfeirg ’s fhearr d’iarmuirt

druim re mnaoi bhfalaigh bhfoltchais

i n-aghaidh an adhaltrais

9 Déirc [’s ní] saint is sí sgaoileas

Easbarta [dhil díochaoimheas]

fáirchleas nachar dhainimh dhúinn

bráithreas i n-aighidh n-iomthnúidh.

10 Cunnlacht [’s ní] maoidhmhighe a-muigh

uirísle i n-aghaidh n-uabhair

is iad sin iarum na hairm

do bhir ar dhiabhul deaghmhaidhm.

11 Go [ndearna] meise maidhm mór

ar dhiabhal go n-a dhubhshlógh

[. .]. .ar ucht soighníomh sinn

coimhlíon na n-ocht n-olc áirmhim.

12 An tseanmhóin is an tsaltar

dom dhíon ar mac mallachtan

cros leagdhonn Dé agus a dhealbh

go mbé eadrom is Ifearnn.

13 An traigh i dtá an t-áladh

ar Ifearnn dom iomnághadh

sguchaidh [na] deamhna dom dhruim

an dearna othair adhraim.

14 An taobh i n-a dtugsad guin

shaorfas mé ar muinntir ndiabuil

folt craobhchas Dé fá ndheimsibh

shaorfas mé ar a mhuinntirsin.


15 Go mbeam go díleas daingean

i n-aontaidh na n-árchaingeal

i n-aontaidh na saor ’s na slógh

i n-aontaidh naomh is naomhógh.


16 I n-aontaidh gach aos móide

i dteaghlach na Tríonóide

i n-aontaidh gan fhíoch gan fheall

i n-aontaidh nach fríoth foircheann.


17 I dtoigh nimhe na naoi ngrádh

[tugadh] mh’anmain go hiomshlán

[gaibheadh] i n-ar [n-aiteagh] inn

faiceadh cluineadh a gcuingim.


18 [. . . . . . . ] gá dtá an teach

m’abhallghort bu[idhe] bileach

mo cheas beach mo chruach mo chrann

mo theach mo thuath mo thearmann.


19 Mo theampall ós thigh cille

mo cheall ós chnoc dílinne

mh’fhinnbhile craobhshlat [ós] chill

Aonmhac inghine Iaichim.


20 Leanabh lánamhna Parrthais

ubhall olc an iomarbhais

crobhang crosach na gcnó ngeal

ní tosach dhó ní deireadh.


21 Itche iarraim ag luighe

’s ag éirghe ar Mhac mhórMhuire

gurab séad i ndáil Dé dhamh

gidh éag tháir mé gidh marbhadh.


22 Ní haisgidh airgid ná óir

iarraim air ar mo sheanmhóir

ní [. . .] ní baile ní ba

[. . .] ar fhaire mh’anma.


23 Mairg thréigeas trátha Muire

’n-a baisghile bharrbhuidhe

cúl slatach mar shnáth [n-óir]

cách ’gá hatach ’gun altóir.


24 Altóir eaglasa neamhdha

muime Meic ar dThighearna

máthair Ríogh náraigh nimhe

síol nÁdhaimh ’n-a himpidhe.


25 Impidhe Muire ar a Mac

gur aince inn an óghshlat

[ar] fháilte an teaghlaigh thoghdha

ar na deamhnaibh dubhghorma.