Poem in printable PDF format
Mairg nach
tuigeann bheith go maith
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 12]
Giolla na Naomh
Mhac Eochadha .cc.
1 Mairg nách
tuigionn bheith go maith;
mór gcéim arar
bhraith a lán;
níor fhéd misi
scur dom uaill
go ttugas cuairt
eidir chách.
2 Máirt Chásg do
héirgheadh a-mach,
níor thuig misi
mo char féin;
luath go muir
gach éigne ar uaidh,
fillfidh mé go
luath tar mh’éis.
3 A gceann Aodha
nár smuain feall
díreóchthar leam
m’eang ar-ís;
mac Seaáin ar
gcara gnáth
a n-aimsir cháich
do dhul dínn.
4 Mac Duirinne,
gruaidh mar rós,
nach abair glór
’na ghlór bhaoth,
ós é féin as
buaine maith
fillfidh mé ar
m’ais go hAodh.
5 Do dhul go
Mumhain Mic Con
ag so an lá do
thogh an fáidh;
ó mhac Seaáin as
buan rath
níor chóir dol
a-mach san Mháirt.
6 Muirn gach
iarla dámadh leam
ar ndul don
mhaith san cheann chaol
ós dó as treisi
mo thoil
fearr liom bheith
ag troid re hAodh.
7 Díon mh’anma-sa
ar gach péin
ar mhac nDé [is
naomhtha an t-ainm]
nár bheana dhíom
dul ’na thoigh,
bheith a-moigh ós
mó ná mairg.