firstLine"; ?>

1287. Mairg neach doni dearbhaile $
Length: short 8qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Thanks mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry trscr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. text MD i, no. 18
Motifs:
  1. poet invoking blessing
  2. patron’s liberality to a poet
  3. Proverbs
  4. Teach Tabhairne ? (inn)
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Giolla Cuibhneacht
Patron Surnames:
  1. O Ceallaigh
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg neach do-ní dearbháile


[Thomas F. O’Rahilly: Measgra Dánta I, poem 18]


Tadhg Óg Ó hUiginn


1 Mairg neach do-ní dearbháile,

fearr Críost ioná gach cara;

mar theagaid na gearrláithe,

teagaid na láithe fada.


2 Mairg neach do-ní a thaisgeadha,

féaghar leat mar atú-sa;

guth beag is é aitheanta -

“Ní thig ní san dorn dúnta.”


3 Barr na coille ceanntruime

gidh lór a threise thuiteas,

féaghar leat, lá Bealtaine,

an géagach dosach duilleach.


4 Mar ránag an caladh-sa

soir go hochras na n-airdtreabh,

níor mhaireastar agamsa

lón aonoidhche dom airgead.


5 Do-chí sin an Saoirbhreathach,

Íosa Críost, ceann an phobail;

seabhac gléghlan Gaoidhealach

do chuir chugainn dár gcobhair.


6 Gidh mór d’fhearaibh sochraide

fuaras ó aois mo leanaibh,

mó do fhuaslaig orainne

Giolla Cuibhneacht Ó Ceallaigh.


7 Ó Ceallaigh, mo chompánach,

cuimseach mé ar an bhfial bhfaoilidh,

go mbeire buaidh gcomhdhála

ó dheamhnaibh is ó dhaoinibh.


8 An gcéin mhairfeas Éireannach

agus coimhéaltar cairdeas,

madh mise bhus déidheanach,

ní ba hí an mhalairt mhairgneach.