Poem in printable PDF format
Mairg théid tar
toil a athar
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 40]
Cormac mac Taidhg
Bhallaigh Uí Dhálaigh .cc.
1 Mairg théid tar
toil a athar
ar a ghoin gidh
bé as bhreitheamh;
eagail a fhearg
uan d’fhiochadh,
criothar dhearg
fan buan beithear.
2 Dlighid clann
umhla d’aithribh;
an umhla an t-ann
nach foighthir
cuimhne gaoil
dóibh ní dlighthir;
sirfidh cóir
taoibh is troighthigh.
3 Ní sgaoilfe
síoth dar snadhmadh;
go bhfríoth dar
dtaoibh-ne turbhadh
do-ghéabhtha i
mbais Dé a dhearbhadh
dá ndearnadh sé
ar crois cunnradh.
4 Gur guais
deaghail re díoghain
fuair do
chneadhaibh fan gcánaidh;
a searg mar sin
ná saoilidh
fearg fhaoilidh
fhir an álaidh.
5 Súil [linn] aga
ar n-a oighidh;
madh fada sinn ar
slighidh
cóir do dhearg
cíogh dar gcobhair
ní fhoghain fearg
ríogh righin.
6 A bhiodhbha as
ní [hogail],
glas ar a
dhiomdha druididh;
maith do-cháidh
críoch an chogair
síoth cogaidh
cáigh do chuidigh.
7 Leanfaidh chóir
na ndealg ndomhan
an leanb ag óigh
do hoileadh;
dána [ó] luing na
bhfear [bhfaladh]
[aghadh] ar
thuinn cneadh gcroidheadh.
8 Téid ar each
croinn ler chaomhain
an fear do choill
an gcánaidh;
rug a ghaol ar
ghuin aoinfhir;
saoilidh gur
shaor fhuil Ádhaimh.
9 Faill sa taobh
thinn nír thugtha;
a ghaol do fhill
dá n-eachtra
sreabh chiuin don
fhuil-se an ochta
cuisle [bhactha]
an riuidh reampa.
10 Dáil san
aongha ní fhuighbhe
- caomhna cáigh
is dá cuibhdhe;
bheith dhí gan
fhior gan oidhre
ciodh far
dhoilghe trí thairnge?
11 Do dháil a
fhuil go humhal,
a ghuin ní tráigh
gan toradh;
mairg fhear
do-cháidh dhá gcuireadh
fuigheal áir na
bhfear bhfaladh.
12 Bíodh gur
dlighidh ar ndaoradh
síodh san
slighidh dhar seoladh;
gidh bé thall
díon nar díoladh
ríoghan ann re
díol deoradh.
13 Oiltir lé
aonmhac óighe
ler saoradh na sé
líne
ní ghabh sein
díol, [a] dhaoine,
aoighe ríogh go
gcneidh gcíghe.
14 Gur bhac a
fhíonfhuil d’iarraidh
glas ar a
dhíoghail dúinidh,
rug sein an
bhfeirg re fánaidh
neimh álaidh
dheirg an Dúilimh.
15 Mór re a íoc
teinne an tairnge
síoth rinn-ne gé
do-righne;
nír dháil rí
duais budh doilghe
guais t’oidhre i
gclí dar gcinn-ne.
16 Tug an cíogh i
n-a gceanaibh
a ndíon mar rug
do roghain;
trí thráth i
n-uaigh dot oidhir
doiligh fhuair
cách do chabhair.
17 Fuair tríonn
créachta nar chubhaidh;
a n-éarca do
dhíol dlighdh;
do dhearg [sé]
teallach troighigh
d’oidhir Dé
ceannach cinidh.
18 Síoth im chion
féin nach fuighinn
a-né as críoch
d’fhior a fhulaing
i nguin fir
fríoth dar bhfoirinn;
do thoirinn sin
fíoch th’ubhaill.
19 Tug t’oidhir
seal dar séana;
ar dteacht do
shoighin shíodha,
bíoth gan éacht
ríogh do rádha
gníomh dána
créacht an chíogha.
20 Feis chabhra
cáigh do cheangail
an fáidh ler
snadhma sloinnidh;
tig sin ’n-a
suirghe dhaingin
fuighle an aingil
ribh roinnidh.
21 Crú an taoibh
- ní beag an baoghal -
ar ngaoil do
bhean a bádhadh;
fada sibh uam it
éanar
gér dual féaghadh
fhir áladh.
22 Long cíghe im
choinne cuirthear
coinne ar sídhe
go snadhmthar;
go buain t’oidhre
dhar n-iomchar
tiomchal cuain
oirn-ne is anfadh
23 Ar chneadhaibh
ní cóir cuimhne
ó ndeachaidh
sláin ’n-ar seilbh-ne;
slán ó ghuin an
fear foirne;
ná lean oirn-ne
fhuil th’eidhre.
24 Cuirfidh i
gcéill far gcabhair
Muire dá mbé ar
mo bhuidhin
dalta glún don
óigh th’oidhir;
cóir troigidh ar
gcúl cuiridh.
25 Suirghe
do-chóidh ’n-a chéile
fuighle as ar
dhóigh ar ndín-ne;
cionnus libh
liamhain óighe
is t’iarraidh
cóire i gcneidh cíghe.
26 A [réalta]
eoil ar n-ealbha
ná déana chóir
far gcomhdha;
leig síneadh id
dhigh diomdha,
iomdha id thigh
fírfhear foghla.
27 Fáth as ar
dhéanta ar ndearadh
Éabha led ghrás
do gabhadh;
iomdha ar neamh
tí do tileadh
nár thileadh dhí
achd fear faladh.
28 Fagh síodh a
fhaladh uadha
an cíogh do
tolladh trín-ne;
gach guin eile
mar fhóire
t’óighe as luibh
cneidhe cíghe.
29 Páis t’oidhir
do thaobh toile
do shaor ón
oighidh t’fhine;
do fhear tú
t’fhuil don uile
do bhuille sguir
crú an chridhe.
30 Tairg
ríghtheach Dé gan dúnadh;
bíthear do réir
na ríobhan
triall go hóigh
ar gach aoinfhear;
dóigh aoigheadh
riamh gach ríoghan.
31 Ní mó
d’fholtaibh trí thairnge -
gontair an cíogh
dar gcoimhdhe;
cóir do-gheabh sé
ler seilbh-ne,
fear na seilbhe
is é an t-oidre. Mairg.