Poem in printable PDF format
Mairg thréigeas
inn, a Amhlaoibh
[Brian Ó Cuív,
Celtic Studies: Essays in memory of Angus Matheson, ed. J.
Carney and D. Greene, 92-8]
A poem attributed
to Muireadhach Ó Dálaigh
1 Mairg thréigios
inn, a Amhláoibh
an ghuirt úaine
ubhallmháoil,
giodh mór do
ghnáoi ’gus do ghráin
ní lór mur táoi
’gum thógbháil.
2 Fiche
loilghioch budh dleacht damh,
searraigh urlomha
Alban,
rogha gach fóid
challúir cháoimh
ód mhallshúil
óig, a Amhláoibh.
3 A Amhlaoibh, a
fhabhra donn,
ní buidhioch inn
dot fhearann,
bheith aguibh ar
Aird na nEach,
mairg do chagair
mo chuibhreach.
4 Ní currach ní
críathrach bog
do dhleisinn
d’fhagháil agad,
cuid don chill do
dhligh duine,
a ghil fhinn, dá
almhuire.
5 Munab áil leat
ar mo láoidh
crodh is
fhearann, a Amhláoibh,
bean th’fhearann
is íoc an crodh,
ní dhleagham
dhíot do dhomhan.
6 Cuir fiche
loilghioch ar láimh
go ndearnoinn
t’fhearann d’fhágbháil,
sirfiod ionadh, a
chíabh cham,
ór siobhal ríamh
do-rónsum.
7 Do thogras
imtheacht uile
úaibh, a
chneasbháin chúlbhuidhe,
do bhoing ré
hÉirinn n-ealaigh
go cloinn
méirsheing Muireadhaigh.
8 Ní nech úaibh,
a fholt na ráon,
do fhosd mé acht
an mórmhaor,
tearc don tslúagh
nár fheall orm-sa
acht an sdúagh
sheang shúlmhall-sa.
9 [Fiche] bó
ionnlaogh áloinn
dhamh ód ghnúis
mur gheallámhoinn,
[baile] sáor a
Srath Leamhna,
rath táobh ris an
tighearna.
10 Buar is mean
is mál bracha
fúair meisi ó
mhac Arbhlat[ha]
maith an fear agá
bhfoghar
mean is braith is
bóthoradh.
11 Maith an treas
a-táthar sonn,
dá airghi
d’airghibh agum,
a Dhé do
mheisnigh mheathaigh,
dá sheisrigh do
sheisreachaibh.
12 Ó’d-chualuis,
a chúl na sgath,
mur fúair mé
mórmháor Leamhnach
fásaidh, a chúl
barrlag bog,
tnúdh agas farmad
ionnad.
13 Cuimhnigh
clann chúlchas Chonghail,
maith th’aigneadh
rét ollamhnaibh,
clann Ghofraidh
cuimhnigh ’mad chuing,
a Mhuimhnigh
shochraidh shéghainn.
14 Cuimhnigh ós
cionn do leanna
Lughaidh mór mac
Oillealla,
cuimhnigh Oilill,
a athair,
ós an mBoirinn
mbráonsgathaigh.
15 Cuimhnigh Corc
mór mac Leamhna,
cathuidhe na
claoinTeamhra,
einioch Cuirc
Chaisil cuimhnigh
an fhuilt
mhaisigh mhíondruimnigh.
16 Do iadhsad
’mad t’aighidh ngil
na Muimhnigh is
na Mainigh,
na Mainigh is na
Muimhnigh
airigh agas
athchuinnghidh.
17 Dá ttugthá
uile dod áoidh,
a dhuine óig, a
Amhláoibh,
atád sáirfhir, a
bharr bog,
a-nall ré a
n-áirimh iomad.
18
<M>uinntior h’athar aithnidh damh
is muinntior
mhaith do mháthar,
<re>
sloinneadh liom-sa um láoidh,
a choinniol
fhionn-sa, a Amhláoibh.
19 Má thugas dúan
’na dúain bhinn
dhuid, a
Amhláoimh, a hÉirinn,
do láoidh, a rí,
a-nos do-ním,
ní bhí fros gan a
froisín.
20 Ní bhí bó
álainn gan oigh,
ní bhí gamhnach
gan ghamhain,
dúan mholta linn
gona láoidh,
a chorcra fhinn,
a Amhlaoibh.
21 A Amhláoimh, a
chais chorcra,
a chara ’s a
chomhalta,
th’éigios baird
as binn a láoidh,
mairg thréigios
inn, a Amhláoibh.