firstLine"; ?>

1292. Mairg uaisligheas an eigse $
Length: long 37qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
  2. Mayn. B 8 Heinri O Carraic 1701-8
Prints:
  1. transl. McKenna Iom. no. xxx
Motifs:
  1. criticism of other poets
  2. prowess in war
  3. caithreim, list of triumphs
  4. fertility under true kings
  5. reim rioghraidh
  6. High-Kingship (Feis Teamhra)
  7. historical allusions
  8. allusions to Ruaraiocht
Apologue Subclasses:
  1. Clann Rughraidhe save poets from exile
  2. Arrival of Milesians
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mairg uaisligheas an éigse


[McKenna, L. Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21, 1918); no. 30]


1 Mairg uaisligheas an éigse

saobh an cheard a coimhéidse

d’uaislibh an tsluaigh bhladh-aird bhinn

ra-mhairg do chuaidh na coinntinn.


2 Olc chuimhnighid na cliara

a muirn méad a soi-mhiadha

a ró dísle ag díon gach fhir

do shíol an Ír-se ar uairibh.


3 Éagcóir d’fhearaibh an fheasa

nár chuirsead cuid coimhmeasa

síl an phór-chroinn ó Phurt Breagh

na n-ucht mar mhór-chloinn Míleadh.


4 Do bhean Ír díobh deimhin leam

tosach ag tadhall Éireann

ag tocht sonn tar goirm-linn gloin

coimhling long ag na laochaibh.


5 Don bhaoghal do bhí san ráimh

do báidheadh fa beart dhiombáidh

rí a aicme an glan-fhallán geal

Manannán maicne Míleadh.


6 Éan-mhac Ír d’éis a athar

beag nár bhuan an deonachadh

fan mBanba ag déineamh a ndál

tarla Éibhear na ógán.


7 Do léigeadh dhó dia do mhaoin

an cóigeadh mar chuid macaoimh

ar síodh do dhéanamh don droing

’s ní ghéabhadh Íor a n-abraim.


8 Ér Orba Fearghna Fearón

Lughaidh Éibhear Éireamhón

d’fheidhm comhlainn re ceathaibh sleagh

ag comhroinn ceathair gcóigeadh.


9 Sliocht Ír bhós do bhídís sin

ós cionn Éireann ar uairibh

sgéal na n-óig-fhear gach laoi linn

’s do bhaoi a gcóigeadh gan choinntinn.


10 Ar chloinn Ír do léaghadh leam

móide as ciontach cliar Éireann

fa chrích shrothaigh Bhanba Breagh

sochair amhra lé n-áireamh.


11 Sgotha fíona i ngach fairche

fiche bliadhain buan-fhoirfe

d’Fhiacha Fhíonsgothach i dteann

níor dhíosgothach iatha Éireann.


12 Leis do rinneadh ní rún tim

feis Teamhra ar tús i nÉirinn

Ollamh Fódla flaith shochair

maith lé fógra ar Ulltachaibh.


13 Múr d’ollamhnaibh innse Fáil

leis do tógbhadh tuar iomráidh

snaidhm na bruighne buan an mhaoin

truagh gan chuimhne ar an gcomhmaoin.


14 Cách gan teidhm galair gan ghoimh

fiche bliadhan beart sochair

maith do chuaidh do bán-fhonn Breagh

Slánoll an uair do hoirdneadh.


15 Goirtear ón lá-soin a le

tar an gcloinn oirdeirc oile

Íorland don tír ghlaisigh ghrinn

tre taisibh Ír i n-Éirinn.


16 Foghar téad i dteangthaibh cáigh

ocht mbliadhna déag ní diombáidh

Éire tonn-shrothach dá thoil

Géidhe Ollghothach d’Ulltaibh.


17 Fiche bliadhan is báidh leam

Fionnachta i bhflaitheas Éireann

tráth gan deacra síona sonn

sneachta fíona ar gach fearann.


18 Seasga bliadhan do bhí soin

re linn trí n-airdríogh d’Ulltaibh

gan bhéad ngéir-imnimh gan ghoimh

gan éin-inghin d’éag d’iodhnaibh.


19 Gan mheath cnuais ar choll ndatha

treabhtha tortha céadacha

seal Díothorba ar gach dionn

fa críoch-fhorba fhear nÉirionn.


20 Bean a hUlltaibh na n-eas bhfionn

do ghabh aird-cheannas Éireann

a los catha ar bhuadh ar bhlaidh

Macha ruadh ós na ríoghaibh.


21 Ní chlos éin-bhean aca sin

síol Éireamhóin ná Éibhir

le neart-ghoil céimeann nó cean

ós breac-mhoigh Éireann d’áireamh.


22 Tús ealadhna ar uaisle sean

i bhfiadhnaise mac Míleadh

do chím ó chiort na gcuradh

ag sliocht Ír a n-ordughadh.


23 Rann ar gach duain deimhin linn

duain ar gach ollamh d’Éirinn

tugadh lionn a luagh molta

uan do chionn ar gcosanta.


24 An lá nach leo teagh an trír

dlighid curaidh chlann sheimh-Ír

gasradh moirneach mhoighe Rath

roinn-leath toighe na Teamhrach.


25 An leath oile ag aird-rígh Breagh

’s ag ríoghaibh ceithre gcóigeadh

leath na Teamhra ní lór linn

do shlógh Eamhna mar uirrim.


26 Dá chéad bliadhan d’fhine Ír

ós chionn Bhanbha an fhuinn fhóid-mhín

gan acht neart aoidheadh orra

gan teacht d’aoin-fhear eatorra.


27 Gach díon clú gach céim sochair

dar áirmheas ar Ulltachaibh

’s na crothaibh a gcuala sinn

ní sochair fhuara d’Éirinn.


28 Sochair na saor-chlann oile

loch-mhaidhm millte machaire

síoth-mhagh gá tarbha na thuinn

do dhíoth-chor arbha an fhearainn.


29 Gibé a deir gur sochair sin

tomhaidhm locha léim inbhir

d’fhéachain buadh na saobh-shroth sonn

truagh nach aon-loch a fhearann.


30 Dá mbeith gomadh sochair sin

catha nó comhraic aoin-fhir

a los céimeann dteann dtachair

geall Éireann ag Ulltachaibh.


31 Cinnid a sluaighte ar séan gcneadh

tóicheasdal ceithre gcóigeadh

níor maoidheadh Ulltaigh san ágh

aoin-fhear d’Ulltaibh gá n-iompádh.


32 Slán cáigh go gcualadar soin

gur filleadh éan-shluagh d’Ulltaibh

ag dol siar ar séad n-eachtra

riamh le céad do chuideachta.


33 Airgthear le hUlltaibh na n-each

Dún Con Raoi fa réim uaibhreach

Durlas na gcliar Cruacha Chuinn

’s na tuatha siar go Sionainn.


34 Níor hairgeadh Eamhain Mhacha

le neart ríogh ná ro-fhlatha

iomdha fáidh ga dhearbhadh dhamh

nach dearnadh dáigh don dúnadh.


35 Mó as beag lé burba na bhfear

feidhm láimhe ceithre gcóigeadh

i rinn ghliadh i ngalaibh cath

riamh i n-aghaidh na nUlltach.


36 Ní beag leam do luadh a gcath

lámh dhearg Éireann Í Eachach

mór ngleodh gcinnte do canadh

innte d’eol na n-ollamhan.


37 Leath a gcuala níor chan mé

d’áireamh a n-éacht ’s a n-uaisle

bláth na gcleath ó Chlár Chumair

leath a n-ágh ní fhacamair. MAIRG.