firstLine"; ?>

1297. Maith an cairt ceannus na nGaoidheal $
Length: very long 51qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th mid
  2. 17th ult
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/2/2 17th cent. Niall McMhurich
Motifs:
  1. imagery for patron (lion etc.)
  2. description of armour and weapons
  3. qualities of character
  4. nobility of blood
  5. honours from English king (?)
  6. hosting
  7. fertility under true prince
  8. kingly functions
  9. execution of criminals
  10. legal terminology (coir, cairt, breitheamh)
Patron Christian Names:
  1. Giolla Easbaig
Patron Surnames:
  1. Campbell 7th(?) Earl of Argyll
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith an chairt ceannas na nGaoidheal

[NLS Adv 72/2/2, 3r; The poem is published, without the introductory prose, in William J. Watson, LL. D.: ‘Classical Gaelic poetry of panegyric in Scotland’, Comunn Gaidhlig Inbhir-Nis/Transactions of the Gaelic Society of Inverness 29, 1922, 194-235]

[Séadna, Dán Díreach]


A-ta an dán-sa ag trachdadh ar chóig neithibh airidhthe bheanfas re hIarrla Earra Ghaoidheal et rena onóir do reir sinnsirecht a shean 7 a dhaoine roimhe. An céidní .i. gach sdaighle 7 gach onóir budh coir do d’faghail on rígh 7 o uaislibh Alban. An dara ni .i. gac toitheasda[l] slóidh 7 sochuighe darab cóir freagra dhó a n-ám coguidh no easaonta. [An] .3. ni .i. mur gabhus se a chulaith chomhlainn et a dheise chatha uime a measg Ghaoidheal do reir fasuin na nGaoidheal et a shinnsior riamh roimhe. An 4. ni .i. mur do-ní sioth iar gciosughadh gac aicme et ar gcosg da esaonta et mur fhogras se a[o]s égcoir et ainndlighidh et lucht denta uilc feille 7 fionghuile 7 aos gaca neimhchertuis iar chena. An cúig(m)edh ni .i. gach soaimsioracht síne 7 sonuis eireochus rena linn amhuil as bés d’eirghe re linn deighriogh et na ndeaghuachtarán do thoradh mara 7 tire do thes 7 d’fheabhus aimsire d’iomad iasg ar inbhearuibh 7 cnuas ar coilltibh et do barr gacha maithis bhudh-dheasda.


1 Maith an chairt cennas na nGaoidheal

greim uirthe geb [leg. gidh bé?] ’ga mbi

nert slóidh san uair-si do arduidh

coir is uaisle a nAlb(h)uin í.

2 Ceannas Ghaoidheal mhoighe Monuigh

[is] maith an chairt chuirter le

cíos ó shlúadh goirmgreanta Gaoidheal

tuar oirbherta d’aoinfer é.

3 Cennus Gaoidheal maicne Mileadh

mana ratha ni réim mion

lucht coingleaca ós cháchr do chonnbháil

tuarr oirbheartar [see 2d?] d’foghbhail d’[fior?].

4 Cuirfed ceisd ar fher an eoluis

fa fhuil Ghaoidheal na n-eadh n-oir

cía ’ga bfhuil o chóir a gcennus

na sloidh o thoil thennus tóir.

5 Fuaisgheolad fein fáth na cesda [3v]

chuirter orm ni cruaid an chíos

cennus Ghaoidheal ’na chéim clechtuidh

ag aoinfher d’fein Breat(ui)n[aigh] bhios.

6 Giolla Esbuig iarrla Gaoidheal

glacus cairt cennais an tslúaidh

do bhi riabh [leg. -mh?] o chóir ’na chartaigh

riar an tslóidh gan antoil uaidh.

7 Do c(h)engladh a gcairt a s[h]inns(h)er

sealbh na nGaoidheal do dhul do

leis buaidh an duluinn ’s na daoine

urruim shluaigh ca máoine is mo.

8 Cennus Gaoidheal oilein Alban

aige a-ris bú[dh] riogha an chairt

do dherbh grios a ghruadh a ttacar

cíos a sluagh ar achadh Airt.

9 Damhna meanma do Mac Cailin

codhnac Gaoidheal ris do rádh

annamh tóir no ráon nach reidhidh

an chaor shloidh nar fheimidh ágh.

10 Leis ó chóir budh chennus riogha

rogha a seabhac sealg a sliabh

rogha a ccolg is a ngreadh ngoile

ar lórg a sean roimhe riabh [leg. -mh?].

11 Roga a(n) lúireach ’sa lann leabhar

leis ’na chóir budh cennus búan

congnamh sluaidh is each is eididh

buain a chreach ni fheidir úadh.

12 Leis rogha a séd ’s a ccorn ccumhduigh

cios an inbe[i]r iasg a loch

baird a múr tar ghairbhe a nglaistren

daingne a ndun ’sa gcaisdel chloch.

13 Sé ’na áirdbreithem ós Albain

onoir oile ’ga thaobh tais

a tig an ríogh gur ben braighe

fer dhiob gaca lámha leis.

14 Aireomhad fos cuid da chennus

cosg feill 7 snadhmadh síodh

as beg do crothuibh nac certuigh

cet crochuigh fa rechtuibh riogh.

15 Cur dlighidh fa dortadh fola

fuasgladh bra(i)gh[a]d(eg) o chuing chruaidh

dlighidh caingne 7 dion daoine

daingne (an) riogh an taoibhe a-tuaith.

16 An úair ghoirther a ghairm thionoil

teguid uime gasradh Gall

gairg [leg. -m?] fhir ó chrích gairbh na Gaoidheal

gan díoth airm ar aoinfer ann.

17 Cóir ar tús a gcur san chaithréim [4r]

clann Domhnuill chuige on tir thuaidh

na ferchoin as dána a ndoghruinn

ealchuing ágha an chomluinn cruaidh.

18 Aireomhad féin ferrde [an] echtra

ar muinn uaisle Innsi Gall

tig don nós-sin deabhtha is doghruinn

cethra tóisigh fhoghbuim ann.

19 Clann Giolla Eóin na n-écht n-aigmheil

iathuid uime crosfhal colg

síad ’na chenn o mhíonmaigh Muile

riograidh tenn na mbuilleadh mborb.

20 Sirthe slóidh fan gcedghairm chuige

ó Cenn Tíri na fedh fíar

tig a hÍle d’úaim a heachtra

líne slúaigh rer decra diall.

21 Clann Raghnuill uime ar dhoigh deabtha

diorma romher leitmhech láoch

ni réidh a n-echtra ar uair bfedmar

ealta sluaigh na meirgedhr máoth.

22 Fine Leóid na mbratach mbodhbha

bíd ’na thinol ni triall mall

ráon da n-eolus-soin fa anbhuain

Leoghasuig caor ármshlúaigh ann.

23 Go Mac Cailin ceann an tionoil

tig a Barraidh ’na mbroin bhúirb

ealtar sluaidhr [see 21d?] gan fhuireach n-uaire

drongr fhuilech is cruaide cuilg.

24 Clann Fhionguine ar inneal troda

teguid go laoch Locha Long

ferrdi a echtra d’uaim na n-oirear

ealta slúaigh na ccloidhemh ccorr.

25 Iathar uime d’ogbuidh Duimhnech

a ndáil deabhta ar diultadh síodh

fál túagh is lamha gan loige

don tslúadh dhána is groide gniomh.

26 Tig le meanma go Mac Cailin

cuirt deghlaoch nac sechnann sioc

coille chuir a fadchluimh féile

d’fhuil Artuir is Beinn[e] Briot.

27 Teghlach garbh fa Giolla Esbuig

da fhuil fein budh ferrde a briogh

a gclu ar cuimhne ni cheileabh

cru Duimhne gac deigfer diobh.

28 [...] fhoirnedh a measg a mhíleadh

do Mac Cailin is tus teinn

[cui?]mhni a recht ’ga maoidhemh mairidh

do nert Ghaoidheal gabhaidh gréim.

29 Gabhthar lais a lár na nGaoidheal [4v]

go grinneal ghliadh mur as dú

mana ratha da dheirc dhosuidh

beirt chatha le chosain clú.

30 Lé sen búaidhe fan mbeirt ghaisgidh

gabhuis léinidh shédhuinn shróil

d’úaim ghrinn budh decra do dhenamh

go sgim ealta n-énuidh óir.

31 Triobhus donnsroil gan chlaon ccumtha

cuirter uime móide a mhuirn

cenn an tslúaidh ó inber Abha

do sduaim ingen bhrogha Buidhbh.

32 Gabhus tráth fan troighthech mboinngeal

da bhróig chumtha uachtair óir

nac bacann leim lúidh no lámhaigh

a céim cúil ni tháruidh tóir.

33 Cuirter cotún choileir ordha

do hinnleadh do gres on Ghréig

fa leoghan lonn Locha Fíne

sonn catha gac tire a ttéid.

34 Gabhuis luiridh leabhuir lonnruidh

Lochlannuid nguirm ttaoibhghil dtréin

cruaidh sgeine ni mhill a maille

rinn sleidhe no ghainne ghéir.

35 Gabhuis sgaball bennchor bodhba

do bi ag Eachtair mor mac Príbh

a sgél ó Tráoi liom a línibh

do bhi ag Fionn ’s nior milidh mín.

36 Duinter uime re huchd catha

crios cathbuadhach nac taobh tóir

do derbh buaidh gac taobhr ’na tiomchall

go sginr chrúaidh go n-iomchur óir.

37 Cloidheamh re thaobh moide a meanma

mur Mac an Luin an ghleo gill

no colg cruaidh Osgair no Fhearguis

buaidh chosgair da ghealbhois ghrinn.

38 Gabhuis go gliaidh Giolla Esbuig

a n-aice an chuilg sgath an sgéith

budh relta slóidh go sén bfoghla

buaidh a hén da comhdha a ccléith.

39 Tegar chuige a bfreasdal feinneadh

feilm chatha go séla sroil

’ga mbi cinnte a n-eoil san iorguil

a heoin impe ar iomdhuigh óir.

40 Ar ndul do ’na dheisi catha [5r]

búdh céim curadh dul ’na dháil

ar mbúain tuinne a craoisigh comhluinn

’s taoisigh uime ar fhoghluim áigh.

41 Mar sin téid a ccenn a churadh

cuilén leoghuin Locha Long

damhna teithidh re gleo Gaoidheal

beithir bheo na ccaoilshleadh ccorr.

42 Ar ttecht dó ’na dheisi chatha

ni chonnmuidh cách a ghort ghliadh

ni éir ó shin aon ’na aghaidh

do-bheir taobh re chabhair chliar.

43 Ar ngabhail cennuis gac cinidh

cengluidh siotchain ’na sith bhúain

connmhuidh o shin reacht is riaghuil

do-bhir cert gan iarraidh úaidh.

44 Cenglaidh se gan cheilg da cheile

curaidh uaisle Innsi Gall

leigther da thoil geill a geimhlibh

ni fhuil dréim re eighribh ann.

45 Gloir na n-én fa oighre Artuir

a n-enfhoghar is ceol crot

gan ghaoth re bun a fuacht earraigh

ag cur chuart fa chennuibh cnoc.

46 Re linn leomhuin Locha Fíne

fiodhbhuidh lupa o chnuas na ccrann

tig don tes ar tí a thaghaill

nac bí eas ar abhainn ann.

47 Tainig d’iomad iasg na n-inbher

gan úid[h] duine ar denamh lín

lor da moladh mana rechta

toradh mara ag techta a ttir.

48 Ealbha fhiadh is beich da mbuaidhread

fa bhun gach beinne is tuar tnúidh

learga tuar o tharbha taguidh

fa dhúal arbha abaidh úir.

49 Cloidhemh cruaidh cosnamh an lagha

nac lubann le cealgaibh cáich

da ngoirther iarrla o Earr Gaoidhil

ar cenn riaghla ar n-aoinfhir áigh.

50 Do-ni iarrla aicmi Duimhne

[sd?]iobra feille is fogra a n-uilc

croidh[e] mer gan cungac[h] [leg. cumh-] ceille

fer do chumhdach cleire ar chuilt.

51 Do fhoghluim tú as do thosach

na tri treidhe is ferr ag flaith

iomchar goimhe go huair fedhma

croidhe cruaidh is menma mhaith.