Poem in printable PDF format
Maith an
ceannaighe Cormac
[McKenna, L.:
The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 4]
Tadhg Dall Ó
hUiginn .cc.
1 Maith an
ceanduighe Cormac
mac Céin dá
gclaon iobhurshlat,
lámh thabhartach
um cheann gcruidh
malurtach as
fhearr aguibh.
2 Re linn
Chormoic ní cluintir
fear a mheallta a
malairtibh
bheith
soimheallta as sé do-bheir
dá ghné
hsoineannta hsoilbheir.
3 Mac Céin na
gcéimionn ndocrach,
móide as mhaith
an malartach,
sduagh dhaoineach
ó bheannaibh Breagh
meallaidh gach
aoinneach eisean.
4 Féach an fearr
iomlaoid oile
ná in mhoirn
tsuthoin tsíorruidhe
téid don fhlaith
ionfhuair fhaoilidh
ar mhaith
diombuain díomhaoinigh.
5 Gearr do
mhairfeadh na maoine
bronntar le
flaith Formaoile
’s pudh buain na
molta ar marthoin
dá ghruaidh
chorcra chomharthoigh.
6 Ní mhairfeadh
bleidhe ná brat
dá bhfaghoid cách
ó Chormac
ná arm áigh
craoibhlíne cuir
aoinmhíle a-bháin
do bhliadhnaibh.
7 Ní mhairfeadh
éideadh ná each
ná feilm
loinnearrdha líneach
ná beirt
mhaothghorm tsróill ngloin
ná saorchorn óir
ildealbhoigh.
8 Dá measdaoi
maith an domhuin
as sé críoch a
gcualubhair
ní bhí acht an
moladh a-mháin
ní don domhan
acht díoláimh.
9 Maith an
ceannuighe an té tug
bláth diombuan
dúisgeas formud
fada ón bhláth
tocht a thoraidh
ar sgáth mholta
mharthonaigh.
10 Maith an
ceannuighe an fear fuair
ar bhréig
ndiomolaidh ndiombuain
díoghrais mholta
buain bhaluidh
a n-uair obtha
dh’ealadhuin.
11 Maith an
ceannoighe cheandchas
an uair as mhó an
maitheamhnas
an maitheas ar a
mbí a bhrath
nó an ní
chaithios do cheanduch.
12 Do bhí dh’echt
ar Ó nEadhra
do thaobh a ghlún
ngeineamhna,
fir neamhdhochda
nar náir cruth,
deaghmholta cáigh
dho cheannuch.
13 Ní fhuigheadh
Cormac mhac Cein
- córuide in
éigse dh’óighréir -
tráth as
neamhdhaoire ná a-nos
na deaghlaoidhe ó
chách cheandchos.
14 As sé a bhfoil
ar feadh Bhanbha
oirne ag iaroidh
ealaghna
d’uaislibh chláir
bhraoincheannsa Bhreadh
aoinphearsa
a-mháin an mhíleadh.
15 Céd urdoil a
bhfuighthi a-niodh
ar ghrés fromhtha
na bhfileadh
rachaidh orthoibh
uair oile
ó onchoin
Bhruaigh Bhóroimhe.
16 As sé an uair
as saoire soin
’s as teirce a-tá
gá iarroigh
sgotha dána
gnénuaidh ghloin
énuair as chára a
charrthoin.
17 Ó a-tá in dán
neamhdhaor a-niodh
biaidh lón nach
éidir dh’áireamh
ma slán
tarngortaigh Chláir Chrot
d’aghmholtaibh
cáigh ag Cormac.
18 Biaidh
oirchill re haghaidh cáigh
an uair as usa a
bhfagháil
d’éis
taisdioluigh tholcha Breadh
d’aisgeadhaibh
fromhtha Féindeadh.
19 Maith fear
do-rinde roimhe
thallód a dtús
aimseire
oireichil a
samhla sin,
roibheithir
chalma Chaisil.
20 Do-rinde Modh
Néid nárach
a hsindsior maith
mórdhálach,
rí Mhoidhe
coirmtheinn Chodhoil,
oircheill oile a
ionshamhoil.
21 Do-chonnairc
fís fada ó hsin
ríoghan Mhodha
Néid neimhnigh,
’n-a hinnisin ro
bhí brígh,
indisidh í dhon
airdrígh.
22 Tarfás don
mhnaoisin Mhodha
seacht mba binne
bláthmhara
da-chí an
fionnchrodh soiléir seang
a dtiomchol
oiléin Éireann.
23 Tarfás fós dí
’n-a dheaghaidh
ón bhuar
shuaithnidh shítheamhail
gach magh fionn
collbhán corcra
lomlán do lionn
leamhnochta.
24 Tarfás dí a
ndiaigh na tána
seacht mba eile
urghránna;
adhbhur teadhma
teacht orrtha
na seacht seanbha
siabhurrtha.
25 Go bhfuighlibh
goirte garbha
go n-adhurcaibh
iarnamhla
fraoch orra mar
ealtoin sgean
go ndearcoibh
tolla teineadh.
26 Nír fagbhadh
leadhb ar láthair
don tánaigh óig
iongnáthaigh
ón tána
cheinnmhir chalma
ngránna neimhnigh
nathardha.
27 Breath na
haislinge ass é a fhíor,
rug Dearg Damhsa,
draoi an airdríogh,
an bhreath
chathardha dar chreid
a ratharbha
asd-teach táinicc
28 A-dubhairt an
draoi “ar dtosaigh
as siad na seacht
gcédbhasoin
seacht mbliadhna
lomlán lachta
comhlán riaghla
is ríoghachta.”
29 “As iad bhós
na ba oile
seacht
ndaoirbhliadhna docroidhe
tír na ccuan
mbailbhlindte mbind
budh tuar
aidmhillte dh’Éirinn.”
30 “Íosoidh bean
a mac da muin
sénfoidh an
t-oighre an t-athoir
fa chlár
séimhsheang na sreabh nglas
ar feadh Éiriond
re hocras.”
31 “Déntar
uaibh”, ar Dearg Damhsa
“oirichil mun
adhbhursa
na céidbhliadhna
suil tí as-tteagh,
a ri géigniamhdha
Gaoidheal.”
32 “Ná gabh ad
chíos ná ad chánoigh
ó Leith Mhogha
mhórdháloigh
fan gcrích móir
mbraoincheinnfhinn mbuig
aoinphinginn óir
ná airgoid.”
33 “Ná gabh ó
chách ad chíos ríogh”
do ráigh ollumh
an airdríogh,
“a ghríobh fhial
mhoighe Mumhan,
acht biadh uile
d’éanmhonadh.”
34 Gach ní dhá
ndubhairt an draoi
re rígh Áine an
fhuinn ghégnaoi
do aontoigh é go
humhal,
sé d’aontoil an
ollumhan.
35 Tiad Muimhnigh
dá bhfógra féin
do mhac an
airdríogh d’éinmhéin
’n-a mbróin
chóirighthe um Chuan Dor
do luadh
fhóirithne a n-easbhadh.
36 Tugsad umhla
dh’Eoghan Mhór
d’éis a
dtírtheadh do thionól;
don tslógh fa
robhuidhe a riar
Conoire Mór is
Maicniadh.
37 Do bhí an
Mhumha fa Mhodh Néid
mar bhíos
eadchrann ós fhoighéig
fá
cheandoighiocht bídh tre bhioth
don
tseangoireacht mhín Mhuimhnioch.
38 Feirrde a
shíol ó shin a-lle
nar an re ham na
daoirse,
cneas
taobhthondghlan dá ttráidh muir,
saorchonnradh
cháigh do cheandoigh.
39 Aithris ar
Modh Néid do-ní
Cormac Ó hEadhra
in t-airdrí,
dias dar dual
fochondmhadh Fáil
fa shochonnradh
uan d’fhagháil.
40 Mac Céin nar
chaomhain doibheart
cóir a chor re
ceannoigheacht;
bláth fpóir
sheangfhola Shadhbha
ceandoighe óir
ealaghna.
41 Do ghrés glan
fhileadh bhfromtha
tarla sonn séan
gconnortha
dá shuil chuirr
mhongfhabhruidh mhir
ó ollamhnoibh
fhuinn Éimhir.
42 Go lá an
bhráich biaidh ar marthain
’n-a bharr shéin
is shobharthoin
don tslógh ó
bheannuibh Bladhma
ar cheandoigh
d’ór ealadhna.
43 Feirdi an
tráth tug dá aire
riar éigeas Fhóid
Laoghaire,
cion gach
aonduine ar ndol dí;
crodh gan
aodhuire an éigse.
44 Peandocht
éigeas innsi Fáil,
beannocht naomh
Éireann d’éanláimh
luach a
cheannoighthe as sé soin;
beandoighthe an
té le a ttuilltir.
45 Ar mhac Céin
cheannchas molta
do thuit bail na
beannochta
ó thrácht
mhaothbhuinn réidh rathmhair
go céibh
gcraobhthruim gcomharthaigh.
46 Ní mó a-niodh
ná ’n-a naoidhin
dúil cháigh ’n-a
chruth fhorbhfaoilidh;
fuair sgath
Luighne ’n-a leanabh
rath nach oighbhi
ar eileaghadh.
47 Do fagbhadh é
a n-aois leanaibh
ar mbuain a ghég
ngeinioluigh
gan aipdhioghadh
dá ghruaidh ngil
’n-a mhaicleanamh
uair éigin.
48 Ní raibhe
caomh ná cara
dílios don óg
armthana
sé a aonur a na
n-aghuidh
sé a mbaoghal gá
bhiodhbhadhaibh.
49 Do beanadh a
dhúthchus de
do beanadh bhós a
bhráithre
go raibhe saor
Thighe Táil
’n-a aon d’fhine
ar n-a fhágbháil.
50 Beantair
seilbh Luighne as a láimh
an tráthsoin
truadh in diombáigh;
tógoibhthear an
té nar dhligh,
fógairthear é re
haimsir.
51 Bliaghain ar
fhichid don fhior
nar shuigh sósar
ná sinnsior
do shíol gCéin
’n-a n-áitibh ann
gur áitigh féin
an fearand.
52 Táinig san
senágh síol mBloid
fíoch Cormoic in
tan tánoig
cland Chéin
asd-teach ní tugadh
a mbreath féin go
bhfuarudar.
53 Ésga lán an
leithe theas,
ní lughoide fuair
flaitheas
sé d’fhágbháil
’n-a aon d’fhine,
an chraobh ógnáir
oirnighe.
54 Ní dheachaidh
ag aoinneach air;
dar leat as leis
do bhádair
a raibhe a
n-aghaidh an fhir
ag faghail fhola
hÉimhir.
55 Mó ná rath do
rígh Luighne
cáin an tíre
tonnghuirme
d’éis na
bhfearchon ó Thigh Tháil
do neamhthoil
gach fhir d’fhagháil.
56 Nír thioghluic
Dia roimhe riamh
a bhus ná a
Mumhoin Mhaicniadh
rath an ríogh
dh’aoinneach eile
do shíol
daoineach Dairine.
57 Tús ratha
rogha dealbha
fríth leis a lló
a gheineamhna,
sduaigh
dhédnuaighe brodha Breagh,
rogha cédbhuaidhe
an Choimgheadh
58 Fríth dealbh
Chormoic ón Choimgheidh
d’égcosg agus
d’fhorfhuighlibh;
ó run dil go
dreich ngairthe
do bhreith Fhir a
n-ordoighthe.
59 Ó thrácht
puinn go céibh gcaisghil
ní bhí ball dá
bhalloibhsin,
rí an tsluaigh ó
Gháiridhe ghil,
gan bhuaidh
áiridhe éigin.
60 Buaidh lúith
ar an mbonn mbántais
nach léamhoid
lucht gabháltais,
buaidh gach
fheadhma ar an mbais mbáin
dearna thais acht
a tteagmháil.
61 Buaidh
mbreithre ar an mbél gcorcra,
dá ttig
buaidhreadh bantrochta;
buaidh gcéille ar
an gcroidhe mhear
ag céile Mhoidhe
Maisdean.
62 Tarrla dhó ó
Dhia nimhe
buaidh bhfírinne
is bhfoisdine;
fuair a ttighibh
na togha
buaidh n-einicch
is n-eangnamha. Maith an