firstLine"; ?>

1299. Maith an companach an dan $
Length: short 14qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry trscr. BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. transl. Breatnach, Eigse 31, 85
Motifs:
  1. patron’s attractions for women
  2. patrons’ liberality to poets
  3. grave site named
  4. poet’s own mourning
  5. Merchants
  6. poet’s companach
Poet Christian Names:
  1. sname only (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O Cuill
Patron Christian Names:
  1. David son of James
  2. Padraigin &
Patron Surnames:
  1. Barry(d.1604)
  2. MacMuiris (d. 1600) &
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith an compánach an dán


[Pádraig A. Breatnach, ‘A Poem on the end of Patronage’, Éigse 31, 79-88]


Ó Cuill cct.


1 Maith an compánach an dán,

ó fuair an mhaith bás ré a thaobh

níor áil leis gan imtheacht dh’éag

gé mór an sgéal iad araon.


2 Síol mBriain agus Clanna Néill,

ó fuair a maith go léir bás,

ris an maith i n-éinfeacht d’éag

créad as nach rachadh an dán?


3 Mág Uidhir is Brian Ó Ruairc,

a maith ó do chuaidh mar chách

[dís ó bhfaghmaois ar mbreath féin]

dá n-éis níor anta don dán.


4 Triúr mac Shéamais ó Thráigh Lí,

do bhrígh dá chur ina mbás

ag éigsibh Éirionn fa seach

nach ní leó teacht thar an dán.


5 An rísi Bhéarra go nua,

ó tharla ar ndul uaim anos

madh beag mór a mair don dán

ní ón mbás is dócha a dhol.


6 Ó Súilleabháin Mór ’s a bhean

inghean Chormaic na n-each luath,

tar éis na deisi do dhul

don dán dobudh guth bheith buan.


7 Rí Leamhna Mág Carthaigh Mór

Domhnall Óg do chardaois mná,

marthain dá éis gan dul d’éag

ní bhia mar sgéal ar an dán


8 Níor chompánach cóir an dán

muna bhfaghadh bás ’na ndiaidh;

i dteampall Bhréanainn na gclog

maith Mhuimhneach ar ndol fa chriaidh.


9 Ceól agus imirt is ól,

Mac Muiris do budh mór clú,

cosmhail ris an dán a gcor,

do chuadar d’éag dá dhol súd.


10 Ceannach fíona, ceannach each

leath ar leath maille ris an dán,

ón taoibhsi adeirim dá ló

ní mór nach bhfuaradar bás.


11 Pádraigín a mhac dá éis

ag seanLoch Léin gé fuair bás,

atáthar dá aithris air

a chion do dhul leis don dán.


12 Dá mbeinnsi im chompánach chóir,

an beagán glóir atá im chionn

do rachuinn d’éag mar mo dhán,

ga fearr dhamh cách dá chur riom.


13 Dáibhí mac an Bharraigh Mhóir

ní cóir gan a chur le cách,

do bhí an dán ’na ualach air,

an gcéin do mhair tarla lán.


14 Madh gearr madh fada mo ré,

an méid adeirim ó nach mair

is cuma liom cionnas bhias,

m’anam acht go mbí go maith. MAITH