firstLine"; ?>

13. A bhean fuair faill ar an bhfeart $
Length: long (39qq)
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Elsewhere (Italy)
Classes:
  1. condolence wp
Manuscripts:
  1. BrussBib.roy6131-33 Bk O’Donnells dau
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. RIA617(23/K/32)Cuch. OCleirigh c 1630
  4. RIA90 (24/P/12) O Clerigh school 17th c
  5. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
Prints:
  1. transl. (Celtica v,161-71)
Motifs:
  1. Patron’s caithreim
  2. general grief for patron
  3. Keening women at graveside
  4. Gravestone
  5. Resignation to God’s will
  6. Sea-voyage
Poet Christian Names:
  1. Eoghan (Ruadh) Bib.roy.6131-33, BOCD
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Nuala
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format


A bhean fuair faill ar an bhfeart


Eoghan Rua Mac an Bhaird


[Knott, E.: ‘Mac an Bhaird’s elegy on the Ulster lords’, Celtica 5, 161-171]


1 A bhean fuair faill ar an bhfeart,

truagh liom a bhfaghthaoi d’éisdeacht;

dá mbeath fian Ghaoidheal ad ghar

do bhiadh gud chaoineadh congnamh.


2 As fada go bhfuighthi an fhaill

dá mbeath thiar i dTír Chonaill;

láimh re sluagh mBoirche dá mbeath,

ní foighthe an uagh go huaigneach.


3 A nDoire, a nDruim Chliabh na gcros,

a nArd Mhacha as mór cádhos,

ní foighthe lá an feart ar faill

gan mhná do theachd fa thuaraim.


4 Ná a nDún na nGall fan mín muir,

ná a n-áras Easbuig Eóghuin,

ná a nEas Ruaidh as séimhe sáil

ní bhudh réidhe an uain d’fhagháil.


5 Tiocfadh ad chombáigh chaoinidh

bean ón Éirne iolmhaoinigh,

bean ó shlios bhinnshreabh Banna,

inghean ó Lios Liathdroma.


6 Tiocfadh an bhean ón Mháigh mhoill,

ó Bhearbha, ó Shiúir, ó Shionainn;

an bhean ó Chruachuin na gcath,

’sa bhean ó Thuathaibh Theamhrach.


7 Do hísléaghtha ó ingnibh sgor

an cnoc ’nar crochadh Peador;

ní bhiadh an teach gan gháir nguil

dá mbeath láimh re Fiadh bhFionntuin.


8 Ní bhiadh láimh risna leagoibh

cead suaimhnis ná sailmcheadoil;

ní bhiadh bearna gan bhróin mban,

na dearna im nóin gan niamhadh.


9 Dá mhac ríogh don fhréimhsin Chuinn

atá ar gach ttaobh d’Ú Dhomhnuill;

na trí cuirp ré a síneann sibh -

fírearr ar n-uilc a n-oighidh!


10 An dá chloichsin ósa gcionn

dá bhfaicdís ógbhuidh Éirionn,

ar aoi a líneadh do léaghadh

caoi ar míleadh do mhoisgéaladh.


11 Dias don triursoin tarla asttigh

clann Aodha, ardfhlaith Sligigh;

ua don Aodhsoin duine díobh,

cuire d’aostoigh na n-airdríogh.


12 Ua t’athar ar aoi a mháthar,

maraon red’ dís ndearbbráthar:

ní guth dhuit gan chéill ad chaoi,

a bhfuil nó a méin dá meastaoi.


13 D’éis Í Dhomhnuill Dúna ós Sáimh,

dá dtánuig tús bhar dtocráidh,

ní guth truime do thuirsi,

uille iná t’uch t’adhbhbhuirsi.


14 Triath Modhuirne, Mac Í Néill,

dá bhféaghthaoi a chraobha cinéil,

a chruth, a airdhe oile -

ní guth aidhbhle t’eólchuire.


15 Dá bhféaghthaoi gach aonmhaith ann,

mac ríogh ó gConaill, Cathbharr,

a los ghnaoi, nó ghníomh ngoile,

ga díol caoi bhudh chosmhuile?


16 Ní bhiadh baile ó thuinn go tuinn,

dá dtuitdís so a gClár Chriomhthuinn,

gan gháir bhfaoilte nó gáir ghuil

le gáir gcaointe nó chosguir.


17 ’Sna cathaibh do cuireadh linn

ag cosnamh Críche Féilim,

dá dtuiteadh duine díobh soin

robadh sníomh uile d’Ulltoibh.


18 Lá oirdhearc Átha Buidhe,

inar ládh leacht sochuidhe,

dá dtuiteadh uainn Aodh Ó Néill

don taobh thuaidh robadh tuirléim.


19 Lá a mbéal Bhealaigh an mhaighre

dá dtuiteadh triath Modhuirne,

bheith réidh dob aimhréidh d’iarruidh

ar dhaighfhréimh Néill Naoighialluigh.


20 A ló mhadhma an Mhullaigh bhric

ní géabhthaoi a nAodh mar éiric

na cairn d’éachtuibh muin ar mhuin

san mhaidhm ó éachdfhuil Eóghuin.


21 Laithe dóibh ag gabháil ghiall

ar sluagh a Mumhuin Mhaicniadh,

cionnas do géabhthaoi ag crú Chuinn

dá sgéarthaoi an chnú re a crobhuing.


22 Lá catha an Bhealuigh Bhuidhe

dá sgarthaoi rinn Rudhruighe,

do bhiadh gáir fhaoilte gach fhir

’na gáir chaointe aga chluinsin.


23 Dá dtuiteadh sé ón tír thall

a ló fhillte fian n-eachdrann

lá dob áille a nÁth Seanuigh

nír fháth gáire ag Gaoidhealaibh.


24 Lá a Leithbhior ’nar loiteadh sin,

lá ag Luimneach nó lá ag Gaillimh,

do-géabhtha mná caoine í Chuinn

lá Baoille nó an lá ag Liathdruim.


25 Dá dtíosadh a thuiteam dhe,

an lá do lingeadh Baile

Átha an ríogh, a fhian Éirne,

ní bhiadh bhar síodh soidhéinmhe.


26 Lá a nDoire ’nar dhearbh a láimh,

dá dtuctha leacht laoich Iomgháin,

do bhiadh t’éanghul ’na gháir ghuil

iar dtéarnamh dáibh ón deabhuidh.


27 Dá dtuiteadh sé re Síol gCais

lá troda re taobh bhForghais,

leis an sluagh ag teachta asteach

buadh na heachtra dob aithreach.


28 Lá a ndeabhuidh fá Dhún na nGall,

da bhfaicthi fuil re Cathbharr,

ba lór d’urbhuidh ar fhéaghadh,

slógh Murbhaigh do mhoithéaghadh.


29 Do ruaimnéaghtha ruisg ar niadh

dá dtuctha a leachd lá ar Coirrshlíabh;

dá dtuctha a leachd lá Sligigh

nír lá budh eachd d’fhhoighidin.


30 Nír bheag an léan ar Leith Cuinn

bás Aodha, oidhidh Cathbhuirr,

sgaradh do Rudhruighe rinn

rabhadh urbhuidhe d’Éirinn.


31 Cia an Gaoidheal nach guilfeadh libh

bláth fréimhe maicne Mílidh?

bhar n-oire cia ar nach cuirfeadh?

cia an croidhe nach criothnuighfeadh?


32 Díbir ar Dhia an dtuirsi dtruim

uait, a Inghean Í Dhomhnuill;

gearr go dtéighe ar séad mar soin,

féag na céime fad’ chomhair.


33 A láimh gcriadh ná cuir do dhóigh,

tuicthear libh, lór do sheanmóir,

do réir thagha an Tí ó bhfuil

go ragha gach ní, a Nualuidh.


34 Smuain an gcroich atá red’ thaoibh,

a n-áit do dhuilghis díomhaoin;

tóguibh don uaighsi t’uille,

fógair uaibhsi t’eólchuire.


35 Cuir, a Dhé, budh deasda an dtuinn

tar fhuighleach n-áir chrú Conuill;

ar chás ar loingbhrisidh luigh,

bás na foirneisin féachuidh!


36 Tóguibh láimh, a Mheic Muire,

le taighdeadh do thrócuire,

a n-aghaidh na tuinne a dtám,

do chabhair luinge ar leanbán.


37 Bíodh an t-uchd ga n-altrom so,

bíodh an lámh uaibh, a Íosa,

ag taltoghadh a dtaobh soin,

glantoradh ar gcraobh gcnuasaigh!


38 A ríoghan fhréimhe Dáluigh,

tánuig ón tuinn iombádhuigh,

nach rabh ní as sia a fherg ret’ fhuil

fagh ó Dhia, an Ceard rod chruthaigh.


39 Do shaoileamar, do shaoil sibh

dál cabhra ag clannuibh Mílidh

tréasan dtriar tarla san uaigh,

ag triall ó Bhanbha bheannfhuair.