firstLine"; ?>

130. A Thaidhg na tathaoir Torna $
Length: very long 66qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. RIA 1068 (24/P/13) 1621 Luan Taidhg
  2. RIA740 (C/vi/3) B. MacAodhgain 1633
  3. O’Gara MS RIA2 (23/F/16) (index)1655-
  4. RIA 236(B/iv/1)DODuibhgeannain1671+
  5. NLI G129 Conchobhar O Luinin 1676
Prints:
  1. transl. McKenna, Iom. no. iv
Motifs:
  1. Dinnshenchas (place-name lore)
  2. historical precedents
  3. citation of earlier texts
  4. allusions to Fiannaiocht
Poet Christian Names:
  1. Lughaidh (RIA 1068)
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
Patron Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire
Patron Surnames:
  1. MacBruaideadha
Apologue Subclasses:
  1. Ireland taken by sons of Mil
  2. Birth of Conn
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A Thaidhg, ná tathaoir Torna


[McKenna, L. Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21, 1918); no. 4]


1 A Thaidhg ná tathaoir Torna

’s gan é i n-alt bhur n-agallmha

re a mhac samhla is mairg do mheas

go ndiongnadh claon ar chairdeas.


2 Tug th’aire nach breith le báidh

do thagra féin ar Niall náir

id file do shíol Sadhbha

an Mumha is í th’athardha.


3 Ní mhair dhíobh is dá maradh

éin-fhear díoghalta faladh

éagnach shleachta Chuinn na gcreach

do budh lámh i nead naithreach.


4 Ní thuilliobh diomdha ón taoibh theas

síol gCuinn ó nach tig nar dtreas

fa chuimhne a gcomhramh nó a gcath

ag cosnamh teallaigh Teamhrach.


5 Clann Gholaimh na ngleo neamh-thais

ní chumgaim ceilt a seanchais

a gcatha a gcogtha ro chlos

léigfead díom mar do gheallas.


6 Éibhear Donn an dara fear

is Éireamhón Inse Breagh

dá cheann na loingse ag teacht dóibh

do dhíoghail Ithe ón Easpáin.


7 Clann éan-mháthar Éibhear Fionn

is Éireamhón ór chinn sinn

’s é ós ceann Éibhir gidh eadh

is Éireamhón ’na shóisear.


8 Iar mbáthadh Duinn na dtionól

gérbh’é an sósar Éireamhón

breith Aimhirghin an ghlúin ghil

a bheith a n-áit an tsinnsir.


9 Dá bhithin sin féacha féin

ar ghlór Thorna an beanta béim

a rádh go bhfuair Éibhear Fionn

ó Éireamhón leath Éireann.


10 Clann Chearmada ’na dtrí rígh

re hucht mhac Mhíleadh is tír

id cuimhneach cia le dtugadh

i gcath Tailltean torchradar.


11 Do mharbh Éireamhón fear dhíbh

mac Céacht do b’fhorainm don rígh

ó do mhaoidh tusa an treas fear

do thuitim díbh re hÉibear.


12 Iar sin don Éibhear chéibh-fhionn

bliadhain na leith-rígh Éirionn

más lór leatsa mar leath dhó

ó Bhóinn thoir go tuinn Cliodhna.


13 Is ainm tar narbh oircheas teacht

id léighionn dá leantaoi ceart

Hibernia ó Éibhear Fhionn

’s nach raibhe na rígh Éirionn.


14 Léighnidh dhúinne do dheimhnigh

Hibernus ainm an gheimhridh

’s gurab d’fhuacht Innse Banbha

fríth adhbhar an fhor-anma.


15 Atáid linn ’nar leabhraibh féin

ní dulta dhúinn tar a gcéill

dá adhbhar oile do bhean

ainm Hibernia d’Éibhear.


16 Adhbhar dá gairm d’Inis Fáil

sruth Hiber atá san Spáin

mar tharla re dteacht an-oir

mar dhúthchas ag Cloinn Gholaimh.


17 Nó oiléan i dtoirneann grian

d’Ibernia is eadh as chiall

focal Gréagach tigh is teagh

i ngabhalta mac Míleadh.


18 Ar áirmhis oruibh d’éachtaibh

do shíol Éireamhóin éachtaigh

a n-aghaidh a dtorchair linn

adhbhar diomdha dá n-áirmhinn.


19 Do mhaoidhis maith ré a dhéinimh

sochair Bhanbha ó fhuil Éibhir

ní hé a shamhail mhaoidhfeas mé

do shíol Éireamhóin uirre.


20 Mó as mhaoidhte ar iath mBanba

sochair dá dtárraidh tarbha

a haibhne a locha ma le

a mur-bhrucht mara a maighe.


21 Áireamh dhá fhichid a líon

ro mhuidh d’Éireamhón ’s dá shíol

d’aibhnibh Fódla is fiche loch

go dtáinic an Conn cathach.


22 Is aca i nÉirinn ar tós

do bearbhadh ór fa nuaidh nós

is rí do mhaicne an mhuirir

tug iol-dhatha ar éadaighthibh.


23 Triocha magh tugsad a coill

cumaoin oile ar Inis Floinn

gémadh é an mur-bhrucht mara

tárraidh an tOl-mhuchadha.


24 Ar shíol nÉibhir ní fhaghaim

gur mhuidh loch gur ling abhainn

ar a seal d’Inis Banbha

dar leat níor bh’í a n-athardha.


25 Acht seacht muighe a-mháin do bhean

Eochaidh mac Conmhaoil na gcneadh

na foirne as a bhfuil do theann

níor bheansad d’fhiodhaibh Éireann.


26 Dámadh do shíol Éibhir dhóibh

triúr as a ndlighfidhe dóigh

measaim go maoidhfidhe lat

Conn Conaire agus Cormac.


27 Sochair Chonaire chalma

is oirdhearc iad fan mBanbha

cidh dhúinn déanamh a bhfeasa

atáid ag aos ainbhfeasa.


28 Cormac breitheamh na mbreath bhfíor

é ro thracht teagasg na ríogh

ní faghthar ughdar as fhearr

ag dlighthibh aosta Éireann.


29 Do Chonn ní misde a mhaoidheamh

a chumaoin ar gort nGaoidheal

cóig príomh-róid go tigh Teamhra

fríth i n-oidhche a gheineamhna.


30 San oidhche chéadna ro chlos

léim Bóinne i bhfaghthaoi an t-iomus

is léim Chomair na dtrí sruth

is dá loch um loch nEachach.


31 Craobh Daithí is craobh Mhughna

eo-chruinn go gcnuasach chumhra

bile Tortan eo Rosa

fríth san oidhche chéadna-sa.


32 Fás a bileadh buain a fiodh

tomhaidhm a loch léim a sriobh

ar chrích Fodhla gá fearr cairt

do shíol Éireamhóin ordhairc.


33 Bean Éireamhóin iúl cuimhneach

Téa fhial inghean Luighdheach

do thógaibh Teamhair dá sliocht

go bhfuil aca na hoighreacht.


34 Tiomna Iughoine dá shíol

cairt oile ar Éirinn na ríogh

tar fhuil Éibhir an mhiodh-óil

atá ag aicme Éireamhóin.


35 Geallaid dhó uile i nÉire

fa ráthaibh éasga is gréine

sealbh na Banbha tre bith síor

dá shliocht gan fhuath gan éissíoth.


36 Rannaid a chlann nar mhuidh móid

ise i gcúig rannaibh fa chóig

trí céad bliadhan ro bhuí an rainn

gan cách do theacht tar tórainn.


37 Iar mbriseadh dá caogadh cath

Tuathal Teachtmhar triath go rath

fuair sé na rátha roimhe

ó chách mar fuair Iughoine.


38 Puirt oireachais Inse Fáil

leo cheana acht Caiseal amháin

d’fhuil Éireamhóin do dhearbh sin

sealbh Éireann tar fhuil nÉibhir.


39 Oileach na ríogh ráth Cruachna

Teamhair Breagh Teamhair Luachra

Nás Laighean Eamhain Uladh

othair seal na sean-churadh.


40 Ad-chí gach cúis fár chuir Niall

an-fhlaith i leith Cuirc na gcliar

mac Eachach nach obadh gleo

féach an oircheas a aithcheo.


41 Is é sin tug ar Thorna

’s ní báid re síol gCuinn gCnobhdha

mar do éisd re Niall go neart

’s ní dá fheirg tug an t-éisdeacht.


42 Comh-ghar dhúinne is díbhse theas

Ír ó bhfuil an tí gan cheas

ní ria Torna ón taoibh a-muigh

Luachair Deaghaidh a dhúthaigh.


43 Buidheach is beithte do Chorc

do Thorna fa bheith na thocht

nar chuimhnigh ar chuimhnigh sibh

do ríoghraidh shleachta Éibhir.


44 D’eagla go n-áiréamhadh Niall

ríoghraidh Teamhra thoir is thiar

cóir do ghabh Torna ré dtaoibh

do sheacht gceathrair nar chomhmaoidh.


45 Níor chinn ó Chorc mac Luighdheach

éin-rí do ríoghraidh Muimhneach

deacair dhuit tagra go teann

do ghabh oireachas Éireann.


46 Buidhean is treisir is céad ríogh

d’fhuil Éireamhóin is é a líon

i ndeaghaigh Néill is roimhe

atá san réim ríoghraidhe.


47 Tiomna Iughoine ar Éirinn

is Tuathail Teachtmhar d’Fheidhlim

Tug Niall an gcéadna dá chloinn

ria n-éag ar chathair Chrobhoing.


48 Réimeas ceathrachadh ’s ré ríogh

do bhí an tiomna-sa ghá shíol

sealbh na hÉireann ná hiarraidh

ar mhaicne Néill Naoi-ghiallaigh.


49 Ní maith liom a dhol ós aird

ort mar do thagrais a Thaidhg

go raibhe níos mhó na leath

d’Éirinn ag Eoghan Taidhleach.


50 Méad bhar n-aidhbhse is aithne dhamh

ar leith Mogha na múr nglan

nar mhaoidhis an Mhidhe ar Chonn

’s na cóigidh gan bheith comhthrom.


51 Gíbé do fhéachfadh orra

ar tús i dtráth a ronna

coibhéis dhá chóigeadh oile

cóigeadh chloinne Rudhruighe.


52 Do bhéara dhuit a dheimhin

féach sean-roinn shleachta Neimhidh

trí cuid go gcothrom ronna

do niad d’Éirinn eatorra.


53 Don roinn sin is eadh as trian

ó Bhóinn go Toirinis thiar

suaill ré mheas don iath-fhód sean

an bhfuil ann acht aon chóigeadh.


54 Roinn oile tarla ar an tír

idir shliocht Éibhir mhic Ír

bhar dtrí cúigidh curthar ann

rér ndá chóigidh i gcomhthrom.


55 Céad bliadhan ar bail o bhí

Eisgir na ronna-sa as í

ó Inbhear Colbtha na gcreach

gus an gcuan láimh le Luimneach.


56 Fraoch mac Éibhir ’s a eachtroinn

is dóibh tugadh an cheartroinn

fuair Eoghan ó mhac Úna

fa dheoigh níor fháth iomthnútha.


57 Ná beir uaim ní mhaoidheamh

ar cheil mé nó go maoidhear

’s níor ghabhais acht leith-sgéal lag

re marbhadh Mogha Nuadhad.


58 Is amhlaidh fuaras sgéala

Eoghain Mhoir ar Muigh Léana

nach raibh i gcathais mar Chonn

do dhóigh a harmaibh eachtronn.


59 Geibhis ar maidin go moch

a chodladh níor chodladh troch

mar nach raibhe coimh-líon céad

do bhí Conn ar a choimhéad.


60 A mhic Dáire is daor an bhreath

más feall do námhuid ar neach

dul san ló d’ionnsuighe air

gé bheath na luighe ar a leabaidh.


61 Guin Airt do Lughaidh Lágha

níor mhaoidhte dhuit go dána

ní hé Lughaidh do mharbh Art

acht Lioghairne go laochdacht.


62 A ghníomh oraibh ná hainmnigh

Lioghairne laoch do Laighnibh

bráthair Airt mhic Chuinn na gcath

mac Aonghusa mhic Eachach.


63 Ní háirimh é ar an Mhumhain

’s gan acht dias san dá Lughaidh

eachtronnaigh is iad do bhris

cath Mucroimhe ro mhaoidhis.


64 Mogh Ruith do shliocht Ír oirdheirc

fa-deara dí-mhiadh Chormaic

Caoille an Druadh as searbhadh air

ní hionmhaoidhte é ar Fhiachaidh.


65 Bás Cairbre an ríogh ráthaigh

Semeón mac Ceirb a bhráthair

i gcath Gabhra is leis do thuit

torchair an Fhian na éaruic.


66 Teacht le Féin Fhinn nar n-aghaidh

do dhíoghail Aodh mac Garaidh

dar ort Mogh Corb ní sgéal nua

i n-iomairg sléibhe Sean-Chua.