firstLine"; ?>

1300. Maith an conach clu gaiscidh $
Length: middling 25qq (end missing)
Certainty: 4
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. BL Add. 33,993 Tipperary 16th cent.
Prints:
  1. transl. O’Sullivan, PoemsML, p. 88
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. caithreim (unfinished?)
  3. Foreign conquest of Ireland
  4. historical precedents
  5. allusion to Ruaraiocht
  6. allusion to Fiannaiocht
Patron Christian Names:
  1. Piaras mac Seamais
Patron Surnames:
  1. Buitillear, Butler (of Dun Iasgach or Cahir)
Apologue Subclasses:
  1. Fionn mac Cumhaill’s prophecies
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith in conách clú gaiscidh


[Anne O’Sullivan and Pádraig Ó Riain, Poems on the Marcher Lords from a sixteenth-century Tipperary manuscript, Irish Texts Society 53, 1987; no. 5]


[In praise of Piaras Butler]


1 Maith in conách clú gaiscidh

d’fhir fhulaing gach énaisdir;

cerd ghaiscidh […] d’fhir,

ní i n-aisgidh iarras áiremh.


2 Is conách clú na curadh

do réir iúil na healadhan;

nua gach laí faghla na fer

dá tarla a ngnaí re gaisgedh.


3 Cleth ghaiscidh do chinn ar chách,

Cú Chulainn na cles nemhghnáth,

ar dhoirt sin do chrú fa cenn,

beridh a chlú go coitchend.


4 Cú Roí fa treisi a thachair,

barr a ghaiscidh ghnímharthaigh,

a chlú do-chuaidh fan domhan,

cá dtú acht biaidh ar bhethughadh.


5 Mairid agus méraid soin,

gnímhradha Conaill Chernaigh;

atáid siad go naídhe a-nos,

ní hiad a mhaíne mharas.


6 Ordhraic a n-imthechta súd,

in laechraidh táinic thuas-úd;

nocha táir a mblaidh go bráth;

do-cháidh a cradh ’s a conách.


7 Tonn Chlidhna na caladh te,

Tonn Rudhraidhe, Tonn Tuaighe,

is le Piaras na trí tonna

is gach ní iarras etorra.


8 Fuaras mar luadhaid lebhair,

uaim is cóir a chreidemhain,

sgél sochair ar ghabháil Ghall,

fochain a fhagháil agum.


9 Lá dá roibhi Finn na fian

a’ seilg i Mumhain Mhaicniadh,

[ag fiadhach] Cláir mhín Mhumhan,

tír fanar cháir cathughadh.


10 Sgaílter leis a lucht selga

bruidhnech d’fhianaibh airmdherga,

di gach dáil, do thulaigh Táil,

go dáil i Mumhain Mhedháin.


11 Ó Shenluachair shíl Deaghaidh

sair go Berbha mbáinealaigh,

a sealg do hinnledh orra,

dearg gach innledh etorra.


12 Mullach Inneóna in fhuinn te,

tulach sealga mheic Mhuirne;

trí náenbhair d’fhearaibh impi

d’fheadhain fhaebhraigh innilti.


13 Dá fheithemh sul do éirigh,

collais Finn in flaithfhéinnidh;

trom [in lighe] fa dual do

le nuall sidhe na sealga.


14 Dar leis do-chí sa chonair

slóigh go n-erradh égsamhail,

fuilt ’na n-óirshidhibh orra

’na cóirighthibh cathardha.


15 Ucht ar fhianaibh Insi Fáil

tugadar uile d’énláimh,

’na mbróin chonfadhaigh chatha

slóigh d’onchonaibh échtacha.


16 “Beir-si breith ina bhreith choir,

a mheic Cumhaill mheic Thrénmhóir,

sibh féin is fairsinge fis,

céill t’aislinge mínighis.”


17 “Na ferainn-seo i fuil sinn-ne,

breith fhíre na haislinge,

beidh in cís ag clachaibh Gall,

ní sgís gan fhachain agam.


18 Magh Feimhin, decair damh-sa,

tug eolchaire oram-sa;

fa chlachaibh mar nar dhual dó,

mo nuar is fhachain iarghnó.


19 Flaithes Éirenn dá éis sin

ag fir díbh i nDún Iasgaigh,

a fhích is-tigh fam thuinn-si,

ag sin crích a canaim-si.”


20 Smacht ar fhaghlaibh Insi Fáil,

mar do gheall Finn in fírfháidh,

táinic sé do fa dheiredh;

ag so in té dar tairngiredh.


21 Piaras Buitillér, báidh lem,

inneoin oirechais Éirenn,

do imluaidh gabhálta Gall,

baránta an fhinnshluaigh echtrann.


22 Buitilléraigh na mbarr fiar,

Clann Gherailt, Aicme Uilliam,

trí dronga ar chúl in churadh,

gach glún orra ag adughadh.


23 Ceathra Sémuis, sáer in chlann,

táinic uime agus Émann;

tug siad gach cúigedh fa chen,

ní fhúigebh iad gan áiremh.


24 Trí hiarladha acu sin,

ní fes d’fheabhas a n-einigh

cá rí is úire don fhedhain,

na trí glúine ginelaigh.


25 Do Chloinn Bhriain na mbratach tais

canfaidh mé re mac Shémais;

ar dhoirt sin do chrú fa chen

nar teo cenn i tigh theinedh.