firstLine"; ?>

1301. Maith an locht airdriogh oige $
Length: long 37qq
Certainty: 2
Period:
  1. 14th ult.
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G992 Nugent MS c. 1577
  2. Francis. Lib. A25 B. MagNiallghuis1610-
  3. BOCD Bk of O’Conor Don c. 1631
  4. RIA1 (23/D/14) 17th c. Co. Offaly?
  5. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
Prints:
  1. text DiD no. 105;
  2. transl. Ir. Monthly 55, 664
Motifs:
  1. war with the Foreigners
  2. fertility in reign of just prince
  3. youth no impediment to kingship
  4. Childhood, education, fosterage
  5. Hurling
Poet Christian Names:
  1. Eoghan mac Gofraidh Fhinn (RIA2, RIA743)
  2. Gofraidh Fionn (NLI G992, RIA1, BOCD)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
  2. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Domhnaill mheic Dhomhnaill
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh d. 1414
Apologue Subclasses:
  1. Conn abandons ball-game & claims throne
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith an locht airdríogh óige


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 105]


Gofraidh Fionn Ó Dálaigh .cc.


1 Maith an locht airdríogh óige

tnúth cáigh ris is romhóide;

a thriath ’n-a óigrígh do bfhearr

dá gach iath fhóidmhín fhairseang.


2 Do thréig Mág Carrthaigh Chláir Bhreagh

ar chosnamh críche a shinnsear

eich do ghéagshlataibh chleath gcuill

ar sdéadmhacaibh each n-áluinn.


3 Do thréig bonnsacha bláithe

ar ruaidhshleaghaibh rionnáithe

- tuar annála don ghéig ghil -

do thréig camána ar chloidhmhibh.


4 Mar sin do thréig trealamh leinbh

d’fhurtocht Teamhra - toisg neimmeirbh -

fear fonnmhar na bhfonn sgathach

re ndobhradh Conn Céadchathach.


5 Lá do-chuala-sa an Conn-sain

i gCruachain ghuirm ghealdorrsaigh,

lucht altruim Chuinn agus Conn

go macraidh thruim ’n-a thiomchall.


6 Conn Céadchathach na dtreas dte

do-chonnairc ar gcur bháire

san mhagh fhear go n-eirreadh druadh

an seingfhear fa mear marcshluagh.


7 Gluaisis an draoi go dána

chuca i gceann na hiomána;

tug ar fhonn na faithche an fáidh

ar Chonn aithne san iomáin.


8 Beannaighis ’n-a dheaghaidh dhó

do ghlór fhéata nar ónna

an draoi do eagair Fonn Fáil;

do fhreagair Conn i gcéadáir.


9 “Cia thu-sa nó gá tír dhuid”

ar Conn an chrotha nuabhuig

“gér chóir grádh do ghné th’aighthe

is lán mé dod mhearaithne.”


10 “Do b’iongnadh oidhre th’athar,

a mhic, i n-ar mearachadh;

fuair sinn gnaoi ’n-a ghnaoi choimse;

fa draoi inn dot athair-se.


11 “Is é do mhearuigh mei-se

an feidhm-sin re bhfuilei-se;

fuair míonBhanbha fa chách cor

nach tráth ríoghdhamhna reabhradh.


12 “Teamhair Bhreagh i mbíodh Féilim

dá bhfeasda, a Chuinn chneisshéimhshing,

glóir an bhaile mar do bháidh

ní badh dóigh th’aire ar iomáin.


13 “Treabh dá daingne ní dheachaidh

gan losgadh ó Laighneachaibh

mun ráith gcuirr saorchlochaigh sin,

a Chuinn chaomhchrothaigh chneisghil.


14 “An bhóromha fa dú dhaoibh,

ga tabhach a-tá Cathaoir;

gan tocht re Cathaoir, a Chuinn,

is tathaoir ort a n-abruim.


15 “A-tá - gá truime comha -

ga breith leis an mbóromha

bró bhan mallabhrach gruadh ngeal

ag sluagh lannarmach Laighean.


16 “Le huabhar airdríogh Laighean

múr Teamhra do trochlaigheadh

an port i suidheochthaoi sibh;

is olc fhuileongthaoi a fhaicsin.”


17 Ó ’d-chuala Conn chríoch Muaighe

orchra Teamhra taobhuaine

tug dá chamán orchar uadh

an conchar fallán fleadhfhuar.


18 Tug Conn an chroidhe mheadhraigh

béim dá dhruim le domheanmain

mun bhfroighidh slaitleabhair saoir

dtaitneamhaigh roighil rochaoin.


19 Fear ga raibhe ciall chaide

Conall Cruachna a chaomhoide

tug ruathar ar a chúl Conn

go múr Cruachan go Conall.


20 “Créad mar choisgis dod reabhradh?

caidhe cúis do dhoimheanman?

ná séan “ar Conall re Conn

“do sgéal oram, a anam.”


21 Do ráidh Conn do ling loingse

“is mór adhbhar mh’athtoirrse,

Teamhair gan teaghlach gan teagh

meadhair Theamhrach ar dtoirneadh.


22 “A-tá ag cur orm, a oide,

Teamhair mar tá i ndochroide;

tarla cor don lios rem linn;

gan dol dá fhios ní fhuilngim.”


23 “Léan Teamhra ná tabhair d’aoidh”

ar Conall re chéibh mbarrchlaoin

“I gcléith chogaidh ní dú dol

’s gan tú go habaigh aosmhar.


24 “Léig fós d’iomchosnamh Éireann,

a Chuinn na mbas mbairrshéimhsheang,

a fholt laigleabhar chladh gcam,

an ret aibgheaghadh agam.”


25 Do ráidh-sean - fa rádh soraidh -

nach anfadh ar éanchomhaidh

port fa dion d’fhearaibh re headh

Teamhair na ríogh go roiseadh.


26 Ráith Cruachan na gcladh sgathach

do fhágaibh Conn Céadchathach;

neamhuis a dtorann ó a dtoigh,

leanais Conall an Conn-soin.


27 Tionólaid a-noir ’s a-niar

Connachtaigh na gcorn mbairrfhiar;

’n-a mbróin truim mheanmnaigh san magh

ag leanmhain Chuinn do-chódar.


28 Iadhaid go n-iomad tionóil

an chuid-sin d’fhiadh Éiriomhóin

mun óigfhear nar bh’ónna smacht

’s an cóigeadh cródha Connacht.


29 Go hoirear mBóinne buige

tiad sin - suairc a sochruide -

tóir throm ag drud re a ndalta

[mar] rug [ar Chonn] Connachta.


30 Do bhí ag Cathaoir don taoibh theas

slógh Laighean i na loingeas

láimh re Bóinn mbreacclochaigh mbláith

’n-a mbróin neartchathaigh neamhthláith.


31 Mar rángadar ucht re hucht

Laighnigh is cóigeadh Connacht

fa reachtmhar deas a ndeabhaidh

san treas neartmhar náimhdeamhail.


32 Ar ndol dá n-áireamh uile

ní áiréobhadh éanduine

ár trom ar tolchaibh re a dtaoibh

go dtorchair le Conn Cathaoir.


33 Suidhis féin i dtigh Tuathail

gabhais Éirinn n-órchuachaigh

tar éis Fhéilim do bhí i mbroid

an rí ar Éirinn gur fhuasluig.


34 Do ghéis tonn Rudhraidhe ruadh

is tonn Chliodhna na gcaomhchuan

do ghéis tonn mhear na Maoile

res an ndonn ngeal ngruadhnaoidhe.


35 Ar feadh fiodhbhaidhe Uladh

is choillteadh ndluth nDeasMhumhan

do chrom gach dlúthcholl dathach

re gConn gcúlcham gCéadchathach.


36 Géabhaidh Domhnall mac Domhnaill

mar sin Éirinn n-iobhardhoinn,

sgéaraidh go séimh re Sacsaibh

an réidh bhféaraigh bhfleadharsaidh.


37 A-tá éinchéim d’aithris Chuinn

nach diongna mac mheic Dhomhnaill

dámadh í a thír tír a shean

sí re rígh nocha roinnfeadh.