firstLine"; ?>

1302. Maith an sealad fuair Eire $
Length: very long 91qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Elsewhere
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Bruss.Bib.roy. 6131-33 Bk O’D’s dau.17c
  2. Book of O’Conor Don c. 1631§
  3. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent.
  4. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
  5. RIA 727 (23/C/33)M.OgOLongain 1810-
Prints:
  1. transl. O Raghallaigh, ERMB, p. 170
Motifs:
  1. internal dating
  2. War with English
  3. English conquest of Ireland
  4. imagery for kingship (mur)
  5. landscape withers on ruler’s death
  6. rejection of Lutherans and Calvinists
  7. plight of true faith
  8. the four elements
  9. another poet named
  10. historical allusions
Poet Christian Names:
  1. Eoghan Ruadh (Bib.roy.6131-33, RIA 4)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Rughraidhe
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1608
Apologue Subclasses:
  1. Cato dies
  2. Kg Codorus
  3. Brutus
  4. Livia hears death of Drusus Germanicus
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith an sealad fhuair Éire


[Ó Raghallaigh, Tomás: Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird, Galway, 1930, poem 13]


[elegy on Rughraidhe Ó Domhnaill]


1 Maith an sealad fuair Eire,

maith buidhean dár bhainchéile,

aitreabh na síothbhuinne sean,

cíochbhuime mhaicneadh Míleadh.


2 Beag teasda do thrí mhílibh

bliadhan maicne mhóirMhílidh

ó theacht sonn go fód Mhagh bhFáil,

an drong ógbhadh ón Easpáin.


3 A n-éachta, a gcatha, a gcomhraic,

a gcoguidh, a gcaonchomhraic,

a staire, a soighníomh ó shin,

caidhe a gcoimhlíon ó gcluintir?


4 Ceathrachad céad ar chóigior

os cionn na gcóig saorchóigeadh

do ghabh ríghe da sliocht sin

do chiort fhíre gor n-aimsir.


5 Dá léaghthaoi leabhra an domhain

cia an chlannmhaicne adchualabhair

no an seinslioscht do budh sia seal

dar lia a n-eidhreacht a n-aithreadh?


6 Créad acht t-aithbheodhadh tuirse

teacht sonn ar an saor-chloinnse;

ní leanta ní as sia ina soin -

a n-eachtra cia nach gcualaidh?


7 Atá siad ó sin anall,

meic Mhíleadh d’aimhdheoin eachtrann,

gan tornamh, gan teacht ré a dteann

a neart ar fhonnmhagh nEireann.


8 Acht seascad bliadhain amháin

’s ceithre chéad, tús ar dtochráidh

ó theacht slóigh Lunndan tar lear

dar tulgadh glóir na nGaoidheal.


9 Bíodh gur díosgaoileadh sonn seal

árdfhlaitheas maicne Míleadh,

nir shoinmheach don lucht ros ling

tré ar choimhleath d’ulc fa Eirinn.


10 Ní fhuair siad on ló-sa ale

lá socra a seilbh na ríghe -

le gnáth-chogadh gá sníomh soin -

sámh-chodal na síodh suthain.


11 Ní fríth leo-san, láimh do láimh,

gidh seal beag gan táom dtochráidh

gan raichiorrbhadh gcnámh fa a ceann,

gan ládh gcaithiorghal gcoitcheann.


12 Críoch Ghaoidheal gá gairm ó shin

críoch Ghall do chuid don chríchsin,

gan neach díbh réidh ar an roinn,

léim ag gach tír tar toroinn.


13 Forgla fhear nEirionn fa dheoigh,

gan labhra ar cheart a gceineoil,

a ndiaidh a gcráidh le cogadh,

gráin ré ngliaidh do ghabhodar.


14 Leagthor síos sel a meanman,

toimhdid - truagh an ceileabhradh -

go bhfuair siad sealad dhi,

gur beanadh iad san innsi.


15 Gibé haca, cionn a gcionn,

do bhean súil d’fhurtacht Eirionn,

leis an n-aimsir, druim ar dhruim,

nír bhuing an chlainnsin Chonuill.


16 Níor leigsiod as a lámhaibh

le tuinn n-uilc nó iombádhaigh,

le creim, le cearbhadh na bhfear,

a ngreim ar ghleannMhagh nGaoidheal.


17 Do fuilngiodh dóibh, druim ar dhruim,

d’éis chumgoigthe ar chru gConuill,

a gcomhroinn do chóigeadh Sreing,

’s don chóigeadh orloinn d’Eirinn.


18 Nír leigsiod asteach na dtír

sect Lúitéir, léighionn Cailbhín,

drong shaobh ré ar geabhsad gigil,

ná maor easbog eithrigigh.


19 Do dhearbhadh a ndubhairt sionn

ar dtruailleadh Eaglas Eirionn

cathair Ríogh-Dhoire, Ráth Both,

fíorghloine a chách a gcumhdoch.


20 I nDoire, i Ráth beinnréidh Both,

ó do cuireadh an chéad chloch,

nír coilleadh a gcádhas sin,

táruis coinneal an chreidimh.


21 Dár mheas prionnsa Sagsan sonn

go díoth ar chin ó Chonoll

a mbreath féin ar Fiadh bhFuinidh

nach bíadh gun fhéin allmhuirigh.


22 Nách báidhfead an creideamh cóir,

nach bíadh cumhacht gun choróin,

roiriaghladh do réir a tol,

na coimhíarnadh d’fhéin Ulodh.


23 Dár cuireadh ar chath nUladh

an cogadh adchualubhair,

nar doirteadh crú a gcneas séimhsheang

treana feas clú a gcaithréimeann.


24 Tanuig do dhruim na dála

cogaidh, deabhtha dearmhára,

an ríghe a n-éagcruth iongnadh,

éagnach tíre is tighearnadh.


25 Cúig bliadhna déag na dhiaigh soin,

géar chosgarach clann nDálaigh

tré ar loit fa Ráith bhfionnfhuair bhFloinn,

ba díombuaidh leis O nDomhnoill.


26 Déonuighis gu madh daiche

do iocfadh thra a thiuglaithe

ina tiocfadh a dilghionn de,

briochtghlan na sídhbheann sidhe.


27 Docra a leighis, lot an fhuinn,

an tráth do thuig O Domhnuill,

do shluagh Fhuinn bheannbhláith Bhearnais,

’s do shean-Ráith Chuinn ceileabhrais.


28 Olc na dtuath suil thiosadh dhe,

do leigheas na n-olc oile;

fa bhreith dtruim mar tharla aniodh

Banbha Chuinn suil do chichsiodh.


29 Suil do chichsiodh Clár Banbha

a n-ilreachtaibh éagsamhla,

gan iris gcrábhaidh ’s gach gcill,

suil tárraigh Inis Fheilim.


30 Don turassa - tocrádh linn -

gearr go rug ar Fonn bhFéilim;

cúis aonbhróin uaidh ag fhior,

san naomhRóimh go bhfuair oidhiodh.


31 Le haithris n-éaga I Dhomhnaill

do leig osnaidh n-éagcomhlainn;

ón bhás-urchar do bhean di

ni bean fhás-urchradh Eiri.


32 Do hosgladh a bearna bróin,

do chaill sí a rath, a rodhóigh;

leigthear dí cuisle cumhadh

sí ón tuirsi ar dtiomchuladh.


33 Créad acht súgradh riamh roimhe

gach crádh, gach cúis eolchoire,

créad acht éag fhoilgheas gach ceas,

créad acht doilgheas na ndoilgheas!


34 Ránaig deireadh gach deadhla,

ránaig ceann a cinneamhna,

dromchla a rothuirsi, do rois,

dorchla a hothuirsi osglois.


35 Dá léagthaoi i sdair riamh roimhe

easgar mar éag Rudhroidhe,

a n-imdheachtaibh a sluagh sin

inbeachdain ma fuair idir.


36 Atá, ga truaighe seoladh,

san gcruth a mbí an bhainleómhan,

amhail dochí an drong ros déagh

mar doní ar gcoll a coiléan.


37 A dúsgadh fada, a feithimh,

a ndearna air d’oireichil,

do-chuaidh amudha ar mhnaoi gCuinn

ar aoi ndula d’ U Dhomhnuill.


38 Liuia a losain a meic,

bainimpir uasal oirdreic,

fuair crádh réan samhalta soin

a lár rabharta a reabhroidh.


39 An mac soin as ar mhó a dáigh,

Drúsus dogoirthi ón Ghearmáinn,

do bhrigh a chongal fa a ceann

dar chomhghabh an tír timcheall.


40 Dá oifig nar hoirneadh soin,

consulacht, ceannas sluaghoidh,

a gcoimhréir gach laoi ar a láimh,

gan oilbhéim ar aoí dh’fhagháil.


41 Do bhithin na robhuadh rug

don chursa a gcriochaibh namhud,

gach taobh do thoil an tseanuidh,

saor gach magh gá meirgeadhaidh.


42 Nír iongnadh amhail tarla

mathair mheic a ionnamhla,

lán do ghloir far dhearbhadh dhi,

dar meadhradh an Róimh roimhi.


43 Téid na tiomthach ríoghna,

goirthear sonna a sluaighdhíorma,

da gcoimheagar ar a chionn

gur oireadar da hinnioll.


44 Sduagh-dhoras go sdair a bhuadh

le ar na rionnadh le rodhuadh

os a chionn ag tochta asteagh,

moltha ar a chionn do cuireadh.


45 A dtráth a thillte, don Róimh

d’éis a bhfuair d’ainm is d’onóir,

rug uirre a éag dá aithle,

créad acht buille a básaighthe?


46 Iompais a gcluithe caointe

a lá féasda, a forbfaoilte;

do fhill a mbeartchubhail mbróin

a breachdchuluidh bhfinn bhfannshróil.


47 An mháthair thruaghTeamhair Chuinn,

a mac díleas O Domhnuill

dá ló ní lugha a tuirsi;

a cumhla as mó mheasuimsi.


48 Sgéal mar sin as crádh chroidhe

d’éis a feithmhe, a furnuidhe,

tarla dhi go bhfuair Eire:

nír í uair an oilbhéime.


49 Ar mbeith léisi lán do ghlóir,

le cluinsin a bhfuair d’onóir

ó uaislibh na talmhan toir

dár uaisligh FonnMhagh Fionntoin.


50 Ga dtú acht an tráth do saoilte

teacht go feighe a forbhfaoilte,

fuair car a mbéal an bháire;

ba gar léan da lúthgháire.


51 Diomhaoin dí a ndearna roimhe

d’éis na mbuadh rug Rudhroidhe

don eing shíodhshaoir do fhuaigh Art:

díomhaoin a bhfuair da furtacht.


52 A tiomthach ríoghna, a reabhradh,

a tlacht suirghe, a sibheanradh,

tré bhás gcéile chláir Bhearnais

dáibh le chéile ceileabhrais.


53 A gáir chosgair, eacht oile,

a háinis, a haonoighe

tre cheann slóigh bhuabhallaigh Bhreagh

na mbuabhallaibh bróin bídsean.


54 Fearthor frasa díana déar

as rosgaibh áille a haiér;

do sgaoil folta a fíodhbhadh bhfionn,

ochda a fionnmhagh ros foilchionn.


55 Leannán na ríogh Ráth Logha,

ni hiongnadh a hurchrodha

gach dúil bhalbh maoidhidh nách mar

a n-arm gcaoinidh do chuadar.


56 Do chuadar na mbeirtibh bróin

teine, úir, uisge, aóir

go mbí an fhiormamuint amhlaidh

nach ionnradhairc d’fheallsamhnaibh.


57 Do thréigsiod a ngluasacht ghnáth

an ghrian, an t-éasga, a n-éantráth

os chionn tuigsiona tíad soin:

uisgeadha iad ar fhéachoin.


58 Lór do chumhsgughadh cridhe

glór truagh na n-éan n-ainglidhe,

nuallghuth na mbalbbuinneadh mbinn,

ardbhruinneadh fuarloch bhfairsing.


59 Eisdeachd éagnuigh na n-oiriomh

re hadmháil na n-iasgoireadh,

re balbhghuil dtruagh gach thighe

fa shluagh n-armghlan n-éignighe.


60 Móide a h-imnead d’éis a meic,

seinbhean Chuinn na gcath n-oirdhreic;

a bfuil uaithe na éag so

créad acht truaighe mar tharla?


61 Ní hé amháin as meabhair linn

do thoil don tarbha choitchinn

tré ar ghlac do ghráin fhaghla an fhuinn

dá dtárla dáil I Dhomhnuill.


62 Maith na dtuath nach dtánuig leis

Cáto mor Uticenseis

do chuimhnigh arm aga fhéin

dar mharbh ar aba eiséin.


63 Brútus, consul cian ó shoin,

do leighios phéine an phobail,

ba hé ar nuair a léim a luighe

do chuaidh céim a chosmhoile.


64 Ar an n-each do bhfearr gun fhior

íar gclos chomráidh na bhfáidhiodh

a maidhm gcriadh lingthear leission

dár íadh timcheall tairissean.


65 Codorus tráth leantar leis,

rí oirdheirc Aitenenseis,

a námhuid ar gcor na cheann

tánuig gur thogh a thuiteam.


66 D’fhios iomsgaruidh na ngleodh ngrod

tíaghar do thaobh na námhod

lé sgéaluibh a ndál ndoirche,

d’fhéachuin a bhfádh bhfíorfhoirfe.


67 Briathra na bhfádh fuair solas

da marbhtha an cing Codoros

nach biadh a mbuaidh da bhithin,

ciall as a bhfuair oirichil.


68 Dár fógradh leo lá an chatha

gan amus an árdfhlatha,

ge bheith maidm, nó éigion air

gan léigion n-airm na aghaidh.


69 Fuair an rí inntleacht oile

iar gcluinsin na céalmhoine,

is chogair chaigh taobh ré taoibh

a chogail daibh gur dhíomhaoin.


70 Dár linn tré lár an chatha

go mbéimionnaibh mbaoghlacha,

na slóigh san éigion ón fhior

dóibh gur éigion a oighiodh.


71 Ionann cúis le a chora a suim

tarla dáibh is d’ U Dhomnuill;

bíoth nach ionann an oigheadh,

ionann críoch far ceadoigheadh.


72 An dortadh tug triath Bearnais

air ar leas a fhlaitheamhnais

farior ní thug do tharbha

acht sníomh ar fud bhfionn-Bhanbha.


73 Ní cuireadh riamh roimhe sin.

críoch ar fhlaithios mac Mílidh;

nír dearbhadh éadaigh gun eing,

ní deárnadh éadáil d’Eirinn.


74 Bás codhnaigh chloinne Dálaigh

díoth carad is compánuigh,

easbhoidh choitchionn Chláir Bhanbha,

foirchionn áir na hathardha.


75 Triath Oiligh ón uair adbath

ní thug cara ná comhthach

buille congnamha fá a ceann

d’uille urbhadha Eireann.


76 Anois d’aimhdheoin fhear nUladh,

gan chogadh gan chathughadh,

féaduidh a ráth rí Sagsan

Clár Dath í na thiodal-san.


77 Léigead budheachd a n-anáil

na goill sin Phuirt Pharthaláin,

altoighead a dtocht asdeagh

marcuighead ar Ghort nGaoidheal.


78 Gibé cuid do chrích Chobhthaigh

da bhfuil iocht ag allmhurachaibh,

Tír Chonill ní cádhas di,

tárras deghuing gach daoirsi.


79 Saiththior planda nuaidhe aniodh

a n-áit sein fhréimh a seinsior,

nac cumhain a séala soin,

a fréamha bunuidh beanthoir.


80 As treisi gach teidhm oile

do cailleadh, cúis eólchaire,

onóir a hárus saor sean,

cádhas a naomh sa neimheadh.


81 Do dheachuidh ceo ar creidiomh

meitheal uathmhar eithrigiodh

ar fud bhfíniomhna Dé dhil,

fíoriomdha gné ar a nguilthir.


82 Doire, Rathboth, taobh ré taoibh

truagh lem chroidhe an dá Chathaoir,

gan bhreo ag cogail a gcreidimh,

gan leo acht abuidh eithreigigh.


83 Gan oirchinneach na fhorba,

gan chléireach, gan chomhorba,

gan fhear gcoirne, gan mhaor minn,

gan oighre ar naomh ná noimhchill.


84 Gan choireach ag caoi a pheacadh

gan sheanmóir, gan shailmchheatal,

uch do eabuilsi re headh;

guth eagailsi ní héisdthear.


85 Truag leam chroidise an chomhdháil

atá a n-áras Adhomhnáin

sa gceallaibh Coluim Cille

beannuigh Conuill creibhlinne .


86 Anois thuigios tuath as ceall

cia an múr tarla na dtimcheall,

as nár lamhadh a léim soin

tar ramhagh Néill anallóin.


87 Tusa an múr, a chnú chroidhe,

léad bhás, a thriath Toroidhe,

ga dtám, do briseadh bearna

ar Chlár slisshean seinEamhna.


88 Gion go ferrde a rádha runn

dot éis, a íarla Conuill,

nocha cás orchra oile

ód bhás ongtha is aithrighe.


89 Ocht mbliadhna sé chéad gan cheilt,

míle ó ghein Iosa oirdheirc

go madhmadh don Chlár Chuinnsi

ag ládh talmhan toruibhsi.


90 Truagh nach mar Thadhg O nDálaigh

tugas cúl dom chompánaibh

lá ar gceiliobhruidh maraon ruibh

do seinfhionnmhogh chaomh Chriomhthuin.


91 Tug an toice maraon ribh

cúl don chrichsi Chlann Mhilidh,

gach maith uaibh ag dearadh dhi,

mait an sealadh fuair Eiri. MAITH AN