firstLine"; ?>

1304. Maith an sgealaighe an Sgriobtuir $
Length: long 39qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1235 (C/ii/2) 15th -16th cent.
  2. TCD 1340 (H/3/19) 16th -17th cent.
  3. TCD 1385 (H.5.13)S.O Gabhagan 1700
  4. NLI G 447 “Rossmore MS�? c. 1738
Prints:
  1. transl. McKenna, PB, pp. 74-7, 173-7 (no.16)
Motifs:
  1. Envois to BVM, Michael & other (Francis?)
  2. lesser arts
  3. King’s officer: fear gradha ? (q. 27)
  4. Equality of all men in God’s sight
  5. subject or author a friar? (qq. 23, 37)
  6. legal terminology (earuic q. 1)
  7. Classical allusions
  8. Biblical allusions
  9. Companach (qq. 25, 36)
Poet Christian Names:
  1. Pilib Bocht (TCD 1385, Rossmore MS)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Apologue Subclasses:
  1. Adam & Eve
  2. Ham
  3. Hagar
  4. Susanna
  5. Jesus kills child
  6. Lucifer
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith an sgéalaidhe an sgriobtúir


[McKenna, Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 16]


1 Maith an sgéalaidhe an sgriobtúir

i n-éaruic a n-ainiochtrúin

gur diultadh sluagh nimhe a-nall

is cridhe fuar nach feacann.


2 Do teilgeadh don taobh oile

ó chion croinn na deachmhoidhe

fa dhoimheanma a purt Parthais

lucht oileamhna an iomarbhais


3 Ádhamh ar n-athair dála

mac nachar mhac diongmhála

do leithligh do chuaidh dá chloinn

mar beirthir uainn an urroim.


4 Naoi mhac Láimhiach ná leig thart

a mhac gur mhill a naomhthacht

tug Chám ar n-adhnadh dá fhíoch

grádh a anman don eissíoth


5 Do bhí toircheas tarla ar ceilt

ó Abrahám ag an inneilt

mac is a ghnaoi i gcluasaibh cáigh

gá mhnaoi uasail ar admháil


6 Cách tar an Muir Ruaidh mar rug

Íosa d’aindeoin a námhad

ón chóir gur chlaon an pobal

don laogh óir do adhrodar.


7 An talamh do dheonuigh dháibh

d’éis na hÉighipte d’fhágbháil

nír aontuigh é acht do dhá fhear

do ghaoltaibh Dé fa dheireadh


8 I n-aghaidh Dé mar nar dhligh

re seal éigin dá aimsir

ní hionrádha an ní do níoth

an rí diongmhála Dá-bhíoth.


9 Saubhal rí nar riar a chorp

fuair saidhbhreas agus sochracht

nar airigh léan budh léan dó

séan ’n-a aighidh gur iompó


10 Do bhí ag athair Iosi-héabh

’n-a lucht iomtha don fhíréan

fear is dá chóigfhear do chloinn

dár bhean an t-óigfhear orroim.


11 Dul fan Éighipt ar eachtra

dó do dhruim na heidhreachta

a-tá an sdair dá dhearbhadh dhamh

air gur ceangladh mar chunnradh.


12 Tug do mhnaoi mian a anma

Solamh fa saor n-ealadhna

neart ar a ghrásaibh gur ghabh

searc na mnásain gá mhealladh.


13 Mór an chuid do chuaidh do dhíoth

don chloinn do chin ó Dhái-bhíoth

do b’iomdha slat chríon don choill

fiodhbha na mac ríogh romhoinn.


14 Subhs-anna is í ar ’n-a cabhair

d’fhagháil báis dá biodhbhadhaibh

an ghrís inar chóir a car

a-rís is dóibh do deargadh.


15 Ar dteangtha nír tuigeadh uainn

do thoirmeasg an tuir Neamhruaidh

más fhíor go ham a dhéanmha

ní bhíodh ann achd aoinbhéarla.


16 Arosdotal oide ar sgol

is é a-dearar gur damnadh

fáth eagla gan eagla orm

is bláth na heagna i nIoforn.


17 Ar ngabháil neirt ar gach neach

ní fhuair Alasdrann uaibhreach

a chuimhne [ó] chroidhe is dleacht damh

acht seacht dtroighe don talamh.


18 Do bhí tre iomad ar n-olc

ó dhílinn mar fríoth fortocht

a nochtadh gin gur nár linn

an clár ar ochtar d’fhoirinn.


19 Cuid don talmhain do thuit fúinn

is é más fhíor don sgriobtúir

do b’fháth tuitmhe don talamh

bláth ar n-uilcne d’abaghadh,


20 Ní raibhe a bhás ’n-a bhás ghlan

leanbh i gcionn a chúig mbliadhan

cúis an leinb do dhaoradh dhó

dá fhaobhar ar fheirg Íoso.


21 Ní tugadh dhúinn a dheimhin

a Críosd gidh cóir muinighin

go mbia an t-ochtmhadh neach ar neamh

dá mbeath ochtar i n-éinteagh.


22 Dias do crocadh a-raon ris

mac Dé ní dolta thairis

don dís do damnadh duine

adhbhar sgís ar sgéalaine


23 An ghlóir thall tug ar a héis.

bráthair do bhráithribh Froinséis

pian Ifrinn nír fhéagh dá fhad

sgéal nach dlighfinn do dhearmad.


24 Is comhthrom beantar Dia dhé

an rí agus an té as táire

gá mó an cion an chreach as mhó

dá ndeach ó fhior a éanbhó.


25 Neach dhíobh i n-ucht Abra-hám

pian Ifeirn fhuair a chompán

ní théid cás tar an dá chéim

dá ghéig do fhás a héinfhréimh.


26 Do thuit an t-easbal eile

nar éirigh le haithrighe

Peadar sul do chuaidh a corp

fuair leagadh ó bhfuair furtocht.


27 Pól easbal a fhear grádha

re Dia ar ndéanamh shíothchána

guais leam nar léigeadh ’n-a dháil

a cheann gur bh’éigean d’fhágbháil.


28 Lá is bliadhain do bhí re port

Eoin Baisde is bladh dár nguasocht

súil re cabhair an cóir dúnn

is cóir ’n-a aghaidh d’iompúdh.


29 An bonn ar an mbonn oile

le cumhgacht na conaire

do chuir saor nimhe go neamh

slighe chaol ar ar cuireadh.


30 Pian na gcloch do chaitheadh ris

Stephan ’s a lucht do leighis

do chuir cóir na flatha i b’fad

na clacha dhóibh fa drochad.


31 Ar iarann d’éis a ghoirthe

a chorp gér chré bheannuighthe

ní fhuair treoir go teagh na ngrás

a fheoil gur leagh ag Labhrás.


32 Corp Pharthalóin nír phian bheag

m’fhuighle dámadh áil d’aiseag

a snas re ndul don doras

cur as ar an amhoras.


33 Annamh téid a-nonn a-nos

don lucht as lugha eolas

teircc do chách fear feasa

ar neamh is fáth faitcheasa.


34 A ghníomh féin dá naomhadh neach

is do Dhia as bheithte buidheach

ní maoidheamh don té do thogh

sé ’n-a naoidhean dá naomhadh


35 Ar dhuine dá dhaoinibh gaoil

dá mbeath nach biadh do chomaoin

acht ar mhindearlaig Dia dhó

cia dar bh’indearmaid Íoso.


36 Ní dhlighe a dhuine chrábhaidh

th’aire ar chion do chompánaigh

bíodh maith gach éanduine ar th’úidh

maith an sgéalaidhe an sgriobtúir.


37 Go mbia ag na naomhaibh ar nimh

iomarcaidh tar na hainglibh

do roighne a dheaghmháthair díom

dearbhráthair oidhre an airdríogh.


38 Mo ghéanar dá mbia bu dheach

a croidhe té trócuireach

mairg ó gclaonfaidhe an cridhe

maothchroidhe na maighdine.


39 A aingeal is a fhear gráidh

[cuiridh] séala ar ar síothcháin

ó fríoth a síoth ghona an gha

ar síoth do chora i gcuma. Maith.