firstLine"; ?>

1308. Maith bhur bhfior catha, a chlann Roigh $
Length: very long 63qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Mayn. B 8 Heinri O Carraic 1701-8
  2. RIA 11 (E/iv/3) Aindr. MacCruitin 1727
  3. NLI G 433 18th cent. frags
  4. RIA 673 (23/C/23) M.Og OLongain
  5. RIA 211 (23/G/20) M.Og OLongain 1786-
Motifs:
  1. envoi to wife, Doireann
  2. envoi to God the Father
  3. qualities of patron’s character
  4. nobility of patron’s blood
  5. poet incites to war
  6. prowess in war
  7. war with Foreigners
  8. church’s immunity in war observed
  9. landscape
Poet Christian Names:
  1. Tuileagna (RIA 11)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Uaithne mac Rudhraighe mhic Chonaill
Patron Surnames:
  1. O Mordha
Apologue Subclasses:
  1. Ces Noidhen: Cuchulainn guards Ulster
  2. Leinster kg rewards Laoiseach with Laois
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith bhur bhfíor gcatha, a chlann Róigh

[Maynooth B8, 29]

{Tuileagna Ó Maolchonaire}

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Maith bhur bhfíor gcatha a chlann Róigh

a priomhshliocht Láoisi Lannmhóir

ní dual cor catha acht re ceart

ní do modh flatha foirneart.

2 Coroide diobh cath do cor

sibh as ferr ceart ar cho(i)gadh

ní fuighter gan fíorcradh fer

míonchlar srutgheal bhur sinnser.

3 Gach cuis fan cóir cath do chor

sloinnfiod dibh os diom dlighter [leg. -eaghar]

as trath da deimhniugadh damh

radh na seinleabhar seancadh.

4 Mac Dé ge do dhoirt a fhuil

tar cend chuil chloinne Adhaimh

guidh é is cathuigh tar a cend

se gan fachuin ní bhfuighem.

5 Radh na heaglaise ós é is ferr

lean de do dion ar ifrenn

tearc fac[h]uin is fearr na sin

cat[h]aigh tar cenn do creidimh.

6 Cuis oile asarbh ionchuir [cath]

a-der riot ni radh diomsach

radh gach leabhair fa leith ruibh

bheith a ndeghaidh bur ndu(i)thaigh.

7 Senchlar Laoighsigh na learg nglanr

míle is cuig ced do bhliadhnuibhr

do bhi ar seilbh bur sen romhuibh

ar feirm ní hed f[h]uaramhar [leg. -bhair?].

8 O bhás De a-nuas gus a-niugh

maith leanuid lorg a sinnser

cía an dráoi nar dheghfhoillsigh sin

do bhaoi an feronn-sin futaibh.

9 Tar cheann Laoighsigh na learg réidh

na coigil a oig airmgéir

da madh éigin cath do chor

rath ní heidir gan amhgar.

10 An feronn fuair do cineadh

ní d’egcoir ní d’aindligheadh

re sluaghfhoghuil sleagh is lann

as edh fuarabhair feronn.

11 Airdri(gh) Laigen tug da thoil

do rioghmhac Conuil Cernaigh

tír coilglíonmhar na gcéd gcath

’s do tread ardbhrioghmar Olltach.

12 Ní a n-aisgidh f[h]uaramair sin

an tír ar tús ó Laighnibh

me fear sgel do sgaraidh (?)s

mar der as edh fuarabhair.

13 Thig [leg. Do thír?] Laigen na learg nglan

tig rí mórmenmach Mumhan

triall congcais tar chóir do chinn

sa[n] bhfiadh mó[i]r bhf(i)onntais bhfairsing.

14 Do gabh a los a lamha

gan choir acht d’fonn eadala

an tír mhór go Maisden shoir

da shlogh gerb aisder uabhoir.

15 Cuirid Laignigh ga ttam dho [30]

fios uatha d’iarraidh cabhro

a n-aghaidh sluaigh mhóir Mhumhan

budh thuaigh go foir fionnUladh.

16 Tiomsuighid mar budh dual doibh

[a] ttimcheall Laoisigh Lannmhóir

dronga d’fóir Emhna Mhacha

’na mbróin fherrdha ionchatha.

17 Laoiseach Lannmhór na lann sen

teid do chosnamh crich Laighen

tug trí chatha no cethair

rí Macha ar na Múimhneacuibh.

18 Tugadh do ’na dheghaidh soin

Laoighis do luach a shaothair

go bhfuil aga shíol o shoin

do thoil gach riogh don rioghraidh.

19 As í m’fhiadhnuise d’fhoir Ghall

gur mur so frith an feronn

(i)s ó ta an chóir d’iomarcraidh ann

fan [leg.-m?] mionnfhoc(h)luibh dhoibh derbham.

20 Do cuireadh asa cruth féin

scél fa bhfuil Eire aimhreidh

tír chnodhonnbhog [leg. chnú-] na gcall bhfíor [leg.-iar]

tre thnuthfhormad [leg. -údh-] Gall nGáilían.

21 Feran[n] cairte Clann Mórdha

Laoighis na lerg bhforórrdha

cia an úir na an fiodhbadh as fearr

ní hiongnadh tnuth ’na timcheall.

22 Foghar suaimhneach a sreabh gciúin

do laighdigh cion ted ttaigiúir

rogha cheóil gach senma soin

feóir is Bearbha ’ma mbruachuibh.

23 Iomhdha choimhsinm ciúil ag coill

a Laoighis na learg n-aluinn

a heóin ’sa bionnfhoghar beach

ag diomoladh cheo[i]l gclairsech.

24 Fuigfe me a uairghne tar m’éis

dhamh as oirches é d’fhaisnéis

cuid dod sgealuibh a gruadh glan

a mbealuibh súadh as seanchadh.

25 A thriath Laoighsigh fed h’echtra

as iomdha sgeal suaithenta

ad laimh féin derg ad deghaidh

t’fhearg a gcéill gur chuiriobha[i]r.

26 Iomdha fu[a]irlinnte fola

iomdha ár is easbhadha

fa mór mbrogh Goill ar na ghoin

’s tor ar na boing do bhonnuibh.

27 Tu as burba re feadh bhfoghla

tu as umhla d’aois ealadhna

[is] tú as cathchalma a gcrú sleagh

is tú as athramhla aignedh.

28 H’ainm féin a mhic Í Mhordha

feinigh in airm fororrdha

ainm dot arm taobhthana tréan

áoncabhra(dh) badhbh is brainén.

29 Tu úa Conuill na gcreach n-áigh

tusa úa meic mh[e]ic Se[a]áin

as tú Uaithner nar creachr cill

ua Cathaoirr mhoirr mhic Feidhlim.a

30 As tú úa Conuill Cernaigh

’ga mbiodh buaidh gach boirbtheglaigh

clú don Conaill-sin do thuill

gan tú a gcomhaimsir Chonuill.

31 Tu úa Eiremhoin na gcath

fer fa ceidrí ar thegh Temhrach

tu úa Ír is Eimeir fhinn

da mbrigh do eirigh h’inntinn.

32 Do cuireadh ad chorp as-tegh [31]

fuil na dtrí mac-soin Mhileadh

nír thuill fuil an trír-si as-toigh

gur mhuidh tríbh-si ’na tonnuibh.

33 Tonn mhaordhachta idir mhnaibh ríogh

tonn fheile ar chleir do choimhdhíol

as tonn fheirge a n-uair an áigh

’na dheirge ad gruaidh ag gabháil.

34 Le síol Mórdha ga mo geall

tús a ngleó ar crúas gcéimenn

leó fós do bhrígh a mbronnuidh

tós ag díol gach deghollaimh.

35 As leó ga séd fine as fearr

tós molta ó úaislibh Eirionn

geall na ríogh is dóibh dleaghar

síol óir arna aithleaghadh.

36 Gearr mhaireas bláth na bréige

cathúigh riú a mhic Mairgréige

gearr go dtéid foirneart gach fir

na léig h’oighreacht a n-aisgidh.

37 [A]-táoi ag troid fo thír do shen

ó aois leinbh go meid míleadh

do gleic fan tír-sin ni tim

a mhic na hísligh h’inntinn.

38 Ní hiongnadh breath do bhreith libh

ar chlú láimhe a lá an ghaisgidh

fian echtrann dod léim gach láoi

do leatrom féin da bhféachtáoi.

39 As cuid d’óighreacht Uaithne í Róigh

taisg laimhe Laoighsigh Lannmhóir

lá ngleó da fhíreólchuibh air

sgríbheochar leó a leabhruibh.

40 Lucht iomchair andochair ríamh

laoich cródha na gcreach n-imchían

cuirid senchaidh s[o]in a suim

mar dearbhthar ar Cho[i]n gCuluinn.

41 Ní fhuilngeann clár na gcuradh

bhios da naimhdibh neamhumhal

gan Cú Chuluinn éigin(n) ann

na fulaing éaigin echtrann.

42 Cia an Cú Choluin-si(n) ag Cloinn Róigh

thug bárr úaisle ar a n-onóir

dan gar gaol chéadChon na gc(h)leas

do thaoibh echtghon is áitheas.

43 Amhlaidh do bhí Cú Chuluinn

(ar) neart namhad do neamhfhuluing

láo(i)ch lér níamh coinghleic is cath

ar fhiadh oirdeirc na nUlltach.

44 Geall gaisgidh is gníomh ngoile

do nós f[h]réimhe Rúghraidhe

fuair an Coin-sin [leg. Cúi-sin] seach gach coin

leir dhúisigh uaill gach Ulltaigh.

45 Ní hé a-mhain geall an ghaisgidh

d’fhagáil don Choin chíanaisdrigh

geall o[i]n(o)igh fuair ó gach fer

doiligh gach búaidh da mbeireadh.

46 Úaithne Ó Morrdha [as] sé [as] samhuil

don Choin crodha comhramhaigh

ní bhfuair sin béarna nar bhris

ar Choin na hEamhna ag aithris.

47 Acht gur tusga Cú na gcleas

na an cú chuirim ’na choimeas

dho ní breagchlú gidh [bé] a-deir

an cedchú is é a n-éinmheidh.

48 Cródhacht as calmacht na Con

ma ta éainneach léirbh iongnadh

do-bher dearbadh dom dhán air

nemhghlan gach dáil nach dearbhthar.

49 Ceithre cóigidh calma an rath

cuires Meadbh inghean Eathach

do bhúain tana d’fhóir Uladh

slóigh fa dana a ndhoc(h)amhal.

50 Do bhí ar Ulltaibh nar ob cath [32]

ces naoidhen ní nár ghnáthach

nar tharbha dhóibh techt a dtroid

slóigh gan nert ar [a] námhoid.

51 Slúaigh oirbhertach na hEamhna

fan am-soin nirbh infhedhma

cáor shloigh gan tláithe a dtreasuibh

ráithe dhóibh fán dímes[-s]oin.

52 Acht a-mháin Cú na cérdcha

na ndearc gcomhghlas gcoinnéallta

do-chóidh san áth [leg. ár?] ré n-aghaidh

gur fhóir ar chlárr Conchobhair.

53 Ó Shamhain nir tréith an troid

anu[i]s ar áth an chomhruic

da chorp do budh cennach crúaidh

go techt don errach ádhfhuair.

54 Go héirghe cáich as a gces

dúl san áth dhóibh nir dhileas

ar mbreith slúaigh na hEmhna air

ar thóir Medhbha do mádhmaigh.

55 Mar sin chosnus crioch a shean

mac Rúghraidhe is ard aigneadh

cosmail gcéile ris in gCoin

cosmail a ndéine a ndéabaidh.

56 Do cosain an Cú a hEamhain

áth ar cheithre coigheduibh

(i)s d[o] fhóir in t-Úaithni-si a-niúgh

le núaidhthreisi ar glóir Ghaoideal.

57 Dá mbeire ar mhac Í Mórrdha

Ó Néill a[n] neirt nemhónna

cuirfidh ráon mádhma go muir

re táobh gach gárrdha ar Ghalluibh.

58 Ní ceithre cóigidh a-mháin

do bhí ag lot Laoighsigh d’enláimh

acht Goill is Éire uile

ag boing [fh]réimhe Rúghruidhe. Maith...

59 A gcanann d’fhúighlibh ann(a)mh[a]

as ceó(i)l d’fhíor a hagallmha

glór a bél Duirinne ag dol

mar éan soininne a Samhradh.

60 Tar bhríathruibh Dé an trath fa dtig

lé ní háil acht áit deirid [leg. ad-eirid?]

ar na briathraibh do-bheir meas

ag sin a n-íarthar d’úaigneas.

61 As lár urnuighthe d’fhios chlíar

téid thusa d’eagla a n-ainmhían

acht ge neamhnár dhuit gan dul

’s cuid dod leabhrán ’ga leaghadh.

62 Tig clíar coimhightheach ad chend

a n-áit diamar a Duireann

h’féile féin do bhí dod brath

don chléir is í dob eólach.

63 Día athair na n-uile dhúl

Rí ris nach eidir iomthnuth

Rí na ngrás an fáidh ’sa[n] flaith

nír fás do chách a chomhmaith. Maith...