Poem in printable PDF format
Maith Dia fá
aiseag iomlán
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 33]
Giolla na Naomh
Ruadh Mac Eochadha .cc.
1 Maith Dia fá
aisiog iomlán
a ghrádh
d’iompádh gur cosmhail;
a ndeóidh
fhulaing na páise
maith fá shláinte
gach othair.
2 Córuide a
ghrádh do ghuidhe,
ní fhuil duine
nár shlánuigh;
tuigthe don chine
daonna
nách téid
traothadh ’na ghrásuibh.
3 Creidtior a
n-am an chruatain
don Óigh uasail
’s dá hénMhac;
Mac Dé go ttoil
dá mháthair
maith fá
ghrásuibh d’fhuil Ébha.
4 D’aisiog na
sláinte céadna
Dia lé hégnach
mhic Aodha;
ní cás is Dia lé
Fiachaidh
bheith ag
fiabhras a mbaoghal.
5 Lán beóil don
ríoghfhuil Bhranoigh,
Dia dá chabhair
ón fhiabhras;
d’eagla go
mbeidís claoite
guidhid Gaoidhil
lé Fiachaidh.
6 Eite lúidh
shluaigh an Ghleanna,
seabhac lé
gcleachttar fiadhach,
branán chláir na
mbeart n-ághmhar,
Dia ’s a ghrása
lé Fiachaidh.
7 Fear feithimh
Gaibhle Raghnuill
ó tharla a
bprádhainn tinnis
fédaidh Dia
do-chí ar gcáis-ne,
teacht dá
shláinte chum bisigh.
8 Dia ’s a
mháthair le Fiachaidh!
iomthnúith miana
a lucht fuatha
ná luigheadh ar
mhac Aodha
gomadh saoghlach
a bhuanrath.
9 Comhla thacaidh
fhine Gaoidhiol
Dia do scaoileadh
a thuirsi;
móide clú fola
Cathaoir
nár thuill
tathaoir don fhuil-sin.
10 Ua Seaáin na
ngníomh n-áthuis,
Dia le sláinte
mhic Sadhbha;
ag so cara na
héigne,
Dia dá fhéghain
san am-sa.
11 Maith liom
nách fuilim buidhioch
don té fan
tuirsioch cliara
d’eagla go
gcuirfeadh oram
a bheith rothrom
a bhfiabhras.
12 Mac Aodha
thuillios airdteisd,
fear gan
chaillbheirt ’na chogar,
nár thí bearnadh
a chine
do nimh tinnis ar
domhan.
13 Oighre Dé, cér
ghníomh deacair,
dom dhíon ar
pheacadh marbhtha
don Rí as sine ’s
as óige
téid maithiomh
cóire m’anma.
14 Mac Dé do
thoil a mháthar,
lór a ghrása dár
gcabhair;
do dháil Dia do
chrú an chíghe
fuil na ríghe lé
a ramhaith.