firstLine"; ?>

1312. Maith do suidhigheadh Siol Neill $
Length: very long 58 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O Gara MS 1655-9
  3. RIA 5(23/D/4) 17th cent. Munster
  4. NLS Adv.72/1/44 17th cent.
  5. RIA1076(24/P/33) L.Cl.Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no ix
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. cooperation btn Irish and Anglo-Irish
  3. fertility in reign of just prince
  4. Symptoms of law & order with just prince
  5. cain, tax, tribute
  6. submission, umhla
  7. prophecies of ruler
  8. Highkingship
  9. Historical allusion (Niall & Corc Caisil)
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (BOCD, RIA 2, 5, etc.)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Neill
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1595
Apologue Subclasses:
  1. Eight sons of Niall Naoighiallach: conquests
  2. Padraig:prophecy highkgshp for Sil Eoghain
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith do suidhigheadh síol Néill


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 9]


Fearghal Óg Mac an Bhaird .cc.


1 Maith do suidhigheadh síol Néill

fa chlár mBanbha an fhuinn fhóidréidh;

is leo Temhair is Bóinn Breagh,

na slóigh ó thealuigh Thaillten.


2 Ocht meic Néill fa mór medhor

maith fúair síad a suidhioghadh,

críoch thirmshreabhach na dtrágh seng,

ós clár inbherach Éirenn.


3 Do chuiredar fúthaibh féin

an leth thúaidh d’Éirinn fhóidréidh,

’s gach port don Mhínmhidhe amuigh,

na hocht ríghbhile ós ríoghuibh.


4 Ceathrar don ochtar oirdheirc

triallaid, fa toisg uabhoirneirt,

laoich innillte nár ér sgoil,

ar sén imirce i nUlltoibh.


5 Eang do chóigeadh mhór Meidhbhe

gabhaid dh’éis a n-imeirghe

na hóigfhir nár iarr cabhair,

is trian cóigidh Conchubhair.


6 An dá dtrian oile d’Ulltoibh

do chuir Eoghan d’iomarcoidh,

ní foghuil do bhaoi ar báthadh,

faoi gan chobhair gcombráthar.


7 Do ghabh Eoghan mór mac Néill

ó shruibh Bruin na magh mínréidh

tar Bóinn tseing ngéigleabhair nglain

go Beinn n-éigneadhaigh nÉadair.


8 Ón lósoin gus an lá aniogh

do léigsed gasraidh Gaoidhiol

an gcrích réidh ngoirmealtaigh ngloin

do fhréimh oirbheartaigh Eoghain.


9 Do chosnadur clann Eoghuin

ar ghabh d’Éirinn ilcheoluigh,

craobh eoil as inleanta dhamh,

i ndeoidh imdheachta d’Eoghan.


10 Ní dual cáin orra d’iarraidh

clann nertmhur Néill Naoighiallaigh;

dlighidh branáin chláir Criomhthuin

cáin d’fhagháil ó Éireannchuibh.


11 Géill dóibh ’s gan éinghiall uathaibh,

deighshliocht Eoghain órchuachaigh,

geuga fíneamhna chláir Chuind,

cáir don ríghealbha ó Fhreumhuinn.


12 Cóir dhóibh ’s gan cóir dha cionn

dlighidh siad d’fheroibh Éirionn

fine mór naomhamhra Néill

do phór aonabhla iadséin.


13 Tabhairt umhla ’na haghaidh

ní dual don fhuil Eoghanaigh;

slata cumhra chláir Line

umhla dháibh do dlighfidhe.


14 Ní maoidhte goill Banbha Breagh

fá chloinn Néill na naoi ngeimheal,

fútha is cóir Fionnghaoidhil féin;

dóibh ní hionmhaoidhimh eiséin.


15 Gnáth an pór riamh mur an fhréimh;

an lá as laige síol Saoirnéill

a mbreath féin aca ar Éirinn

slata do fhréimh Ríghfhéilim.


16 Síol Néill an tráth as táire

ní fhuil, d’iúl gach eundáimhe,

ríoghradh mhór mhuighe Criomthuin

a lógh uile d’Éirionnchuibh.


17 Tugsad seinleabhair bhfer bhFáil,

tugsad naoimh Éirionn d’eunláimh

fa chrích móir bhfinnlesaigh bhFluinn

dóibh gan imreasain urruim.


18 Tug Pádruic mór mac Alpruinn

d’Eoghan an fhuilt fhochantruim,

slat shéimhnembocht ón Bhóinn bhinn

éinbhennocht do fhóir Éirinn.


19 Síol Eoghain is Eoghan féin

do bhennuigh uile d’éinmhéin

an naoimhéarlamh ón trían toir

tar fhíadh gcaoimhférghlan gCobhthaigh.


20 Do ráidhsion fa rádh ciallaidh:

“do shliocht mhór Néill Naoighiallaigh

tiomnaim Bóinn mbailbhealtaidh mBreagh”

tairngeartaidh dar cóir creideamh.


21 “Biaidh Éire” ar Padruic na bpenn

“ag síol Néill na naoi ngéibheann,

na leomhain ó mhuigh Midhe,

’s ag fuil Eoghain d’áiridhe.”


22 Do bhádur sé dheighrígh dhég,

dh’éis Eoghuin folt an bhfinnghég,

da shíol ós Gormbanbha ghlain

do bhríogh orlabhra an érlaimh.


23 Mac toirbhertach Néill í Néill

an sechtmhadh rí dég díbhséin

ghébhus íath fhionnghlan Fódla,

triath nach iongnadh d’fhurfhógra.


24 Budh leis ríoghacht fhóid Uisnigh

do bhrígh itche an érlaimhsin;

budh trén Toirrdhealbhach, triath Breagh,

ar iath ngoirmiobhrach nGaoidhel.


25 Do bhen, mur do bhen d’ó Néill,

bennacht uasal an fhíréin

críoch ghnénuaidhe fán mín muir

do thír fhérúaine Eoghuin.


26 Tar crích nÉirionn an fheoir ghloin

bentar dhá bharr san bhliadhain,

d’iath Míonmhacha na gclach gcorr

tre rath fíorfhlatha Frémhonn.


27 Críoch thorthach airdríogh Eanaigh

lán a hinbher d’éigneadhaibh,

cúl re trágh aga tonnaibh,

lán a húr da hiothlannaibh.


28 A lán meala isna moglaibh;

blas fíona ar na fíorthobraibh;

na tolcha lámh re Leamhain

a lán ortha d’fhíneamhain.


29 Tig an turadh tig an ghoil,

tig an ghaoth an uair iarthoir;

tig sí fa fherchoin Oiligh

ferthoin más í iarrfaidhir.


30 Duille do chraoibh ní chuireann,

clúmh da áit ní athroigheann,

nó sról fann fa laoch Line,

gaoth an t-am as aidhbhsighe.


31 Ceol taighiuir i dtengthaibh én

ler fhaoilteach úir is aiér

croinn abhla ar lár ag luighe

fá chlár mBanbha um bhealltuine.


32 Ní éir gaoth ní ghluais foghlaidh

san gcrích n-éignigh n-abhallghlain;

cliath le haondorus ní fhuil

fa iath mbraonsholus mBeannchuir.


33 Do rachadh a bhfoghluidh féin

ar aghaidh sleachta Saoirnéill

ó Thoraidh go Trágh mBaile

slán gan omhain aonduine.


34 Gé bheith sí ar an ród ríoghdha,

do leigfeadh lucht eissíodha

craobh chnuais gan bhéin re bliadhain

do ghúais í Néill Naoighiallaigh.


35 I gcrích Uladh na n-eas mall

acht d’anacal a n-iothlann

aodhuire ní bhiadh ag boin

fa thriath caomhfhuile Cobhthaigh.


36 Ní bentar an t-iarann air

don chrann re headh an earraigh

ó smacht chaithfhéindidh chraoi Bregh

ler aithéirigh gnaoi Gaoidheal.


37 An reacht nuasa í Néill anos

gé bheith a lán ann d’ionnmhos

do shaorfadh é ar fhear bhfoghla

teagh is é gan aonchomhla.


38 Dá dteagmhadh go bhfúigfeadh fear

a bhrat ar bél na sligheadh

ní bhiadh ag aoinneach oile

gidh daoineach d’fhiadh Iughoine.


39 Ar gcúl do-chóidh an fhala;

lór le neach a neamhchara

mur fher aoinleabtha i n-iath Floinn,

fa thriath caoimhshleachta Criomthuinn.


40 Le héinghiolla a hucht Í Néill

do leigfeadh Éire d’éinmhéin

seuda uaisle chlann gCobhthaigh

barr an uairsi ag Eoghanchaibh.


41 Feadh troigheadh ní théid Ó Néill

i gcoinne dhuine dhíbhséin,

’s tigid Gaoidhil chláir Cobhthaigh

i ndáil aoinfhir d’Eoghanchaibh.


42 Tigid Gaoidhil fhuinn Fhódla

’na cheann le fer forfhógra;

ní beg duine ó bhaidhbh Bheannchuir

do ghairm uile ar Éireannchaibh.


43 Amhlaidh sin ní saobh an bhreath

táinic Corc mór mac Luighdheach

dar léig d’iomurbháidh an fhir

go géig fhionnurláir Uisnigh.


44 Sgél fíre ar nach bhfuil diamhoir

cor i gceann Néill Naoighiallaigh,

da neamhthoil re dtocht adtuaidh

do bhreathnuigh Corc an chéduair.


45 “Umhla dhó ní dhiongna sionn,

Niall nertmhur na naoi ngéibhionn;

cáin dom dheirbhfine ní dhligh,”

do ráidh ceinnbhile Caisil.


46 Ód chuala thoir comhrádh Chuirc

mac Eachthach na n-eacht n-ordhuirc

téid siar ar aonshluaigheadh air

tre fhíadh gcraobhnuaigheal gCobhthaigh.


47 Tug chuige i gceann a chéile

creacha Mumhan mínréidhe,

ré lán gan urdhubhadh air

clár Urmhumhan gur fholmhaigh.


48 Fógra catha ar Chorc gCaisil

do chuir triath na Temhraisin

rí fa líonmhuir i ngurt ghliadh

i n-ucht mhíonmhuighe Maicniadh.


49 Do dhiúlt Corc tabhairt tachair

do shíol mhór Chuinn Cheudchathaigh,

cairt ar Bhóinn bhraontairthigh Breagh

aontaighthir dhóibh fa dheireadh.


50 Gluaistear le Corc go ciallaigh

go longphort Néill Naoghiallaigh

ceann na ríoghraidhe ó Ráth Dor

ar sgáth míonmhuighe Mumhan.


51 I Leith Cuinn cian bhus cuimhneach

tug Niall d’airdrígh Iarmhuimhneach,

fa tuar oirbhearta a fhostadh,

toirbhearta agus tuarustal.


52 Síol Néill ón lósoin ale

ós cionn fher nÉirionn uile

slata maoithréidhe múir Cuinn

d’úir na laoichfhréimhe ó Liathdruim.


53 Id cheannsa, a mheic Néill Í Néill

tiocfaid fir Éirionn d’éinmhéin,

i gceann Néill mur do chuaidh Corc

béim ní fhuair as an umhlocht.


54 Mur do ghabh Corc ó Niall náir

tuarustal uile d’eunláimh,

do gheubhdaois uaibhsi, a bharr Breagh,

uaisle gall agus Gaoidheal.


55 Ní ghabh tú toirbherta cáigh

’s do-bheir tusa, túar iomráidh,

toirbherta is ní do gach neach,

a rí as oirdherca oineach.


56 Tusa do chur ós a gcionn

ní béim ar fheroibh Éirionn

dúal na mionshrotha fán muir

a sduagh Fionnlocha Feabhuil.


57 Ar chrích Bhanbha an fhóid iobhraigh

budh rí thusa, a Thoirrdhealbhuigh;

tú as céile do thigh Teamhra;

sibh is Éire d’éinmheanma.