firstLine"; ?>

1313. Maith fear mar chach a Chormaic $
Length: very long 50qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th ult
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. apology mp
Manuscripts:
  1. UCD Gaelic MS 18 E. O’Curry 1839
  2. RIA 3 (23/L/17) S.OMurch. na R. 1744-5
Prints:
  1. transl. Studies xxxix, 91-9
Motifs:
  1. envoi to wife of patron
  2. imagery for patron
  3. praise of personal appearance
  4. poet as patron’s lover
  5. Material rewards for poetry
  6. patron attacking poet
  7. legal terminology qq 13-16
  8. another poet named
  9. allusion to Ruaraiocht
  10. proverbs qq. 1, 16
Poet Christian Names:
  1. Fearghal (RIA 3)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh (d. 1420?)
Patron Christian Names:
  1. Cormac mac Cormaic [Bhallaigh, d. 1361]
Apologue Subclasses:
  1. Synod DruimCeatt: unjust satire of Dallan
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith fear mar chách, a Chormaic


[Lambert MacKenna, ‘Some Irish Bardic poems’, Studies 39 (1950), 91-99]


Fearghal (son of Tadhg son of Aonghus Ruadh) Ó Dálaigh, died 1420. On how his grandfather quarrelled with Cormac Ballach Ó Maoileachluinn († 1362), King of Midhe, father of the Cormac here addressed.


Fearghal Ó Dálaigh .cc.


1 Maith fear mar chách, a Chormaic,

ar ttionsgnamh ttém nósordhruic

seanfhocal nach saobh re rádh,

[a] chraobh ghreadhshotal ghnúsnár.


2 Ní guth d’aoinfhior, a ucht seang,

bheith mar bhíos cách go coitcheann;

fear mar chách ní cúis t’uidhe,

a ghnúis mar bhláth Bealtuine.


3 A Chormaic na ccéimeann ndeas,

a-táid cách dhamh go díleas;

créad ma ccéalmais é más eadh

ós é a-déarmais fa dheireadh.


4 Innistear ód chneas mar chuip,

a mheic Cormaic, a Chormuic,

gan tú leo umuinn amhlaidh,

a eo a Lunnuinn leathanghlain.


5 Ní [oba], a ua na cCormac

dar sgaoil Fódla fochanbhrat,

beith am cheann seach cách uile

an fáth as fhearr fhéachfuidhe.


6 A-táid cách go díleas damh

acht tusa, a thaidhleoir Cruachan;

ná bí amhlaidh gan láimh linn,

a rí chláir abhluigh Oilill.


7 Muna [bhéis] ní as dílsle dhamh,

a Chormuic na cceard lúthmhar,

bí a ttír chách im ar cceann

do-chínn mun [bhfáth] dhá [bhfuighleam].


8 As usaide a dhúsacht duit

arguin re chéile, a Chormuic,

a fhios tarla ag cách cheana,

a bhláth abhla óigfheadha.


9 T’athairsi, a ua na cCormac,

[uasal] fad a [bhfearannlot]

creach Aonghuis Ruaidh do-rinne,

cleath chuain bhraonghluis bháinFhinne.


10 Ní dhiongnadh sé ar son a chruidh

arguin ollamhun dúthaigh

muna bheath adhbhar aige,

a chleath armghlan Fhánaide.


11 A Chormaic, a chroidhe glan,

más fíor dáibh dob é a adhbhar

- mairg re a mbeanann beacht an sgeoil -

teacht ón fhearonn dá aimhdheoin.


12 Táinig imreasan as soin

gur gríosadh dá éis t’athoir;

duid féin narab séad samhail

sgéal an bhuig fhéil fhearamhail.


13 Na cionnta sin leath ar leath

as í an chóir, a chiabh ghlúineach,

a ccur as mar as dú dhaoibh

go nach clas tú do thathaoir.


14 Dá ndearnam breath red bhais ccuirr

umpa, a mheic Í Mhaoil Eachluinn,

fada as dóigh an bhreath gan bhreith

dá ndeach ar ccóir ón chéidbhreith.


15 A mheic Ccormaic chorcras ga,

aithnidh duit dáil na córa;

muna thí an chóir le chéile

badh dóigh í ’na haimhréidhe.


16 Leigeam seachainn sin mar sin,

ní maith cóir idir chairdibh;

ma cheann ná bíom ag bagar,

’s fearr síodh iná síorchagadh.


17 Gach cagadh, gach díth daoine,

gach fala, a ghnúis ghéagnaoidhe,

téid sin ar síoth fa dheireadh;

ar bhfíoch libh ní luaidhfidhear.


18 Dá ndiultaoi dáil gach sgoile

ma n-aoradh ma [n-ionghoire]

neach dhíobh ní bhiadh sa Bhanbha

ag riar ríogh is ríoghdhamhna.


19 A-táid riamh, ní reimheas ghearr,

d’aithle aortha fhear nÉireann

ar síothcháin gá síol ó shoin

gan fhíochbháigh ríogh dá rochtoin.


20 Nach leor duitse dá dhearbhadh,

an sgeolsa, a ghlac géagsheadhmhar

craobhshlat gan chúl ret oineach

ar Aodhmhac n-úr n-Ainmhireach.


21 Aodh mhac Ainmhireach fuair teann,

airdrí oireachais Éireann,

bladh dá ccuala d’iochd Aodha

red shliocht uadha as iontaobha.


22 Dallán Éigeas nar éar sgoil

ollamh Éireann mun amsoin;

sgol trí gcaogad dámh Dhalláin

sa chlár craobhbog cnuasfhalláin.


23 Seacht bhfichid fa fraochdha an dámh

is deichneamhar do Dhallán

ag cor chuarta na Banbha

sgol ruagtha gach ríoghdhamhna.


24 Fa hé bioth do bhíodh aca,

an dámh fhaobhrach allata,

sluagh Gréag do ghialldaois don dáimh

gach séad da n-iarrdaois d’fhagháil.


25 Nuair do riarthaoi iad uile

ó fhichid go haonduine,

dá ndíol gion gur nár do neach,

an dámh do bhíodh go buidheach.


26 Gá dtú acht táinig dá ndoirbhe,

’s do chorroighe a ccomhoirle

maithe mhuighe Fódla Finn

dá ffógra uile a hÉirinn.


27 Dallán Éigeas dá éis sain

téid ’s an tromdhámh go Teamhraigh,

ráth úr na mbraonshlat mbileach

fa dhún dh’Aodhmhac Ainmhireach.


28 Congbhais Aodh - fa heineach teann -

gér mhaith saith le sluagh Éireann,

feadh bliadhna an tromhdháimh ’na thigh

’na ccomhdháil chliardha cheirdigh.


29 Gabhaid cead a ccionn bhliadhna,

ag Aodh an ghég fhuiltniamhdha;

dob aithnidh dh’Aodh bríogh a mbeart

gan díol níor fhaomh a n-imtheacht.


30 Rí Éireann ar ndíol a dhámh

ag dealughadh re Dallán,

“Beir leat mh’eirreadh agus mh’each”

ar an tslat [neimhmear] náireach.


31 Nochtais a bhruinne mar bhláth,

sgaoilis de an t-eirreadh iongnáth,

tug an seingfhear ón Mhuaidh mhir

a eirreadh uaidh don fhilidh.


32 Dealg a bhruit do leig ar lár

gá sgaoileadh dó do Dhallán;

do-chuaidh an dealg ar dearmad

ó sduaigh na sealg soineannbhog.


33 Do chionn dearmuid an deilg óir

do bhí a mbinn an bhruit dhonnshróill

do aor Dallán mar nar dhligh

Aodh ger [fhanndál] don fhilidh.


34 Ionnsoighid Colum Cille,

barr einigh ar n-Éirinn-ne,

fairbríogh ’nar daoradh an dream,

ar n-aoradh airdríogh Éireann.


35 Bliadhain do bhádar aige

gan doichioll gan dochraide

dá riar ag Colum Cille,

fa chomholl fhial fhírinne.


36 Go Druim Ceat a ccionn bhliadhna

tig Aodh an airm oirniamhdha

is sluagh Fáil na ttorann tte

’na ndáil go Colom Cille.


37 Tug Rí Éireann ann sin síodh

do Dhallán [mhear ’na] mhíghníomh,

is tug don tromdháimh ’na cheann

a cconmháil ar fhud Éireann.


38 Síth do Dhallán tre eineach

mar thug Aodh mhac Ainmhireach,

tairg sa fhalaidh nach díoth duit

síoth dar ccabhair, a Chormuic.


39 Leig seocham suim do mhóide,

ná cluineam cúis th’urchóide;

maith gach síoth bhias gan bháthadh

bíom ’nar ndias dearbhráthar.


40 Réidhidh eadrom is t’ucht bog,

ag so an coiscéimsi chugad,

narab aithreach dhúinn ná dhait,

a dhúil chaithmheach, a Chormaic.


41 Gabh chugad an lámhso ad láimh

a hucht chumaoine is Chiaráin

ar naomh dúthaigh leath ar leath,

a chraobh rer dhlúthaigh deighbhreath.


42 Meisi ar th’ionchuibh, a ucht seang,

a dhos díona dhámh nÉireann,

a rí as neimhnighe a n-am áigh,

a cheinnbhile clann cColmáin.


43 A leannáin lucht ar cceirde,

a ghnúis ar ghné an doinnmheirge,

a chraobh as neartmhaire a-nos

a thaobh sneachtaidhe solos.


44 [A] aithghin Fhearghuis mheic Róigh,

a dhídean cháigh a ccédóir,

a Cholmánaigh gan mhóid min,

a óig shoghrádhaigh shoilbhir.


45 Ní hurusa, a fholt na ngleann,

cur riot ar chródhacht ccéimeann,

ná ar fhéile, ós í do dhearbhais,

ná ar réidhe ar tí tighearnais.


46 Feitheamhnas nach faiceann cách

is féile ar nach fuil ursgáth

a-tá, a Chormaic ad chridhe,

ordhraic trá do thréidhighe.


47 Dá tteagmhadh go ttiocfadh neach

do chur ghill red ghruaidh ttéigleach

as usa an geall do dhul duit

ná cur ad cheann, a Chormuic.


48 A mheic mhíolla Í Mhaoil Eachluinn,

a óig géagdha gheimhealchuirr,

badh rí ordhruic rí do raith

dá tí, a Chormaic, do chomhmaith. Maith


49 Maith gach bean do bhiadh mar sibh

a Dhearbh-áil inghion Laoisigh

’na géig ionnraic bhinn bhádhaigh

’na fionnfhlaith shing shoghrádhaigh.


50 Geall teasda as tú do chosain

do mhnáibh mhaicne ó nDíomasaigh

gan mnaoi a-nos fa rian do raith

cian ó do-chlos do chomhmaith. Maith