firstLine"; ?>

1315. Maith mh’anacal ar fheirg nDe $
Length: short 12qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLI G 127 Richard Tipper 1713-15
  2. RIA 151(23/D/13) S.MacSolaidh c.1713
  3. Mayn. M 84 S. O Murch. na Raith. 1738-
  4. NLI G 40 18th cent.
  5. RIA 256 (23/G/23) M.OgOLongain 1800-
Prints:
  1. transl. McKenna AOD p. 8
Motifs:
  1. envoi to archangel Michael
  2. imagery for BVM (gloin na ngras, q. 7)
  3. Role of BVM in man’s salvation
  4. legal terminology (eiric, q. 6)
  5. childhood/fosterage
  6. Sea-voyage
Poet Christian Names:
  1. Aonghus na Diadhachta (RIA151, G127)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith m’anacal ar fheirg nDé


[McKenna, L.: Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem 8]


Do’n Mhaighdin Mhuire


1 Maith m’anacal ar fheirg nDé

banaltra a leinbh gach laoi

tugadh is teach le hóigh é

cóir Dé [nó] go ndeach fa dhlaoi.


2 Lá sgarthana Dé na ndúl

go mbé an bhanaltra ar mo sgéal

déanadh bean as bhuime an Ríogh

síodh ar gcean le duinne a déar.


3 Tug an tAthair na alt féin

a mhac lé sanais dar siair

cóir do [dhealbhuigh] é dom óigh

cóir Dé [go ndearnaid] na dhiaidh.


4 Lucht mo luinge i dtír do theilg

ríoghan re hucht buinne bhuirb

bean is tigh tar deacra an deilg

[is] tar fheirg fhir leanta an luirg.


5 Atá séala ar th’ocht-ghuin uain

ar a docuir déanamh rúin

cionnus soin is goire ar ngaoil

goin an taoibh na hoile i n-úir.


6 Díol t’fhola ní héidir liom

t’éiric re [tobhach] is trom

[gidh eadh] do bhéar cóir [sa] chrann

[’s a] bharr ar óigh na ndéar ndonn.


7 [Gidh] mór [díon] nar fóireadh fós

do shíol ó do chóidh i gcruas

do chonnairc tú a ghloin na ngrás

fás ar do chrú sa toigh thuas.


8 Do [thol] tugais gus an óigh

deacraide dol i na diaidh

rugais féin na [loinne] lúidh

do shúil re béin cloinne a ciaigh.


9 Do luach a guidhe do ghéabh

Muire tar guasacht mo ghníomh

síodh dá láthair mar as lór

ógh is máthair Ríogh na ríogh.


10 Bean dar gealladh inmhe ard

inghean nach leantar a lorg

bríogh a guidhe ’s a déar ndearg

fearg t’fhuile ré béal ní borb.


11 Gach éan-dóigh dá ndeachaidh dínn

le héagcóir ar [bhfaladh] féin

ar ndíon ní dheachaidh fa dheoidh

d’eachair beoil an Ríogh do réir.


12 A Mhichéil m’anma rom fheith

a ndearna dod mhí-réir maith

bím an uair-se ós aird id leith

led bhreith luain-se mairg [nó] maith. MAITH