firstLine"; ?>

1319. Maith rainig a ttreisi Taidg $
Length: very long 46qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 888 (12/F/8) O’Curry trscr. RIA 5
  2. RIA 5 (23/D/4) 17th cent. Munster
  3. Mayn. C 81 O’Curry transcripts
Motifs:
  1. Envoi to spouse
  2. envoi to Paul and BVM
  3. qualities of character
  4. imagery for kingship ? (buachaill)
  5. functions of kingship
  6. legal terminology (eighre, sealbh)
  7. historical precedent
Poet Christian Names:
  1. Domhnall mac Taidhg (RIA 5)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Tadhg an Fhorsa mac Diarmada
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh d. 1618
Apologue Subclasses:
  1. Cian O Cearbhaill’s three sons quarrel
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith ráinig i dtreise Tadhg

[RIA 5 (23/D/4), 154]

Domhnall mac Taidhg I Dhálaigh cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Maith ráinig a ttreisi Ta(i)dg

mír chruaidh nach onna a n-ioma(i)rg

láimh re riaghail ráinig neart

cialluidh táinig a ttreiseacht.

2 Ní fóirneart ní fíoch troda

do mhéaduigh mac Diarmada

ní le feidhm slua(i)gh[aidh] na sleadh

do bhuadhaigh seilbh a shinnsior.

3 Croidhe réidh gan rún ngoimhe

mían síodha toil treabhaire

dob adhbhar da theacht as-teach

a cceart adhbhudh a aithreach.

4 Ar áitreabhudh na oireacht [155]

ar aisdear ar easguidheacht

ráinig an fonn-sa as árd ioth

Tadg an Fhórsa go háiseach.

5 Gan troid gan bheirn gan bhaoghal

gan neimh arm na iolfhaobhar

slat bhuaidh is fialbhuga d’fhuil

fuair mac Diarmad[a] a dhúthuig.

6 Tarraig da bhriathruibh bláithe

dul a neart ’s a neamhthláithe

tarraig da labhra mín mear

tarbha an tíre ’na thimcheall.

7 Ní fairbrígh ní freagra rod

ní meinn luath ní lot carod

ní cailg san chunnradh cheanglus

turbhudh Taidg ar thighearnus.

8 Tugsad doi-séin leath ar leath

a chruas reachta a rún chreidmheach

a dhíon ceall a chuing smachta

Gleann an Chruinn ’sa chumhachta.

9 Ní thiucfadh Tadg an Fhórsa

a ttreisi na talmhan-so

as a neart ce tárrla teann

gan labhra ceart is cuingheall.

10 Do-chuala Tadg aithnim air [156]

sgeala an trír tarrla a n-iomaidh

triar mearfuill fa beinne [leg. mé-?] tréan

d’féile Í Chearbhuill a cceinél.

11 Cuaine forraonda feacht n-aill

trí mic do Chian Ó Chearbhaill

triar géigmhiola da(r) bhfiar fiodh

triar dob eigrionna acht aoinfhear.

12 Fásuig tnúith an trír braithreach

ar tteacht timcheall aonlaithreach

trí croinn dob oirdhearca d’fhiodh

fa roinn oighriochta [a] n-aithreach [leg. -eadh?].

13 “Ní fuighthi ar-aon a dhías dil”

dob é riú rádh a sinnsir

“roinn don dúthchus is dual damh

uaim” ar an cúlchas cleachtmhur.

14 “Fód don tír-si a ttarrla sibh

ní thiobhruinn d’áis na d’éigin

díbh ar grádh De na duine”

as é rádh ar rullui-ne.

15 An fear tánuiste as é a fhíor

do líonadh d’feirg is d’eisíoth

fiochaid(h) gruaidhe an bhaistig bháin

uaidhe ar cclaisdin an chomhráidh.

16 Gabhu[i]s a arm laoich ’na laimh [157]

a-dubhairt an déidgheal dreachnár

“do-ghebh ceart munab marbh me

le neart is lem arm uaibh-si.”

17 “Mo chúis ní léigebh[-sa] libh

d’onóir na d’uirrim sinnsir

cúl mo choda do chor rinn

na ar son troda go tuitim.”

18 “Gan an roinn is dleacht damh-sa

d’faghail don eing thalmhan-so

ní bhiú-sa a bhráthair réidh ruibh

do láthair a fhéil ionmhuin.”

19 Guídhi(o)s an mac óg eile

“a thánuisdi toghuidhe

fa fhuil ar n-oighre na beirg

sguir dod dhoilghe ’s dot dibhfeirg.”

20 “Ní feas damhsa na dhuit féin

a bhráthair fhiochdha airmhghéir

an lat an fód fa bhfuile”

ar an mac óg eagnuídhe.

21 “A bhráthair óig an a[d] t[h]osd”

ar sé “na sir mo theagusg

glór simplidhe na ráidh rúm

ní cóir impidhe orum.”

22 “Meisdi dhaoibh nach deantar lat [158]

teagusg orm” ar an t-ógmhac

“díoth tuigsi h’aighneas re headh

budh aimhleas duit-si a dheireadh.”

23 Tig as-teach mar do thairngear [leg. -ir?]

ráitthe an óigmhic iulmharghlain [leg. -mhairghil?]

dá bhráithribh don chloinn chogthuidh

don druing aithmhir iomarcuidh.

24 Tuitid timceall na láithreach

le chéile an dís dearbhraithreach

goirthear ’na thriath an treas mac

fa leas da íath an t-iomlat.

25 Iomthusa an fhir dob óige

nar thaghuill teidm urchóide

do bhuaidh a cheille go ceart

do uair fhéile gan fhóirneart.

26 An mac óg a[s] sé ar sómpla

fríoth leis luach(d) a umhlachta

toisg an chathardha ghrinn ghlic

do ling athardha an óigmhic.

27 Mar an macaomh réidh reimhe

frioth le Tadhg triath Maonmhuighe

sealbh na críche is ceart da fhréi[mh]

na fríthe fa dleacht doi-séin.

28 Le ceill le haigneadh innil(l) [159]

ráinig mac mhic Feilimidh

bas seang is nathardha neart

ceann a athardha a n-oigreacht.

29 Rochtuin na tíre a ttá a threabh

ní hiongnadh d’fhior a threidedh

gargghlac gan ghuaisbhéim ttroda

Tadgmac duaisréig Diarmoda.

30 Tír a shean ge madh linn lán

ní maoithe do mhac Siobhán

bheith ar chion oighreachta an fhuinn

d’fior a oirbhearta d’acmhuing.

31 Nírbh iongnadh da bhfaghthaoi leis

do roinn dúthaigh no dhílis

radharc fuinn ann [leg. eang?] gan oilbhéim

tar Ghleann an Chruím chnocaimhréidh.

32 Fiú umhlacht aigeanta Taidg

a bhfaghar le a ghnúis ghealáird

fiú a uaisle nách fuláir dhi

faghail a bhfuair-si d’innmhe.

33 Méin oircheas aigne fheasach

tagra réidh rún foilcheasach

gan ró gan iomarcudh ann

ní diomoltar dhó a ndeanann.

34 Deachairt d’fírinne agus d’iocht [160]

dlighidh triath [da] tig oighreacht

le mbia a chríoch ar coimdhe faoi

gan dioth oighri na iardraoi.

35 Dlighidh bhós buachuill pobuil

bheith dó gan rún rochoguidh

gan rún eagcora d’iarruidh

súr eadála a n-imccianaibh.

36 D’fhiachuibh ceirt gach cinn fheadhna

a bheith abuidh infheadhma

seal re dein[i]m cean is creach

agus seal ceillidh caithmheach.

37 Inhgill tarla is na treidibh

Tadg an flaith an fírfheinnigh

gnúis fhial um éadail gach f[h]uinn

ní iar[r] éagáir ní fhuiling.

38 Beart budh adhnár da ghnúis ghloin

ní clos fós feadh a shaoghail

go ndearna Tadg tar a threibh

a meanma árd nír ísligh.

39 Ní fuighthe mar fuair seision

a oighriocht a innmhi-sion

a ttair d’iomluagadh an fhir

acht le hiolbhuaguibh éigin.

40 As dá mheanma shéimh shubaigh [161]

no as da oineach iomchubaidh

no as don reacht nách sáruidh sin

táruig a ceart go ciallaidh.

41 Nó as í uaisle is umhlacht

tug do ’s gan dol a n-iomairgr

gach a bhfuair d’oighriocht a shean

no buaidh deghbheart do dhéanamh.

42 Fúicfidh Tadg san tír-si faoi

do dheoin Dé oighri is iardhraoi

a chuid tíre o chloinn Charrthaigh

na croinn fhire d’Eo(n)g[h]anchuibh. x

43 Do-chí Pól más peacach sinn

do-chí fós inghean Iaicim

gein bhuadha do bhí re flaith

do mhnaoi ní chuala a comhmaith. Maith...

44 Deghingean Ruadhraoi rún dil

slat réig do shaorchloinn tSíthidh

ní thuillfe sí a dearmad damh

is neamhghrod hí is is umhal.

45 Geag bhannda nach beg sonus

ben gan fíoch gan faltanus

gnúis bhuigneach is búan dtionóil

an sduadh fhuilngtheach Eilíonóir.

46 Cubaidh ria ní diongna dhi

rochtain di a n-ainm ’sa n-inmhe

croinn uaisle gach gég ór ghin

a huaisle d’ég nír imthidh. Maith...