firstLine"; ?>

132. A theachtaire theid a-nonn $
Length: short 12qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. riddle wp
Manuscripts:
  1. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 Co. Offaly
Motifs:
  1. poet sends messenger
  2. praise of personal appearance
  3. Pains of love
  4. riddle
Poet Christian Names:
  1. Maolmhuire (RIA 6)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn (.i. an tEasbog)
Apologue Subclasses:
  1. The salamander
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A theachtaire théid a-nonn

[RIA 6 (23/I/40), 76 ]

Maolmhuire Ó hUigin[n] .i. An tEasbog

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 A theachtuire théid a-nonn

deimhin sgél sgaoil-si romhom

na gabh uaidh tré fhiadh oile

triall budh thuaidh a thechtoire.

2 Os éigin duit dul budh thuaidh

naiscim ort d’uain no d’anbhuain

boing thall fan tí do thoghas

na bí(odh) and ’na amhoras.

3 Go mnaoi éigin [leg óig an?] abhra mhoill

beir mo shuirghe a ccruth cumoinn

’s an drong rand-sa um fhiadh nOiligh

triall mh’ansa da hionsoighidh.

4 Ní faca la riamh roimhe

in tí ’ga ttá m’ionmhoine

a sherc choidhche thrinn ag tocht

is bidh gach n-oidhche ar mh’adhort.

5 Mar fuaruis a fhir chomtha

be[i]r uaim cuid da chomhortha

cúis ar meraighthe as [s]í sin

nemhaithni(dh) í 7 aithnidh.

6 Ruisg mhalla go ngné ngloine

do-chife tú a theachtoire

’s gruaidh lethluisneach da lean toil

nemhthuirsech f(h)er da fechoin.

7 Géga blaithe bas leabhar

nac sguir dail an duilleabhar

’s troighthe maillgheala as mín snas

sín na hairrghena a[n] t-eo[las?]

8 Do-chífe cúisi toile

bel derg is déd sneachttoighe

’s a buinne mar bhláth n-ábhla

uille ag cách an comardha.

9 Da bhfechta ar a bfuil a-bhos

congnamh oile dot eolos

’s air a bhfuil thall do thoruigh

ni bhfuil ann a hiondshamhuil.

10 A hainm don sgoil sgaoilfe[i]dh mé

láil finden Choluim Cille

ní ba snaidhm dóibh nac dhoiligh

Boinn ’na hainm iairfoidir.

11 An salamandar a[s] se a samhuil

geintearar[a] hiondhshamhuil

slat do ghelfhiodhach chlann gCuind

a geniolach ann admhuim.

12 Gruag na hóighe m’ainm-se féin

luach mo ghráidh da gruaidh shoilleir

toirrse do-cuaidh a chroidhe

sloinn-si a thuaidh a theachtoire. A Teactoire...