Poem in printable PDF format
Maith re
sírleanmain síol mBriain
[RIA 11 (E/iv/3),
200]
[Rannaíocht Mhór,
Ógláchas]
1 Maith ré
sírleanmain síol
mBriain
fir
nár ghabh a ngliadh ó ghleo
ag
soin tús nách tig do chách
seanfhocal bhias go bráth beo.
2 Leanfaidh mise
ní luadh rádh
do
chloinn Táil do
lean gach órd
más
fíor seanráidhte na sen
’s
mairg file nách lean a lorg.
3 Léna mhenmain
théd gach fer
nó go
ttugar mo sheal dáibh
lém
thoil ní sochurtha srian
tugas
mo mhian do chloinn
Táil.
4 D’aicme Cais do
lean gach órd
leanfaidh mise ar lorg mo shean
ar
mbreith a rogha dá gach aon
leanfaidh a rún
féin gach fear.
5 ’S iad ag
leanmuin d’fuil na
mBrian
dom
shinnser riamh maith do-chuaidh
tar
chloinn Chais dá
leanann cách
ní
fhuil táth iarruinn
fhuair.s
6 Ní bheires
grádh cumas ciall
ó tá
mo thriall go cloinn Chais
ní
bhus faide ag ceilt mo rúin
ní
bhfuil mo shúil ré techt tar ais.s
7 A-tá d’fine
bonnghlan
Briain
mo
shúil ’na ndiaigh a-tá fós
is
cenn uidhe dá gach
sgoil
fir
dá ttugas toil ar ttós.
8
Roinnfiod mo rae ré
ndul siar
is
do-bhéar do thriall mo sheal
do
cheann Ó mBriain
do-bhéar tós
is
leanfad fós do gach fear.
9 Conchubhar ’na
thriath ós chách
rígh
ó Mogha go bráth biaidh
fer
do ghabh ré díol gach úird
agam
d’fíonfhuil bhuirb Uí Bhriain.
10 An dara seal
dhamh ’na dhiaigh
Donchadh Ó Briain
a-deir mé
ós
geis dó gan éara fer
do-bheara mé ní dom ré.
11 Cuis oile fá
ttiobhrainn
seal
do
Mhurchadh mher is
mór grenn
sé
ionann d’oineach et
d’arm
’s an
Murchadh marbh
do bhí ann.
12 Córaide dhamh
m’uigh ’na ndiaigh [201]
trí
mic Briain na n-arm sean
seachnadh carad budh olc díobh
bíd
re bíodhbaidh borb
gach fear.
13 Fir nár ghabh
eagla ná éad
leis
nár chuiredh bréag
ná bú
file
fá ór náchar ob
do
dáileacht [leg.
-eadh?] eacht ara
cclú.
14 Fir nár
cuiredh ceim ar
ccúl
do
féaghadh súd a
ndáil (an) óir
d’fior do chionn a
chlú do chor
dul
do thaisge orraibh nár chóir.
15
Clann
Toirdhealbaigh na
cciabh lag
lé
gleodh nár sgar sin fán ccéim
dá
gach fer dhíobh théd an geall
an
tráth dob ferr fine Néill.
16 Táinig cíos
Banba go Brian
do-chím cliar dá chur a suim
mo
shúil a ccuid do chrích Airt
ag
soin a chairt ar chloinn cCuinn.
17
Roinn
Chuinn ré
sinnser na mBrian
ní
raibh is ní bhiadh go bráth
leath
Éirionn lé Caisiol
Cuirc
is
neart síol Luirc na lann.s
18 Bainfid súd is
ní breath bhorb
do
chrích Logha ar lorg a sean
má
toil neamhthoil dá gach cloinn
rogha
is roinn dá gach
fear.
19 Fuil dá
huaisle do chrích Cuinn
ráinig is ní suim do chách
a
ccóimes re crú na mBrian
ní
raibh is ní bhiadh go bráth.
20 Fir is mó
cádhas ar chléir
do
chlannaibh Néill
bheirios barr
nár
filleadh a ngliadh
tar ais
do
bháigh clú ó cCais gach clann.
21 Triar is
ferr lámhach is
lúth
lé
ráinig tnúth fhine Táil
triar
is ferr déanamh is
dealbh
a
ngníomh do derbadh
a n-am áigh.s
22 Tar gach
sinnser ó ttéid súd
dob
iongnadh dhúin dul
dhá chleith
a
ndul tar gach flaith dá mhéd
a
ngníomh féin bheires do bhreith.
23 Trí huaithne
áigh nár thuill guth
clann
Toirdhealbaigh go
ccruth ccaomh
trí
dhamhna lé mbrister
fóir
is
crobhuing óir taibh ré taobh.
24 Rachat d’fhios
na bhflaithedh
bhfial
ní
smuinim triall ó gach flaith
níor
sgar file riu acht
réigh
gach
fine díobh lér mhéin maith. Maith ré...