firstLine"; ?>

1321. Maith trath do thoigheacht a Thaidhg $
Length: short 12qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 236 (B/iv/1) Daibhi O Duibhgeann. 1671-
  2. TCD 1419 (H.6.15) M. Newby 1714-15
Prints:
  1. O Raghallaigh, Fili & Filidheacht Chonnacht
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. nobility of ancestry
  3. honour received from English king
  4. imagery for rulership (buachollacht)
  5. cios, tribute
  6. legal terminology (oighreacht, breath)
  7. Sea-voyage
  8. oirchinneach
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Muimhneach (RIA 236)
Poet Surnames:
  1. (O Duibhgeannain TCD 1419)
Patron Christian Names:
  1. Tadhg mac Taidhg mhic Bhriain Bhuidhe
Patron Surnames:
  1. O Rodaighe
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Maith tráth do thoigheachta, a Thaidhg

[RIA 236 (B/iv/1),125b]

Ferghal Muimhneach [Ó Duibhgeannáin] cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Maith tráth do thoighecht[a] a Thaidhg

do thurus is túar ainaird

tre iomchur na ngáothlúath nglan

tiomchol o sháorchúan Saxan.

2 Do thoidhecht o eing go heing

eidir Albuin is Éirind

loinn lem arr mbreith bhúaidhe dhuit

dot dreich núaidhe núadhbhuig.s

3 Oirchinnigh chóigidh Chonnacht

trath dhuit bein dá mbúachallacht

’sa m(b)odhsuine ar ccúl do chur

a rún cobhsuidhe cíallmur.

4 Oidhre Fiodhnach fuair a-noir

’na sgribhinn leis o Lunnduin

dá ttug síos go tenn tenguigh

cíos seng ar na seinchealluibh.

5 Tadhg mac Taidhg mic Briain Bhuidhe

do [fh]réimh ríoghdha Rughraighe

béraidh a oirbhert inn tar ais

go hoirrderc ’nar ccill chádhais.

6 Buain d’óidhrecht an fhuinn sgathaigh

ma smúain easbog Ardachaidh

cuirfidh sé síos a shochar

gan chíos ós é a ordachadh.

7 Sgáoilfidh ar ccíochbhrat cumhadh

sreathfaidh dhinn ar ndocamhol

líonfaidh crú chathiarsma ó cCuinn

a-nú athsiansa ionainn.

8 Cuirfidh sé san riocht roimhe

cealla Mhuighe Máonmhaighe

gan sgís ’na suidhe go sáimh

a-rís ón uile éccáir.

9 Thú fhóirfes a mbreath bhroide

is dhíochras a ndochraide

’s do sgáoil dogruing a ndeacra

dot th’fhoghluim sháoir sháoidhechta.

10 Thu a bhfurtacht a n-am eigne

is cabhair a ccoimhéigne

thú a n-aonndóich don uile fher

cuire cáomhshlóigh dar ccóigeadh.

11 Thú aonlíaigh leighis a luit

a áirsigh do chrú Cormuic

thú an t-aon do fhóir orra

nar chláon cóir ach comhtroma.

12 Ó Roduighe run treórach

ar tTadhg feasach fíreólach

mac Núathladha nar ghlac goimh

ar mbrat súanfadha sochraidh. Maith...