firstLine"; ?>

1323. Malairt crotha ar chrich Luighne $
Length: very long 58qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597 + additions
  2. RIA 72 (3/B/14) M. Og O Longain 1826
Prints:
  1. transl. McKenna, BOH, no. xxv
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. qualities of patron’s character
  3. land as spouse of ruler
  4. fertility of land under true prince
  5. functions of kingship
  6. cios, cain, tribute
  7. Hostages
  8. landscape withers in ruler’s absence
Poet Christian Names:
  1. Maolmhuire (O’Hara MS)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Oilill mac Cormuic Oig
Patron Surnames:
  1. O hEadhra d. 1685
Apologue Subclasses:
  1. Phyllis mourns Demophon, becomes tree
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Malairt chrotha ar chrích Luighne


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 25]


Maol Muire Ó hUiginn .cc. d’Oilill Mhac Cormuic Óig


1 Malairt chrotha ar chrích Luighne;

do-chuaidh uaithe ar éaccuimhne

a hanchruth ó ’né go ’niodh;

do sgé a n-amhlach a hinnriomh.


2 Do theilg dhí a deilbh mbrónaidh,

do dhiult dá dúil n-ochónaidh,

do reac uaidh a dreich ndubhaidh,

do theith gruaim ón ghealtulaigh.


3 Deallradh corcra chnoc nuaidhe,

briocht seirce síoth bhféaruaine,

meas órdhuighe re a ccrom coill,

is coll chnóbhuidhe i ccrobhuing.


4 Duille glasa ag gormadh fiodh,

caora donna a ndath doiriodh,

tír fholtsholuis na n-eas nocht,

boltonuis leas is lubhghort.


5 T’aire riot, a ráith Ghráinne,

cuir fad ochtaibh úráille

ba ccaoir ndeirg ndoinnfhéoir ndathaidh

fan leirg moingréoidh minsgathaidh.


6 Coimhéid coimheid, a mhadh Marr,

nimh fhormuid d’inghreim t’fhearainn;

ná faiceadh fear iomthnúidh ibh,

a bhean an fhionnchúil fhailghigh.


7 Déana an ccéadna, a chríoch Ceara;

cuir fad chéibh coillgheala,

a bhean na mbláth n-iongnadh n-úr,

sgáth dod ionnramh ar iomthnúdh


8 A-tá timcholl do thaobh nglan

briocht gach sgéimhe dod sgiamhadh,

do bhrotha loinneardha lil,

sgotha doinndealbhdha druimnibh.


9 Barr comhchorcra ciomhas learg,

gile choille craobh ndoinndearg,

srotha meadha is foighreadh fair

doinnbhleadh na meala muchaidh.


10 Do breithfidhe, a bhean sgiamhach,

ar nochtadh t’fholt n-óirsgiamhach,

go mbí, a dhealbhdha ghéigil ghrinn,

meanma éigin fat inntinn.


11 Ciodh nach náireach dod chéibh ccais

sgeith antola agus álghais

tar an ccuid oile dh’iadh mBreadh,

mian do thoile nó an dtuigthear,


12 Tuigim, tuigim, a ndearnais,

a chríoch an fhuinn oirearghlais,

tar magh Meadhbha an bhrogha binn,

meanma do thola tuigim.


13 Do-chuala thusa, a ghnúis gheal,

Oilill Ó hEadhra d’fhilleadh

is do dhreach gheal dh’innioll ort,

a bhean na n-innioll n-éattrocht.


14 As dó tuguis trillsi sreath

ar cholbhudh do chiabh ffáinneach

a ráth na n-aoillearg n-amhra,

fan bhláth ccaoindearg ccorcardha.


15 Dámadh sochar a rádh ruibh

as náireach dod chéibh ccochluidh

bheith ag síorfhosgladh chíogh ccorr

do ghríobh fhíorrosglan eachtronn.


16 An cleas céadna cian ó shin,

do nocht tusa, a threabh Thailtigh;

do riuga slóigh Shléibhe Muire

an glóir fa n-éir h’ionmhuine.


17 Do bhádhais dá bhliaghain déag

an uairsi ag flaith na bhfinnghéag,

’s do bheith ní as sia toil ar toil

gidh toil le Dia bhur ndeadhail.


18 Nó an measfá, a shuirgheach shaor,

go roichfeá muirnn don mhacaomh

as na hiomráitibh fhuair sibh

fa sduaigh n-iomráitigh n-Imligh?


19 Fuarais uime an Fionn físeach;

náire, a mheirdreach mhailíseach,

gidh daithbhéasa as dú dod chruth,

an t-aithghléasa ’nú as nárach.


20 Bíodh nach náireach red dhreich nduinn

bheith baoth fad chéile cumuinn,

do sduaigh chúilte na ccladh ttais

nocha múinte an tol thugais.


21 An tráth do thaisbéain tusa

don Oilill Ó Eadhrasa,

a ainnir nar aomh acht leis,

sgainnir dá thaobh do thuillis.


22 Gur nocht tusa roimhe a-rís

le meirdreachas le mailís

adhbhar gotha dod ghruaigh ghloin,

a stuaidh an chrotha chonchoir.


23 Ar céill, ar cruth, ar iongnamh,

ar airghibh th’iath n-inniolghlan,

do-bhér Philis d’ainm oraibh,

a phailm mhilis mhiodhamhail.


24 Ag so an éainbhean dob fhearr toil

dá fear féin ar feadh domhuin,

’s as tú a-bháin, a bhean Cheara,

fat fhear lenb áil t’ailgheana.


25 Ar Philis aithréasad sgéal:

tug Demophon, prionnsa Aitéan,

tonna tol dá taobhréidh ttais

d’aoinmhéin ria ndul ’n-a díoghrais.


26 Searc a croidhe mur an ccéadna

tug sí don donn dreichdhéadla;

grádh a meanma - mór an cion,

clódh a dealbha iar a dhéiniomh.


27 Seal mur sin dósan is di

’s iad i cconchlonn a chéile

go rug umhlucht ó a iath féin

ar thriath ughnocht na n-Aithéin.


28 Do ghléas rí na rosg mbarrghlan

cabhlach luchtmhar longadhbhal

ler thriall an sliomfholtach séimh

go fiadh iongontach Aitéin.


29 Nach beith sé acht mís a-muigh

do gheall don ainnir ionmhuin;

mo-nuar nír choimhlíon ar chan,

as truagh doighníomh re dhéanamh.


30 Do bhíodh a súil leis gach lá

an t-am tairsi gur théarná;

ní bhíodh ar aire a gruadh nglan

acht faire chuan is caladh.


31 Tuitidh sisi i seirg ndubhaidh,

i tteinniss ’s a ttromchubhaidh

sduaigh na ndonnlámh ttirmgheal ttais,

lomnán d’imneadh is d’achais.


32. Do-chuaidh ass re crádh croidhe,

do ghabh d’uch is d’eolchuire;

do bhí an mheirbh i mian ceasa

’s a pian ag deilbh dhoilgheasa.


33 Táinic d’fheartoibh Dé na ndúl

a corpán criadh do chlaochlúdh,

crann lomáin go ndearnadh de

don leannglan bhfolláin bhfinnse.


34 Tig Demophon - olc an t-am -

dá éisse le sluagh n-éttrom

tar mhuir ri géigneadhaigh ngil

go tuir ttréidshleamhain tTraisigh.


35 Iar ttocht dó ós chionn an chrainn,

do ling crobhuing chaoin bhalsaim,

as cíoghuibh a cceas a-mach,

tre ríoghain na ccleas ccruthach.


36 Tig as na craobhoibh céadna

duille gorm - gníomh uaithbhéalda!

lingidh doinnghreas caol ccorcra

tre ghoirmeas craobh ccorcordha.


37 Do dhoirt sé déara millse

do bhláth craobh a croicinnse

’do chéibh na ccladh mbraointe mbán

d’fhaoilte da cur ria compán.


38 ’S é ua n-Oilill an fearsa;

’s í críoch Ceara an ainnearsa,

ler sgeth doirneimh ccaoimh ccorcra

do chraoibh móirShléibh Mhucholta.


39 Do phós tusa ar ttosach ruibh

na trí Luighne, a fhlaith Conghair,

mun ttolaigh saoir ttaoibhfhinn ttais;

dob aoibhinn daoibh ’n-a díoghrais.


40 Táinic treimhse ’n-a dheaghaidh

umhlocht ort ón ccinneamhain,

ón ríoghdhacht saoir ngéigil nglain

gurbh éigin daoibh bhur ndeaghail.


41 Dod easbhaidh gur éag sisi

- créd sin fearacht Filisse -

le maothbhrón a magh ndoireach

do ghabh claochlódh comhoidheach.


42 Iar bhfilleadh duit ’n-a dhiaigh so,

a Dhemophon cláir Cheara,

do cheil sí a héccruth ort,

ní bhí ag éagnach ar th’amharc.


43 A ndíl na tola tug dhaoibh

fuirighsi feasda, a mhacaoibh,

mar luach ’n-a daighmhéin disi

an tuath lainréidh Luighnisi.


44 Fuiridh aici, oir dhisi,

má tá an t-anam intisi;

beir meas ar a méin mbádhaigh,

téigh sé cneas do chompánaigh.


45 Leag do chíos, cuir do chánaigh,

bóruimhe n-uill n-éadálaigh

mun ttír mbratghlain ngléishlim ngloin;

- glantar géibhinn red ghiallaibh.


46 Don chuid eile d’iath Banbha

dealuigh uile th’athardha,

a fhlaith fial ó iathmhoigh Bhreagh,

ná fiafruigh triall ’n-a thimcheall.


47 I ccrích Éirionn an fheoir bhuig

ná lean acht lorg an charbaid

do thír athardha budhéin,

a chathardha shídh shoiléir.


48 Ná hiarr roinn ar fhréimh Éimhir,

Dál cCais, síol cCuirc ccaithréimigh

sluagh na síodh ccorrbhroghach ccuir,

ná ar síol ccomhraghach Carrthaigh.


49 Ná leig dhíot ar Chaisiol Chuirc

trácht Muaighe an inbhir orrdhuirc,

ná Eas Dara an ghoirmfhéoir ghlais

ar ana dhoinnréoidh Durlais.


50 Ná leig dhíot ar Dhún na Sgiath,

ar chuid ranna ó fhréimh bhfinnChliach,

fad do bhuinn d’fhearann Acla,

ná seanfhonn fuinn Fiogharta.


51 Ná tréig coidhche, crosaim ort,

do chuid féin i ccrích Connacht,

a bhreac Eithne go moing mheir,

ná roinn do leithe i Laighneibh.


52 Bíodh go ndleaghair dod dreich ndil

roinn d’fhagháil ó fhuil n-Éimhir,

ag so an roinn as dísle dhuit

don tírse Chuinn is Cormuic.


53 Le deich ccéad bliadhain go beacht

a-tá sí agaibh d’oighreacht,

luach t’fhola ó chath Crionna,

a fhlath fhola an Oiliolla.


54 A chosc ’s a choimhdheargadh gleoidh,

a chúis iomluit an ai-eoir,

a tháth síodh, a chonmháil cheall,

dá spíon orghráin na n-airdreann.


55 A dhíon cléire, a chuing crábhaidh,

a cheann an uird iollánaigh,

a mheabhoir gá mbí a bun,

a leabhoir na ttrí tteangan.


56 A fhuaradh ar theas ttreasa,

a theas ar fhuacht bhfuairthreasa,

a dhál dá ndéntar turadh,

a lámh éachtmhar easumhal. Malairt


57 Fad ghrádhsa don dúin deighshíl

ná bíodh éad ar Eibhilín,

a ua na ríogh ngéagghlan gan gheis

ná bíodh éadmhar let Fhileis.


58 Ó thug mé malairt uirthe,

sdíomh na ccamóg ccochluichthe,

ó as í mo sheisi a n-iath Airt

ní bhiath meisi dá malairt.