firstLine"; ?>

1325. Mall an deifirse ar Dhonnchadh
Length: middling 30qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Mayn. C 88 Eoghan O Caoimh 1704
  2. RIA 7 (24/L/13) Seamus MacCoitir 18c
  3. Mayn. B 3b late 18th cent. ?
  4. RIA 257 (23/G/24) M.OgOLongain 1795-
  5. RIA 253(F/vi/2) M. Og O Longain 1813
Motifs:
  1. envoi to God
  2. patron’s favour with English Crown
  3. plunder
  4. War with English
  5. collaboration btn English and Irish
  6. imagery for kingship (ceann & boill)
  7. functions of kingship
  8. execution and imprisonment of criminals
  9. sin and repentance
  10. music
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire (C 88, RIA 7)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh mac mic Dhonnchaidh
Patron Surnames:
  1. O Briain (4th Earl Thomond d. 1624)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mall an deithfir-se ar Dhonnchadh


[Text below from RIA 257 (23/G/24), p. 28ff.; published in The Contention of the poets; an essay in Irish intellectual history by John Minahane, Sanas Press, 2000, 58-64]


[Deibhidhe, Dán Díreach]


Tadhg mac Dáire cecinit


1 Mall an deithfir-si air Dhonnchad[h]

Ó Briain go(dh) mbuadh sobhorrthain

go crích línngheal Léime an Chon

a himlibh séimhe Sacson.


2 Mór a-tá a ngioll rea ghluasacht

meisde as méid a(i)r ttromghuasacht

fer fóirighne fréimhe Táil

roirighne a chéim(h)e am chómhdháil.


3 Ar cuaird a ccíonn an prionnsa

d’fagháil uilc na hÉirionn-sa

do-chuaidh flaith fréimhe Mogha

ar bhraith Eire a heasbogha.


4 Snaidhm síothchána nGáoidheal nglan

díon chirt choróine Sagsan

da chuis tárla ag triall an fhir

dár ghiall Banba bhféithir [leg. bhréithir?].


5 Tuighthe air an bfhad-so a-tá foir [allit.?]

feidhm chách do(dh) mhac mic Dhonnchaidh

iomdha air sháorchlár Banba(dh) a-bhus

cláochládh tharla dhá thurus.


6 Eascarruid saorshluagh Sacsan [29]

do fhás a méd meanman-san

leis an bhfear-soin re bhfeith sinn

do bheith a n-easbaidh Éirinn.


7 Iomdha o charrnn Í Néid a-niar

leathtrom go himlibh Úirghiall [couplet same as 8ab]

budh neamhchruínn ó bheith a-bhus

don chleith dhercdhuínn ó Dhúrlus. [couplet same as 9cd]


8 Iomdha o charrnn Í Néid aniar

lethtrom go himlibh Uirghiall [couplet same as 7ab]

air cháirdibh Gall im ghort Floinn

an port thall ó do(dh) thaghoill.


9 Iomdha sluagbhuighne sirthe

iomdha combáigh cruinnighthe

budh neamhchruínn ó bheith a-bhus

don chleith dhercdhuínn ó Dhúrlus. [couplet same as 7cd]


10 Iomdha neach díomsach dána

re cruinnighthibh congárra

do(dh) mhiann edála gach fhir

do(dh) bhiadh éadána on fhaicsin.


11 Gidh bé dá ttéid a ttarba(dh)

a chuaird ó chlár rioghBhanba

gi bé lá bhus sochar soin

a-tá an dochar ’na dhúthoigh.


12 Tréan air a chuid féin gach fear

díobh an trá(i)th do(dh) thriall seisean

cuid na deise bhus ní(dh) a-niogh

don tí as treise go(dh) ttí-sion.


13 Iomdha ortha go nuadh a-niogh

foirnert Ghall is Gháoidhiol

gan fer cobhra ar cheachtar dhíobh

nar cleachtadh foghla is feilghníomh.


14 Iomdha cogadh gan cosnamh

iomdha ar tí chruidh cómharsan

lucht a-noise ó bhínn go bínd

ó Phurt Croise go Croimlínn.


15 Iomdha aithris uilc éasgaidh

nách abruim go n-innéasdair

dá sgéal do(dh) reir a-roile

ó Léim go béal Bóroimhe.


16 Barramhuil dhíleas dóibh so

an chru(i)th bhíos ’gan crand gléasdo [leg. chéasta? or nga gléasdo]

gan dá thé[i]d re chéile a cur

mur do(dh) thréig Éire a heagur.


17 Dá fheabhus boill chuirp chneasghloin

mbia a chend air d’uireasboidh

an corp ní hinfhedhma uaidh sin

sluagh gan tigherna a thuigsin.


18 Ní hinfhedhma amhla[idh] soin

finne Táil go teacht Dhonnchoidh

gach dream a ndoirr re ar-oile

boill gan chend a chasmhoile.


19 Ní cosmhuil dá bhfeasadh féin

ar fhás ionta dá aimréir

go mbiadh sa[n] moille-si a-muigh

triath na c(h)loinne-si Chobhthuig.


20 Beag nách tugtha túar áireamh

ó bhanaltruinn bheagnáireadh

do chuaird-si ag triath Chloinne Cais

air a mhoille ó ia(i)th Fhorgais.


21 Lingfidh tar chend a mhoille [30]

ceim fhuasgeólus oruinn-[n]e

dá thuing [leg. chuing?] ferguaille air ttocht thall

a port learguaine Lúndann.


22 Mar sgáoileas re gnúis gréine

ceó do(dh) mháoilinn mhóirshléibhe

sgáoilfidh a ghnúis thromda air tteacht

gach cúis fhóghla asa oireacht.


23 Tuilfe[idh] acht go dtora a-nall

stoirm nach urusa d’fulang

tuinn fhírfherge a cceand ó cCais

do(dh) dhruím díbfheirge a dhúthchais.


24 Tuigfígher anfadh ’na fheirg

air a ghníomh air a Gháoidheilg

re sluag ccrainnrighne [leg. -righin?] [ó] cCuirc

do(dh) bhrígh aindlighe [leg. aindlighidh?] d’fo[r]buirt.


25 Smachtochaidh cuid a ccrochuibh

cuirfe[idh] cuid a ccarcrochuibh

beinfe[idh] imirce a dréim díbh

ón eing innilte fhóidmhín.


26 Tonn ainmher fheirge an Iarla

fhásfas le háos mhíriaghla

ní aithréagha ní(dh) dá nimh

go ttí aithmhéala a n-aignidh.


27 Ar mbraith aithmhéala orthuibh

tuigfe[idh] mac meic dhedhDhonnchuidh

a ttéid ón ttuinn fheirge as

nach féirde a ndruim re a ndúthchas.


28 Geabhuidh chuige ’na cciontaibh

air n-iompódh n-aigiontaibh

gasruigh bhúigh bhrathardha ó mBloid

ón dúil ghnáthfhoghla(dh) ghlacoid.


29 Ar n-iompódh dá méd meanma

do(dh) reir thoile a ttighearrna

foirend roímhendmnach reann nglan

budh [dream] uireamhnach úmhal.x


30 Go ttuga Dia do(dh) dhealbh gréin

’má [n]dheárrna mé dá mhíréir

maithf(h)ighe dhamh mur an ndall

gé rabh mh’aithríghe ionmhall. Mall an deithfer-si et cetera.