firstLine"; ?>

1328. Manannan Fodla Fearghal $
Length: middling 28qq
Certainty: 2
Period:
  1. 13th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add. 3082 O’Reillys poems 1598
Prints:
  1. text Carney POR no. xxii
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. imagery for patron
  3. patron’s feasts
  4. patron’s prowess in warfare
  5. caithreim (battle-list)
  6. War with English
  7. church’s immunity in war observed
  8. mythical allusion
  9. Boating
  10. hawking
Patron Christian Names:
  1. Fearghal mac Domhnaill mhic Chathuil
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1293 (?)
Apologue Subclasses:
  1. Diarmaid O Duibhne fought water monster
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Manannán Fódla Fearghal


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 22]


1 Manonnán Fódla Fearghal,

Manunnán d’fhógra a fhoirniodh:

in gach teann dá bhfuair Fearghal

do dearbhadh chruaidh cheann choirrshleagh.

2 Manonnán Fáil Fear bhFeimhin,

a ngráin do bhean do bhuidhin

beag nár leagh cruaidh a chloidhimh

ag oidhidh sluaigh bhFear bhFuinidh.

3 A ghráin do ghabh gu Duibhlinn

ar gcar áir ar gach earluinn?

leomhon Cairn ar gcur chomhluinn

d’orluinn airm do dhubh dhearnuinn

4 Eoluch siar an slógh Bréifneach

san fhiadh gu n-ór na mbuadhchloch;

níor sgar re fonn Ó bhFiachruch

gur chriathruch magh lom luachruch.

5 Mac Domhnuill, díon ar ndeaghfhuinn

comhroinn ar chrích do chumhuing;

fan sluagh siar do thochd thoruinn

do liadh oruinn olc Umhuill.

6 Ó Raghulluigh Chláir Chnucha

daighéirghidh a ndáil reatha;

téid le fear ar lár locha

feadh a ghotha ar snámh seacha.

7 Ua Annaidh an áigh urloimh

ar Ghalluibh Fáil is faghluidh;

fear dhá shleagh é gu hiomghuin,

diongbhuidh sé dha fhear amhluidh.

8 Creach ag foghluidh chláir Chunga

dhá dáil a gcornuibh cama;

a dtighibh sluaigh na Sionna

ibhidh giolla ar bhuaibh Banna.

9 Ag iomramh cuain d’ua Cathuil

síothbhrugh gu n-uair ’na fhochoir,

seoid a shean a n-uaimh aithigh

do aithin fear Cuain Clochuir.

10 Téid ’na sduaigh dhuinn ó Duibhne

fá thuinn gu bhfuair na failghe;

léim fán loch gu fear foirne

do-roighne sgoth gheal Ghaillmhe.

11 Ar nDuibh-ni na gcraobh gcúilfhionn,

aobh a shuirghe ní shénam;

solus niamh gheal a ghualunn,

ní ruadhunn grian fear Frémhann.

12 Cantur re baidhbh Chláir Chuircne,

gach snaidhm re a láimh is leigthe :

“is tú an chnú do fhóir h’aicme,

tú an faircle óir fá eitne.”

13 Guth gach fhir d’fhine Colmán

dhá sir Midhe na maighshliabh:

“más eadh is áil olc Oirghiall

foighrian áigh ort dha haimhriar.”

14 Mo rádh féin re flaith nGaoidheal,

na sréin gu daith dhá ndúnadh :

“ar neach do bhean a mbualudh,

uabhur h’each mear dhá múnadh.”

15 Sgora Aodha Finn Fearghnaigh,

a raona a gcill níor chumhguigh;

súighidh grian braon do bholguibh

do bhorduibh srian gcaol gcumhdaigh.

16 A dtigh uí Mheadhbha in mhiodhóil

fir gach feadhma dá n-onóir

lasuidh céir ghorm ar ngabháil

ón léir fagháil chorn gcomhóil.

17 Srén ua gColla Chairn tSiadhuil,

longa dhá snaidhm ag saoraibh,

bruinnidh a bróin ghuirm ghualaigh

ar dhualaibh óir cuirn chraobhaigh.

18 Ibhthear fíon ag flaith Gáille

ór mhaith díol gacha duaine;

rug a chuirm ar a chéile

ar fhud Shléibhe guirm Guaire.

19 [S]éd ar thuinn, a chleath Chodhuil,

lena breath a gcuirr curuigh

a mbinn ghil gu fear Feimhin

beiridh bean dhigh a ndumhaigh.

20 Sluagh Fearghoil gu bhfíon síodhphra

ar gealmhoir na síon seolta

(téighthear dháibh mil ’sa Mhárta)

mar tháir bárca fhir Eorpa.

21 A shlua[i]gh ríoghdha an ríogh Ultuigh,

bhur ndíorma is fíon gu bhFrangcaibh

a láibh reoidh sibh gu seabhcuibh,

mealltuir libh eoin a halltaibh.

22 A Chlann ríogh dhá bhfoil Fearghol

nach bhfuil bhur síodh gu samhradh,

fuair sibh ar léim gu Lughmhadh

cumhnadh géill a dtigh thalmhon.

23 [L]e toidheachd uí Chuinn chugoibh

ó [a] oireacht a Druim Dhreaguin,

ní bhia cách uaidh gan obuir,

obuidh Áth Luain nó leaguidh.

24 [Bh]ur meanma siar gu Sionuinn,

a fhian Leamhna, dhá leanuim;

do fhosgoil sibh crios Coruinn,

roluinn libh fios bhur bhfearuinn.

25 [Uí] Raghollaigh fá ruithean

far cladhímil gach Cathal

[d]á mbuar ní tarbha teicheadh,

feitheadh sduagh amhra an t-achadh.

26 Flaith Breagh do-chóidh a cumhnadh

leisin bhfóir fear ’gá foirneadh;

rug a ágh ’s a mhéd meanman

Fearghal slán ó chéd coirrshleagh.

27 Bas í Bhriain ar bhrú aonaigh

a chú re liaidh do lámhaigh,

ar mhoigh a haithle in fhiadhaigh

iarraidh choin d’aithle a hálaidh.

28 Ag tealgan crann gcas coirrshleagh

do deargadh thall bas bharrghlan,

[re]anna sleagh ar cúl comhladh

ag gormadh ghlún fhear nAlmhan.