firstLine"; ?>

1329. Manchaigh riamh ‘na Roimh einigh $
Length: long c. 33qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Copenhagen Ny kgl.Saml.268b 16th c.
  2. RIA 540 (C/iv/1)Aodh B. MacCruitin 1713
  3. TCD 1361(H.4.20) T. O Neachtain 1725-
Prints:
  1. transl. Greene, DMU no xiv
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. liberality to poets
  3. persecution of poets by English? q.8
  4. prowess in warfare
  5. Fertility of land under true ruler
  6. pilgrimage
  7. another poem echoed? q.5d & DMU viii
  8. allusion to Ruaraiocht
Poet Christian Names:
  1. sname only (RIA 540, TCD 1361)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1589
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Manchaigh riamh ’na Róimh oinigh


[Greene, David: Duanaire Mhéig Uidhir, Dublin, 1972, poem 14]


Mac an Bhaird .cc.


1 Manchaigh riamh ’na Róimh oinigh

móidi a ttásg a dtathuighidh;

beirid geall ar chách, do-clos,

do ghnáth as fherr a n-eoloss.

2 Rómh an einigh ’san orsain

clú orra ní hégcosmhail;

toiscc ’na ccend ac dáimh dhoilidh

an dóigh as fherr indsoighidh.

3 Do bhen díom gan triall tar tuinn

don Róimh as goire gabhuim;

do-ní dom dhóigh deimhin damh

ac Róimh an einigh antar.

4 Cú Chonnacht dá ccuiriodh geall

do bhreith ollamhan Éireann,

breith gill einigh ’san iomaigh

deimhin lind ar luaidhiomair.

5 Mór bhfile fuair a toradh

sí ’na bláth dá brethnughadh;

seoluis don taobh dá dtarrla

craobh eoluis na healadhna.

6 Abholl chumhra a chinidh féin,

mac Siobhán nár thuill toibhéim,

craobh chumhra ’sa bláth do bhuing

- cách ar n-umhla don abhoill.

7 Méin fhínemhna tríthe ac teacht

geug fhailme is troma toirbhert;

craobh chumhra do thaobh thoraidh

craobh umhla don ealadhain.

8 A-tá an t-eineach a nglas Ghall

ó éigsibh Éirionn tamall;

do chuir do chuing einigh air

lér bhuing geimhiol don ghiallsin.

9 Gidh bé an cú-sa do chrú Cuind

do réidhigh a nglas ngoghaing;

a buing as is deimhin damh

glas an oinigh do hosgladh.

10 Geall oinigh an uair do chuir

Cú Uladh hé fan amsoin;

geall Condacht re clú Uladh

Cú Chonnacht dá chothughadh.

11 Ainm chuires caithemh a ccrodh

ní forainm hé gan adhbhor;

ní hainm dó acht altra in einigh

dalta as mó a mhuinighin.

12 Ós hé an sgiath a léim luighe

cuirfe chois a ccomhnuidhe;

ní d’Oileach nár chuir a ccéill

co bhfuil ’sa[n] t-oineach d’éinmiéin.

13 Do Chú Chonnacht - gá mó mogh ? -

ól fada ar bhegán briathor,

dáil bleidhiodh n-óir co horsain

neimhshedh óil ’san obairsin.

14 Buan an clú, caiter an crodh,

tuigther mur tá ’na thiomchol,

clú Gaoidheal ar son a séd

aoinfher dá chor gá choimhéd.

15 Fuarus sgél ar Choin Chulaind

nár bhaoghlach bert dofhulaing,

fer nárbh umhal re headh n-áigh,

fer nár tubhadh a dteagmháil.

16 Geall Éirionn ó thuind co tuinn

níorbh ffuláir re Coin cCulaind;

fiú an toirbhert a-nú dár nocht

a oighreacht a cCú Chondacht.

17 Cú Chondacht is Cú Chulaind

geis dáibh dénamh deghfhulaing;

fir lé bhféchar fulang slegh

lér féchadh fulang féindedh.

18 Dá mes a-raon re roile

Cú Chondacht a chosmhaile;

Cú soin as fherr na aimsir

do mheall an cCoin cCulaindsin.

19 Lór don choinsin breith buaidhe

do nós Chon na Craobhruaidhe

buaidh a mbiodhbhadh ac Crú Chuind

níorbh iongnadh re Cú Culaind.

20 Acht an uair thráighes an tond

a sgéla ar-aon as ionand;

medh don dáimh is d’fhuil Uidhir

muir ar dtráigh a tathuighidh.

21 Díon Gaoidheal do ghabh do láimh

triall ós aird ar ua Seaáin;

cur a shealbha ar Fhiadh Uisnigh

a dtriall menma an Mhanchaighsin.

22 Tes na síne a ccéill do chuir

brath ar ealaibh fan amsin;

sreabh Éirne do-chóidh a ccruth

nach dóigh éirghe da hénach.

23 Fear a n-eolais cend a ccend,

cuan oirrdheirc Indsi Ceithlend,

ciodh iomdha cuan oile and

cuan ó chroidhe ní charand.

24 Fiodh ag tabhoirt umhla d’úir

- mór labhras lucht an iomthnúidh -

claon abhla fa Fhiadh nÉirne

tarrla ciall ’sa choimhéirghe.

25 Nír ghabh roind acht gnáth Gaoidheal

dúinn as cóir a commaoidhemh;

an roind fuair ar chloind Colla

don roind ní huair athronda.

26 An scríbhend ac labhra lind

derbh sgél ón chartaigh cluinim,

cairt a bhfaghair fios gach fuind

co Lios Gabhail dá ngabhuinn.

27 An fhíorshreabh gémadh hí and

líon nach tuillid ’na tiomchall;

sgél do tshíol ar fhuil Uidhir

fa fhíon ní fhuil ionchuiridh.

28 Má atá and ní haithnidh damh

ciodh eolach mé ar iath Uladh,

ac dréim re a dhíol ní faghair

acht síol Néill a-nallamhain.

29 Rádh na n-ughdor riamh roimhe

’s é cóir ó chéill chomhnoidhe,

cuan gabhála cliar ó cCuind,

ciall anála ina n-abruim.

30 Mac Con Condacht nár char crodh

do-bheiriodh ainbhreth d’ollamh;

a thonn clú ’na tuind tairthigh

mur chrú Cuind ní cendaighthir.

31 Na cóig róid ag teacht ’na thegh

cend uidhe na ccóic ccóigedh;

gach raon co Róimh an oinigh

dóigh gach aon dá hionsoighidh.

32 Luach ar dturais leigthior lind

ó Róimh einigh na hÉireand;

Róimh tseud ac dáimh ’sa dorus

créd dob áil ’na amhorass?

33 Tuigther don taobh dá dtarla

mór ainbhreth na healadhna;

fuil Colla do chuir a ccrodh

a bhfuil orra dá huamhan. M. A. N. C