Poem in printable PDF format
A theachtaire
théid ar sliabh
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), poem 22]
1 A theachtaire
théid ar sliabh -
labhair thiar le
hUilliam Búrc,
innis dó mo
bheith mar tám,
gan dáil chabhra
i ndán dúnn.
2 Innis dó fa rún
arís -
nách díon damh ar
tír nó ar muir,
nách raibh ar
éinneach romham riamh
leath mo
chlampair nó trian m’uilc.
3 Ag díol mo
choda do shíor
ré dá bhliadhuin
nó trí tám,
beantar dhíom ’na
dheaghaidh soin
an mhéid fiach do
luigh ar chách.
4 Mar do-chonnarc
fiacha cháigh
dá mbuain as mo
láimh go léir,
d’fhios an
bhfuighinn ceart nó cóir
go tigh cúirte
do-chóidh mé.
5 Ag dol don
chúirt caithim féin -
dom dhonus é -
’sní hé amháin,
ag cur an
dochairsin díom -
gi bé beagán do
bhí im’ láimh.
6 Tuguim liom
barántus maith
tillim tar m’ais
lán do ghlóir,
shílios féin
gur dhaingion dúinn
tar éis ar
gcuarta san chúirt mhóir.
7 Taisbéanuim mo
phaiteinsi féin
do lucht
séirbhisi is é ’ chríoch -
tar éis léaghta
mo litreach dhóibh
is romhóide
ronnadh dóigh dhíom.
8 Mo chaiptín
gach fear don dís
chum a déinsi
arís ag gul -
do-bheir seision
lámhuinn Chríosd
nách aige féin
bhíos a gcusg.
9 Sirriam do bhí
ós ar gcionn,
’sé adeir mo
ghrádh riom arís :
“bísi i leith
lucht na bhfiach
ní hé an
saighdiúir bhias gan ní.”
10 Éngheall
abháin do bhuain díom
níor lór le duine
dhíobh sin
beantar dhíom i
bhfiachoibh cáigh
dá gheall nó trí
a láimh gach fir.
11 Aimsir fhada i
ndiaidh an ghill
caitear liom ó
thir go tír
maille rém gheall
do bhuain díom
fuasgluim é dhá
uair nó’ trí.
12 Tar éis
fhuasgailte an ghill do-nínn
ón chéidfhear ’ga
mbíonn a sealbh
do-bheir an fear
a ndéntar tó dhó as
don fhear is
goire dhó an geall.
13 Leanuimsi i
gcéadóir an geall,
ma fada gearr
beirthear é,
gur chaithios sé
luach an ghill
don bhaile riamh
níor phill mé.
14 Dála an
Uachtaráin ann sin,
chum a déinsi ag
reic mo sgéal,
misi is mo dheór
ar mo ghruaidh,
do-nínn casaoide
chruaidh ghéar.
15 Adeir seision,
lán do ghruaim,
nách béarthaoi
geall uaim dá dheóin,
gidh eadh fós, is
éidir dhamh
díol do thabhairt
as fa dheóidh.
16 Ní hí ar maoin
budh measa linn,
acht mar cuireadh
sinn dár sódh,
níor an duine fam
thóin féin
mar fríoth falamh
mé fa dheóidh.
17 Giolla an
eich, buachoill na mbó,
caile na brón,
bean na gcíor -
téid uile i
n-aoineacht uaim
lé cois
tshaighdiúir, truagh an gníomh.
18 Sé adeir
buachoill mo bhó féin,
tar gach duine dá
dtéid uaim,
ag cur na
teineadh ann m’ucht -
“créad do-bheir
ort gan drud suas?”
19 Atámaoid - ní
fhuil fáth ’ga cheilt -
le trí
bliadhnoibh fan mbreith truim,
[ag] súil ré
teacht Uilliam Búrc
níor chuiriomar
súd i suim.
20 Mallacht Dé do
lucht na mbréag,
nách gcuirionn a
sgéal go bun;
adeirid cách liom
tré rún
go bhfuil Uilliam
Búrc i bhus.
21 A theachtaire
théid ’na cheann,
ná bíoth th’aire
ar ghreann nó ar spóirt;
labhair rém
chompánach féin,
’s féacha a
dtáinig sé fós.
22 Cuiléan
leóghain Locha Con,
maighre Sionna na
sruth ngeal,
éanchú inbhir
Easa Ruaidh -
is mór atá uaim
ar a theacht.