firstLine"; ?>

1332. Maraid fos fearta Coluim $
Length: long 36qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Bodl. Rawl. B 514 O’Donnell poems 16c
  2. NLI G 167 Seamus Mag Uidhir 1727
Prints:
  1. text Ir. Texts ii, 87
Motifs:
  1. messenger bringing news
  2. envoi to saint Columba
  3. War with English
  4. imprisonment
  5. Hostages
  6. poet’s own mourning
Poet Christian Names:
  1. Diarmaid na dTri Sgol (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh (Rawl. B 514)
Patron Christian Names:
  1. Niall mac Toirrdhealbhaigh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1439
Apologue Subclasses:
  1. Da Thi’s trip to Alps
  2. Synod of Druim Ceat kg of Osraighe’s son
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Maraid fós fearta Coluim


[Fraser, J. and O’Keeffe, J. G.: ‘Poems on the O’Donnells (1200 to 1600)’, Irish Texts ii (ed. Fraser, J. et al., London, 1931), poem 19]


Colum Cille is still powerful.


Diarmaid Ó Cléirigh cecinit

1 Maruid fós ferta Coluim

liaide da lucht uradhuill;

la ara chumachta ní chuir

mar tá a n-udhachta an erlaimh.


2 Tuicedh gach nech anoisi

Colum cend na heclaisi,

mar ghabhaid og á ghuidhe

co maraid a mhirbhuili.


3 Ni anaid ac breith bhisigh

ferta an Choluim Chillesin,

gach nech fá eri do ac dul

remhe nachar mhó a mhirbhul.


4 Ar Colum dochuaidh a fad

ni fhuil litir da laghad

nar scoiletar na scola

d’fhoircetal an erlomha.


5 Cumhachta Coluim Chille

ni hinnamhail aislinge;

is tendta ass, a Ulta,

glas cerdcha na cumhachta.


6 D’ar cabhair anúas do nimh

drithli chumhachta in chlerigh

romhainn as am dá adhaint

clann Chonuill a cuntabhairt.


7 Ré a chineadh ní chuirfe a dhruim,

foirfe ar cinel Conuill,

a ghael is doib is deisi,

as cóir taebh ré tairesi,


8 Guidhe Choluim tar a chenn,

gebé eli nach éstend,

fuair a chert o reimh remhe

do thecht Neill as naemhoidhe.


9 Re teacht an trath bhus mhithidh

mac Feilim d’ar fóirithin

cidh nach gell guidhe Choluim,

cend uidhe gach urodhaill?


10 A fhad uainn gidh aidhbhsech lind

dobhera an ri ’na fhrithing,

ga dás, orainn na eri

gras ar Colulm Chillene.


11 Cael a laimhe a leabaidh ghlais,

nocho tarla do tubais,

ní frith uaidh gan ched Coluim,

ge madh bec uain urodhuill.


12 A feacmais oidhir Ghráinde

ni hingnadh damh dermhaire,

nocha ghabh aga oili

fada le fer furnoidhe.


13 Osé fhoires ar Ultaibh

guidhe Choluim chumhachtaigh,

sinn ón cassa go cuiredh,

rinn a ghrasa geruidhedh.


14 Fá itche ni erfa me

bec d’enech Choluim Chille,

is gan me dó mar dhlighim

an té as mó asa muinidhim.


15 Colum Cille, echt oili,

do mhac airdrigh Osroidhe,

nocha decra a n-iaraim air,

leaptha íarainn do fhoscail.


16 Damh as córa techt tairsí,

ni bháithfe mé an mirbuilsi,

ar mo chumha osé a inadh

cuma me dá mhíniughadh.


17 Aedh mac Ainmirech nír an,

ni beite ag techt na thimchal,

ger scel doilig, uair eli

go fuair oidhir Osroidhe.


18 Mac Cind-fhaelaidh nár ér scoil

d’Aedh a shamlaidh do aentaigh

ar coraidhecht mo chumha

tre fholaidhecht eturra.


19 An cor do cengladh reimhe

ider Aedh is Osroidhe,

más fir nir chomhaill an cor

do brigh Choluim dá chengol.


20 Tainic erlamh Indse Fail

a hAlbain d’iarraidh Scannlain;

a tír mar dochuaidh Colum

ón righ ni fhuair urodhall.


21 Coraidhecht Choluim Chille,

ga dú, isse a fhírinne,

Aedh fan mbraghaid ge do bhladh

don naemh tainec a thernamh.


22 Tainec ar an ri remhe

croidhe ar Coluim Chilline;

cora a thecht[a], ar Niall, anos,

gach elta ag diall ré duthchos.


23 Ge mór decair gach duine

fá ghlas ar géic Bhóraimhe,

dar liumsa is damh is decra

do bhlagh innsma mh’aigenta.


24 Nech eli ní fhuil a mbroid

ós dá chosaid re caroid,

do cós fúinn tar gach filidh,

acht suil fós ré fóiridhin.


25 Ge ghabhmaid ni gabthar ruinn

gael ar ngabail í Dhomhnuill,

ader, noco ti da thoigh,

ni bhi tren ris nach tecoir.


26 An chedscel do chuala me

uadh ar n-iadhadh a ghemhle

nir damhadh ac na deraibh

anadh ris na hathscelaibh.


27 Ar ngabhail ní guth lind

gairi do thaem da taighlinn

ni fhuair me cead on craidhe,

ge bec é dár n-urchraine.


28 Ni do bhunadh bhis astoigh

córaide cosc don cumhuidh;

a mhna ata ag tenmne

fegaidh mar tá ar toirrchemne.


29 Docíther damh, dia do rath,

an tamall ata a n-iarnach,

me araen 7 ri Almhan

do thaem Da Thi ar tindabhradh.


30 Luath ar exibh indse Cuind

as gach aird d’fhis Í Dhomhnuill

tuc leim Gaidhel do Ghalluibh,

réir aighedh ar echtranduibh,


31 An siubhal ler sailedh si[o]nn

do ghabhail ghiall na hEri[o]nn

dochuaidh suil isan siubhal

dúin ni huair da aithniughadh.


32 Do bhídh re mbarradh a nglais,

d’Erind as truagh an tubais,

marbhán cosmail re clar Chuinn

lamh risin orsain aguinn.


33 An tacra do Mhuidh Mhidhe

gé atá uili ag ainfine

seal becc re ngáinedh a nglais

gan ched Gaidhel ni ghebdais.


34 D’eis Gaidhel do ghabhail linn

do thabairt aighthe ar Erinn

faghaibh gor hescradh O hAirt

samhail don escor orrdhairc.


35 Aghaidh Bhanbha do bhi rinn

noco tainec in toirrchim;

gach nert go heigean gidh eadh

ni heidear techt na thimchel.


36 Colum as lór da lenmhain

ticc amach mac Toirrdhelbhaigh

cúig righ ag techt dá thogha

do bhrigh fhert an erlomha. Maraid fós.