firstLine"; ?>

1333. Marthain duit a chroch an Choimdheadh $
Length: very long 49qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lism 15-16c
  2. NLI G 992 Nugent MS c. 1577
  3. Book of O’Conor Don c. 1631
  4. RIA 1(23/D/14) 17th cent. ?Offaly
  5. RIA 8(24/L/6) Eoghan O Caoimh ?1679
Prints:
  1. text DiD no. 41
Motifs:
  1. envoi to saint (BVM )
  2. imagery for Cross (crann toradh etc.)
  3. Christ’s Crucifixion
  4. The Harrowing of Hell
  5. The True Cross (wood of etc)
  6. poetry offered to God
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (G 992, BOCD, RIA 1,546)
  2. Muireadhach Albanach (Bk Dean Lism.)
Poet Surnames:
  1. cname only
  2. O Dalaigh (‘O Conaill’ RIA8, Nescitur G117)
Apologue Subclasses:
  1. The Cross: grew from Adam’s skull
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Marthain duit, a chroch an Choimdheadh


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 41]


Donnchadh Mór Ó Dálaigh .cc.


1 Marthain duit, a chroch an Choimdheadh,

a chroinn diadha an duille bhuig,

ar an bhfád-sa is dóigh ar ndeaghail,

pácsa is cóir ’n-a dheaghaidh dhuid.


2 A chroch Dé, do dhlighis cádhas

ó chloinn Ádhaimh athair cáich;

is mor mac gcionntach ro ceannghadh

lat, a fhiortach bheannghlan bhláith.


3 Peacaidh na cruinne do cheannchais

a chroch ghrádhach - gasda an ruaig;

tugais cobhair, a chroinn ghrádhaigh,

do chloinn cholaigh Ádhaimh uaidh.


4 Inneosad duit diamhair nimhe,

ní dá sgéalaibh, sgéal go nós;

do-chluinfe Rí gealchas gréine

ní dá sheanchas féine fós.


5 Do-rinne cathraigh n-aird n-aoibhinn

Athair na slógh, Saor na gclann,

’n-a léibheann úr ghlan gan ghairbhe

gur ghabh tnúdh na haingle ann.


6 Do hionnarbadh tre n-a n-uabhar

aingil nimhe - nár an chuairt;

ar gcur as na n-aingeal gcruthach

fa hainneamh glas suthach suairc.


7 Tar éis ionnarbtha na n-aingeal

nír bh’iongnadh dhóibh dáil a bhfras

ar gcur a gcúl re clár nimhe,

lán a súl dá ibhe as.


8 Do dhealbh Dia Éabha agus Ádhamh

d’iarraidh daoine - dáil gan chruas -

dá síoladh agus dá snoighe

do líonadh an toighe thuas.


9 Do sháruigh Éabha go huaibhreach

Athair na ndúl - doiligh linn -

a síodh do luit as a luighe

gur thuit a síol uile inn.


10 Do cuireadh Éabha d’fhód Pharrthais

na bport ngéagach - glan a lí;

turas na slat - suairc an t-innreamh -

fa cuairt mac is inghean í.


11 Marbhais Cái-in mear mac Ádhaimh

Aibéal déirceach - díocra an mhóid -

do leacain leabhair chruaidh chámhuill

an sduaigh reabhaigh n-áluinn n-óig.


12 Beirthear Seath - fa suairc an toircheas -

troigh mar eala, ucht mar bhláth;

ní fríoth gein mar é ’n-a aghaidh

is é sein do chabhair cách.


13 Gluaisis ainn-séin d’iarraidh Parrthais

- prap an toisg nachar thoisg chlé -

sa bhfearann mhín chraobhach chrosach

i dtír bhraonach dhosach Dhé.


14 Do-chonnairc uadh aonchrann lomáin

ar lár Parrthais - prap an chuairt;

is luath do ghabh crotbhall críne

an bogcrann glan sídhe suairc.


15 Ad-chonnairc aonmhacaomh áluinn

ar fhud an chroinn soir is siar

gur líon do chnuas an crann lomáin

a-nuas fa bharr bhfolláin bhfiar.


16 Lingis trí gráinne a géig abhla

i n-ucht Seith rer seachnadh móid

beagán cnuasaigh maith re a mhaoidhimh

don fhlaith uasail fhaoilidh óig.


17 Gluaisis roimhe sa ród chéadna

i gcríoch Parrthais na bport ngrinn

fuair go suairc na gráinne gheala

áille ’n-a chuairt d’Eabha fhinn.


18 Innisis d’Ádhamh, dá athair,

inneall Pharrthais phuirt na ród;

“do-chonnarc aonchrann san fhiodhbhaidh”

ar an tsaorchlann ionmhuin óg.


19 “Do-chonnairc mei-se” ar mac Ádhaimh

“aonmhacaomh - is nír thaom tláith -

go ndearna aontaradh uile

don mhaoltamhan bhuidhe bhláith.”


20 “Sinne féin do chríon an crann-sain”

comhrádh Ádhaimh “’s nír é a uair;

is é an bioth an crann, a chara,

gan ioth ann ’s gan ana uainn.


21 “Mac Ríogh nimhe an naoidhe áluinn

do fhóir sinn - ní seachmhaidh dhamh -

gur chrann úr an t-athchrann éadtrom

fa chúl sgathcham ghéagdhonn ghlan.”


22 Tig an t-éag go hÁdhamh ainn-séin

d’aithle a thurais - truagh an chuairt;

do ba bhéad go mbleidhe ndeaghóir,

sgeile a éag, fa seanóir suairc.


23 Eirghis Seath - fa suairc an giolla,

giolla óg nar adhair ceilg -

agus cloidhis uaigh dá athair

an sduaigh roidheis ndathaigh ndeirg.


24 A thrí ghráinne gabhais chuige

- cabhair cháigh a-nois do-niad;

i mbéal Ádhaimh seach gach ionadh

do cháraigh [go h-]iodhan iad.


25 Fásais trí géaga as na gráinnibh

- fa gort buadha ar bheagán síl;

oirrdhearc fós fan gcruinne gcrosaigh

nós gach bhuinne dhosaigh dhíbh.


26 Tu-sa an treas crann do na crannaibh,

a chroch Dé fa ndlighmid múith;

do bás ’gud thairngire ó thosach

id ghlainbhile dhosach dhlúith.


27 Beirthear ainn-séin Muire máthair,

máthair Chríosd do chosain bladh,

a folt drongach mar ór n-íorna,

torrach an ógh ghríobhdha ghlan.


28 Beiris Muire an macaomh oirrdhearc.

Íosa Críosd an chraobh fa bhláth,

Athair na slógh - fa séan buadha;

an sgéal mór do-chuala cách.


29 Tugadh chugad-sa dá chrochadh

tar ceann daoine Dia dá íoc;

an tí do cinneadh dar gcabhair

do milleadh Rí an domhain díot.


30 Tugadh chugad, a chroch ionmhuin,

abhra gléadhubh ós ghruaidh mbrioc;

do bhí, a chaomhchros chaomh mo chridhe,

maothbhos shaor dá righe riot.


31 Do shín riot a righeach n-áluinn

Íosa Críosd - fa caomhthach lonn;

do sgaoil ort, a bheannach bhuadhach,

a fholt gleannach dualach donn.


32 Ionmhuin cách do crochadh ionad,

ionmhuin anam, ionmhuin corp,

mo Rí, mo chridhe, mo chara

do bhí ag snighe a fhala ort.


33 Gion gur fhás caor ort nó áirne

nó ubhall cumhra nó cnú,

do shíol, clann deaghbhan an domhain,

dearbhadh as crann toraidh thú.


34 Tú fuair Maoise - mór an conác -

tre chionn Ádhaimh - aobhdha an folt -

do bhun thall fa úir na huaighe

do bharr ’n-a chlúimh uaine ort.


35 Tu-sa fuair Dá-bhíoth san díothramh

i ndiaidh Maoise - meadhair dheis -

maith a chuairt d’fhaigsin an fhásaigh

aisgidh shuairc an lá-sain leis.


36 Tu-sa an céadchrann do chuir Solamh

suas ’n-a theampall - toisg nar íoc;

leis do beanadh thall ar dtosach

do bharr leabhar dosach dhíot.


37 Is tú ar ndídean, is tú ar dtearmann,

is tú ar leigheas i ló an bhráith,

is tú an crann far chuir an Coimdhe

fuil a bhall do choimhdhe cáich.


38 Is tú ar sgiath is ar gcloidheamh cumhdaigh,

a chroch Dé far dhoirt a chrú;

nocha chluinim fhuaim na habhann

uair nach cuirim tharam thú.


39 Tú linn táthuighthe na talmhan;

is tú an caisléan ós chionn díog;

is tú an lomán lán do thoradh;

slán follán an domhan díod.


40 Fillfead chugad, a chroch ghrádhach,

an glún deas le ndearnas olc;

léigim fúm é agus ní fhuláir

an glún clé dom fhuráil ort.


41 Is asad do-chuaidh an Coimdhe

ar chreich Ifrinn - eachtra shoirbh;

is tú thug an gcabhair gcalma

i n-aghaidh na habhla oirn.


42 Fa lór bláithe do bheann gcumhdaigh

gidh croch dhubh thú a-niodh ’s a-né

fa croch chorcra thú dar dtearmann

ó chrú ochta is dearnann Dé.


43 Doiligh leam gan an leith eile

d’fhagháil chugad, a chroch naomh,

go mbeith sunn comhfhad an Choimdheadh

don chrunn robhog choirrgheal chaomh.


44 Ní fhaca i bpurt do na portaibh

puball mar do phuball snáith;

ní fhaca teagh mar do theampall

a dhathta geal beannchorr bláith.


45 Tu-sa is Muire máthair Íosa

do fhóir inn-ne is níor bh’olc fáth;

bhar gcneas caomh níor chin a shamhail

sibh ar-aon do chabhair cách.


46 Peacach sonn ag sléachtain chugad,

ní cóir m’obadh gidh olc mé;

toirn agus geibh phóig ón pheacthach,

ceil do mhóid, a dheaghcroch Dé.


47 Seath mac Ádhaimh fuair thú ar tosach

thall i bParrthas na bport naomh;

fa lór t’áille is eadh do-chuala

id ghráinne gheal chuanna chaomh.


48 Fada do las ar lár m’anman

inneall t’aighthe as ionmhuin linn;

mar thig eatal do ghual gréine

snuadh do leacan réidhe rinn.


49 Slánuigh an bioth, a bhean chumainn,

comhaill damh-sa duais mo rann;

mar thugais d’fhearaibh na heatha

rugais d’fheadhaibh beatha barr. Marthain.