Poem in printable PDF format
Máthair chogaidh
críoch Bhanbha
[T. Ó
Raghallaigh, Filí agus Filidheacht Chonnacht (Dublin, 1938),
269-78]
Eochaidh Ó
hEoghusa cct.
I. Tiobóid A
Búrc
1 Máthair
chogaidh críoch Bhanbha
mairg riamh
fhuair mar athardha
an seinshealbha
as uille n-uilc
buime geineamhna
an ghuasuicht.
2 Ón tráth fá
dtáinic Ceasair
d’iath Banbha an
bhruaich ilgheasaidh
ní cleacht soin
síothlúdh a huilc
a goimh, a
fíochrún, ag fóbairt.
3 Annamh tír dár
thimchil grian
mar chrích Chuinn
na gcóig ríghfhiadh
fada atá ré
n-iodhnadh uilc
sa hionbhadh thrá
gan tabhairt.
4 Críoch Bhanbha
buime an ghábhaidh
gnáth riamh uirre
d’fhágbhálaibh
nach sillfear úir
na hinnsi
na léagh tnúth na
timchillsi.
5 Na sé dronga
diaidh a ndiaidh
do ghabh Banbha,
bean ríghBriain,
adhbhal a hucht
na ranna
ar adhnadh d’ulc
eatorra.
6 Díomhaoin a
ndúbhradh d’olcaibh
d’adhnadh bhán
n-eing nguasochtaigh
an
Gaoidhil-shluagh gur ghabh teann
ar magh
n-aoibhinn-fhuar nÉireann.
7 Do bheathaidh
baindia an chogaidh
a dtnúth bhán
dtír bhformadaigh
nach bí d’fhine
Ghaoidhil Ghlais
cridhe aoinfhir
gan acais.
8 Ní dílius
oighre d’athair
fán gcrích
bharrghlais bhraonsgathaigh
lé neimh
ainchridhe gach fhir
do threibh
ainchinidh Ghaoidhil.
9 Annamh riamh
fríoth a haonbhun
ríoghraidh na rún
neamhghaolmhur
tig riú um
ráithInnsi na Ríogh
a mbráithirsi as
fiú eisíodh.
10 Neart
ainbhfine orra féin
a los tnúith
táinic dhíbhséin
críoch Fhloinn na
luathmhaighreadh ngeal
do choill
fhuarchaibhneadh fhéinneadh.
11 Ní tug éan
ádhbhar oile
ar tós acht tnúth
anchroidhe
goill do
thorrochtain as-teagh
ar chloinn
ngomhaltaigh nGaoidheal.
12 An lúgha an
tnúth atá a-niugh
i gcroidhibh
cloinne Míleadh
críoch barrlag na
mbraoinlios bhfionn
d’fhormad fa
aoibhnios nÉirionn.
13 Do chíd uaisle
fhuinn Bhreagh
más fiú a gcuid
do chrích Ghaoidheal
mar tug grís
éadmhar an uilc
a gcéadghomh arís
d’adhoint.
14 Mó ná dtáinic
riamh roimhe
tig do thaoibh a
n-anchroidhe
d’anbhuain fán
NiallBhanbha a-niogh
niadhghabhla
ghlanshluaigh Ghaoidhiol.
15 An n-éan drong
fa dísle dhi
meastar leo a los
a dtnúidhe
gan dol i
gcathaibh ma ceann
gan chor dtachair
na timcheall.
16 Sliocht
shoineamhail Shéarluis Mhóir
fuilngid an
uairsi a hanbhóin
ní braithfidhe
Fiadh na bhFionn
acht d’ainchridhe
fhian Éirionn.
17 Dá madh leo
lorg a sinnsir
gan iomthnúth don
Éirinnsin
ar láimh dhanar
a-dearduis
ramhagh Fáil nach
bhfuileangduis.
18 Gidheadh nír
haithneadh a bhfíoch
go Teabóid mac
mic Daibhioth
fa chrích réidh
mbláthtlachtmhair mBreagh
ré féin
ghnáthchogthaigh Ghaoidheal.
19 A rann
Gaoidhiol Ghuirt na Niall
nách bhfaicthear
mac mhic Uilliam
d’eachtronnchaibh
do bheir a mbreath
um threibh
leachttholchaigh Luigheach.
20 Ní fóirfe ar
shliocht nGaoidhiol nGlais
go dtuigid é na
n-éagmuis
ciodh acht
d’aithbhfeartaibh an fhir
gan tairreachtain
bhfear bhFuinidh.
21 Le lucht
cosnaimh chláir Dá thí
Teabóid a Búrc dá
mbraití
rinn chéadágha na
gcóig bhfonn
dob éadána óig
eachtronn.
22 Gibé rann a
rachaidh sin
d’fhóirchniocht
Ghall nó d’fhuil Éimhir
budh leo neart
féirInnsi Fáil
reacht don
Éirinnsi easráin.
23 Do bhiadh ar
breith dá bharr fiar
dá dtugradh mac
mic Uilliam
foghail tolcha na
dtrí nArt
nó sí as a
horchra d’furtacht.
24 Do fhéadfadh
dá madh áil lais
grís choigealta
chrú Shéarlais
teacht ré séan
ndoibheart ndanar
tréan a
n-oireacht d’athrughadh.
25 Do budh iomdha
d’fhóirchniocht Ghall
éacht airdríogh
gan ionaclann
a ndíoghbhudh dad
madh loinn lais
’s ríoghdhún ar
gcaill a chathais.
26 ’S méidhe
corcra gan cholna
’s laoich a
linntibh cródhonna
’s learg
niamhghlan gá hionnladh d’fhuil
um ghrianmhagh
líonmhar Lughaidh.
27 Ní fhuighthí
learg gan leacht ngoill
ó tá Séaghois go
Sionoinn
ná dún acht
leathnocht a-le
ó Lúdh go
gealphort nGaillmhe.
28 Do bheidís
laoich um leasmhagh
gá sníomh a
shearg othrasghon
triall mall a
choimhéirghe chniocht
goiléimhghe ann
gan éisdiocht.
29 Do bhiadh
clúmh ag ceilt gach róid
aniogh dá
dtogradh Teabóid
um tsheanláimh
n-óir um Eachtgha
’s um Bhóinn
sheanghlain shuaitheanda.
30 Do fhuiling ó
inghreim féin
t’fheirg re
huaislibh Ghuirt ríNéill
an cuidigh do
chóid ó Chonn
nír chuidigh ar
fhóir ar n-eachtronn.
31 Nír mhothuigh
iad ré hathaidh
gidh eadh d’éis a
gortachaidh
do bhithin
asluigh an uilc
lasfuidh crithir
san choguilt.
32 Dá dheoin féin
do fuilngeadh leis
breath eachtronn
ar fhuil Shéarluis
a dtug dháibh
d’fhoighide an uilc
goiride ón dáil
díoghuilt.
33 Oidios an
leomhain loinnmhir
gabhtar lé a
ghruadh mhónoinnghil
ré a ghnáth as
samhalta soin
a dtráth adhannta
uabhoir.
34 An leomhan a
los nimhe
leis urraim gach
ainmhidhe
tig sin do
bhríoghmhaire a bhall
nimh a
fhíorghoimhe as ionmhall.
35 Ionmhoille ar
bhfás a ghoimhe
do bheir a bhrigh
gcolnoidhe
ré sbairn neirt
treóraigh ní éir
stoirm an
éichtleómhain aigmhéil.
36 Fásaigh leis a
ló a bheirthe
meall iaranta
aimhreighthe
na chnaoi
ainbhfheolaigh gan fhuil
ar laoi an
ghairbhleomhain ghaosmhuir.
37 Ar ndul dó a
ndáil fhoghladh
do bheir le bruth
bhfíochádhbhal
buille don
ghéirmhioll da ghuin
go n-éirghionn
luinne an leomhuin.
38 Ar mbíodhgadh
le a bhuille féin
fiuchas cridhe an
chon aigmhéil
laoighidh gach
braithléim do-bheir
an aoibhiol
n-aithghéir n-aingidh.
39 Lingis tré lár
bhiodhbhadh
ga gcumach ga
gcnáimhchiorrbhadh
na throm-aobhaidh
dheirg ad-roigh
le feirg
bhforaonaigh bhfeochair.
40 An leomhan-sa
a ló a ghoimhe
díomhaoin do
dhúil talmhoidhe
ga hainmhidhe as
uille gomh
luinne ainmire
d’fhéachadh.
41 Leanfaidh
Tiobóid, tuir Acla,
lorg an leómhain
Afractha
maighre
sriobhmhall cláir Ceara
dáibh as ionann
airgheana.
42 Nó gur
gríosadh lé a ghoimh féin
mac Risderd na
sluagh n-aighmhéil
nír bhac
iomluadhghail ré headh
ar
fionnsluaghaibh mac Míleadh.
43 Ón ló do
hadhnadh a fhearg
adhainfidh oighre
Risdeard
aoibhle
seiniomtha shluagh mBreagh
smual as
deirionncha doighear.
44 Drithle nach
dóigh do bháthadh
bruth ar nach bí
friothálamh
rún fíochfhuar
aigeanta an fhir
míothuar
caigiolta ar cháirdibh.
45 Budh
hiomsgaradh aosa gráidh
budh teidhm
cumhsgaighthe conáigh
budh damhna
aithbheodhaidh olc
faghla
caithleomhain Connocht.
46 Ní fhéadfaid
eachtrainn Fhuinn Bhreagh
ní bhiaidh a
gcumhang mhac Mhíleadh
léim
tórann-chladh tuath a shean
ar fhuath
mór-onchon Maisdean.
47 Taighleóir
timchil na bóchna
lámh fhailgthe
arm gcraobhórtha
doighir ar a
docra díon
sompla oinigh na
n-airdríogh.
48 Doirseoir na
ndorus ngábhaidh
fear oidis a
n-iollánaigh
díon
badhbh-choinnmhe thoirneamh trén
loinnreadh
glan-choinnle Bháitér.
49 Post comhairle
na gcóig n-iath
sgríbheann chirt
chlanna hUilliam
ceann cródhachta
chreach shlóigh Bhreagh
* * * * *
50 Ardughadh
ógbhuidh nÉirionn
ísliughadh a
n-airdchéimionn
faolchú all
ngormaibhneadh ngeal
comhshnaidhmeadh
Gall is Gaoidheal.
51 Mac Risderd
riadhaidh treaschath
aigneadh ríogh
rún imreasnach
uille ré
gairbh-leannaibh gliadh
tairrngeartaigh
fhola a hUilliam.
52 A mhic
Gráinne, a ghruaidh chorcra,
dá n-adhnadh
t’fhearg leomhanta
ó fhonn Chliagh
go múr Meadhbha
ní bhiadh dún gan
doimheanma. MÁTHAIR
53 Ré linn nAodha
ní fhuair sinn
eolus ar uaislibh
Éirinn
monuar ar aba a
dhola
fada uann ar
n-urromha. MÁTHAIR
54 Máthair
shíothchána shluaigh Breagh
inghean Chathail
cruth ailghean
gnúis éadána ó na
haimhleasg súil
tairmeasg éagcára
is iomthnúith.
55 Sompla inghean
Fhuinn Lughaidh
ór shaorbhan
shíol gConchobhair
dreach úr gan
intleacht gcoire
inghealt súl na
sochaidhe.
56 Meadhbh
inghean Chathail cruth saor
rún connla nar
char míothaom
bas mharbhthana
nar mheall tol
anmchara cheall
do shaoradh.
57 Báthadh
céadbhan chláir Mheadhbha
ortha a n-aghaidh
cinneamhna
trilis niamhghlan
threabhragh dtiogh
siabhradh meanman
na míliodh.
58 Inghean
shoibhéasach Shíle
aiér re hucht
soishíne
foithne buadha
béas mbanda
a cluana déas
ndíoghlama. MÁTHAIR.