firstLine"; ?>

1337. Mathair don eagna an fhuil riogh $
Length: very long 49 qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy cp
Manuscripts:
  1. Mayn. C 88 Eoghan O Caoimh 1704
Motifs:
  1. patron’s intellectual attainments
  2. patron’s nobility of blood
  3. inauguration ? (gairm anma)
  4. historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire (Mayn. C 88)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Muircheartach
Patron Surnames:
  1. O Briain? C of I Bishop of Killaloe d. 1613
Apologue Subclasses:
  1. Wisdom of Solomon 403 Alexander
  2. Ciaran & Colmcille competed in piety
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Máthair don eagna an fhuil ríogh

[Maynooth C88, 503]

An fear cédna cecinit (Tadhg (mac Dáire) Mac Bruaideadha cecinit)

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Máthair don eagna an fhuil rígh

clann ó ttug dúthchas dedhghnío[mh]

gan oireamhuin di níor dhligh

ar oileamhuin (a)gá hinghin.

2 Rogha toirrchios tárla(dh) di

máthair na heagna an uaisle

breath na heagna is di dleagh(th)a[i]r

is do-ní an eagna a hoileamhuin.

3 An eagna an uaisle fhola

mar chnaoi uim eit(h)ne óruidhe

níor fhás d’fhéadhaibh eit(h)ne as ferr

reimpe ná a ndeaghaidh díleann.

4 Eit(h)ne gan cnaoi dá comdha

ionamhuil na healadhna

a díol go bhfaghar d’adhbha

d’folaibh ríogh nó ríoghdhamhna.

5 Na fola saora a[s] sé a suim

mar nach faghaid a bhfoghluim

tiagaid so a tteirce tora[i]dh

cnó gan eit(h)ne a n-ionomh[ai]l(a).

6 H’eagna ar-aon is a hiomdhaigh

dá meastaoi a meic Toirdhealbhuicc

caidhe cnú a chóimhiomláin soin

a ccrú oirearbhán Fhionntoin.

7 H’eagna linn gingo leantar

cia budh measda a Mhuircheartuicc

t’fuil ríoghMogha ní ró sin

a ccló bhfíonfhóla is t’oinicc.

8 Ní hionann rae is réalta

ní hiongna go n-iméara

guaisbhearta tar chléir ó cCais

do réir uaisleachta is eólais.

9 Gé do-bheir Dia do gach droing

iúl na heagna ré bhfoghluim

a ghnúis shodheargtha ar ghné ghil

rómhion(a)ca é ag [na h]uaislibh.

10 Lé a uaisle féin fuair Solamh

bláith an uile ealadhna [leg. -an]

do bhí ina chinnbhile ós coill

rí(gh) dob óirnídher d’foghluim.

11 Fuair an eagna an uair do thóg [leg. thogh?]

préamh uaisle a nAiris-totol

dreach sho[i]dhealbha nár mhuidh móid

ó fhuil oirea[gh]dha I[a]cóib.

12 Do chuidig a úaisle d’fuil

méad eagna Alex-anduir

gnúis fhionnmhálla ar lí luisne

rí(gh) diongmhála an domhain-se.

13 Gaoidhil féin gémadh iad ann

gá ttáim rinn [leg. riú] ós [s]iad a saorchlann

a measg slua[i]gh bhonnbhán Bhanbha

[do] f[h]uair orlámh ealadhna.

14 Aimirgin file an ghlúin ghil [504]

an t-ochtmhadh mac do Mhíleadh [leg. -idh]

budh é an seang f(h)earamhuil fionn

fá ceann d’ealadha[i]n Eirionn.

15 Do charar an uair dob fhearr

Mórann mac áirdrígh Éireann

fuair an eagna fear feithmhe

nár ghabh eagla éilighthe.

16 Fuair Corbmac mac Airt Aoinfhir

ria ccreideamh do chéddaoinibh

cách ar bhfreagra d’oighir Airt

teine[idh] na heagna ar n-adhaint.

17 Fuair an eagna dá n-(d)éis sin

Coimín Fada mac Fiachaidh

sí a bpór na ríogra[idhe] riamh

do shlógh mínmhúighe Macniadh.

18 Do-ní a-rís rogha leanná[i]n

do Cormac mac Cuileannáin

fá rí(gh) fá ollamh ámhra

do bhí ollamh n-ealadhna.

19 Do thogh an eagna d’iomdaibh

Flannán Mór mac Toirdhealbaigh

mó ná ceartrogha an roinn tug [leg. rug]

do chloinn neartMogha Nuadhut.

20 Dála na heagna riamh rómhaibh

dá leantaoi a ghlúin geinealaigh

mór rígh (i)na bhfuair-sí ionad[h]

sí ’san uaisle ar áitiúghadh.

21 Lorg na ríogh-so leantar libh

tar Síol Mogha a Mhuircheartaicc

sibh dod ríomh uaim-si ortha

do bhrígh uaisle is f[h]oghloma.

22 Tárla(dh) an eagna leat ad líon

d’éis ar thimpchill d’fuil árdrígh

fuair ’na ndiaigh a díol d’ithir

ní síol a ccria[i]dh coimhithig.

23 A bhláith feasa fréimhe Táil

tú mar oighre a nÁth Flannáin

togha fuil cathardha Chais

do bhun athardha is eolais.

24 Ní bhfuil neach d’ísle fola

nách uaisleóchadh ealadh(n)a

is ní bhfuil díth uaislighther ar t’fuil

fíoch na guaisbhreithe ad ghníomhaibh.

25 Maith an uaisle ann gach oireacht

maith eagna gan foluígheacht

mo-chean aonfhear a bhfaghar

meadh na ttreigheadh tarrabhair.

26 Gíodh eadh fós ní feasach damh

na mic rígh (i)s na mic mogha[dh]

siad a cconchlann gur cubhaidh

madh comhthrom iad d’ealadhain.

27 Ar Ciarán Chluana ar Cholom

do dhearbh Íosa ár n-uirghioll [leg. uraghall]

breith Dé ní héilighthe d’fior

éilighthe an té do thairgfiodh.

28 Téid Ciarán an chrábha[i]dh the

d’iomuidh ré Colom Cille

ar creideamhuin cClá[i]r Lúighdheach

fáidh eideamhuil ealadhnach.

29 Do chuirsiod gach duine díobh [505]

mac an tsaoir oighre an ardrígh

do bhreith céime a cceann neimhe

geall ré a chéile ar chraibhthighe.

30 “Troisgiom ar ndís lámh ar láimh”

fuighle Choloim is Chiaráin

“go bhfagha[i]m-ne ó Dhia a fhios

cia rén comhdhaingne a cháirdios.”

31 Troisgid ainn-séin ré ar-oile

dá phríomhfháidh fhóid Íughoine

go teacht aingil Dé ’na ndáil

dob é a ccaingean a cceadáir.

32 Tug beirt ríogh go Colom cáidh

mar shómpla ar chómhair Chiaráin

tug óirleise saoir iar sin

naoimh fá cómhdheisi crábha[i]dh.

33 “Cia aco sin séad as fearr

a dhá shiuir eagna Éireann

sé mar do reacfúidhe ribh”

ar t(h)eachtaire Dé dúilicc.

34 “Ní cosmhuil iad ré ar-oile”

do ráidh an dias diadhaire

“a ghnúis dil neamhchobhsuig [leg. dealbh-] bhog

neamhchosmhuil fir dá bhfoghna(i)d.”

35 “Fiú aoineang don earradh ríogh

céad beirt ní briathar ainbhfíor

do chuladhaibh saor fá seach”

úr[a]gha[i]l na naomh n[e]imhneach.

36 “Créad (oile) uim nách féachtaoi féin”

ar teachtaire an Rígh riú-séin

“déanta an ní an uair-si ortha

a mbí d’uaisle eatortha.”

37 “An bheirt ríogh ’sa[n] ríoghacht féin

tug Colom ar chuing fhíréin

beirt saoirse do thréig tusa

léig dho dhaoirse deamhusa.”

38 “Fear seachanta an earraidh óir

toirbheart saoir séaghdha an seanmóir

mo do chean[n]uig clár neimhe

ar ghrádh earraidh ainglídhe.”

39 Aingeal Dé fá diadha an dáil

rug lé Colom tar Chiarán

éigion a beith mar a-déarar [leg. ad-bh-?]

breith nách éidir d’éiliúghadh.

40 Rug an bhreith-sin a bharr tais

breith dhíreach do dhruim eólais

léad dhreich n-óig síodamhuil seing

a ríoghfholaidh fhóid Fhéilim.

41 Fíonfhuil Chearbhuill is crú Luirc

fuil Bhúrcach bogfhuil Ghearuilt

ad ghruadh dhuinn ag breith bhisicc

do thuill breith na breithe-sin.

42 Ní hí h’eagna a-mháin moltar

ná [a]n béal dearg mar dhonchorcar

ná [a]n neamh chorcra-so ad ghnúis ghloin

cúis do mholta-sa ad mhadhmac(?).

43 Do-ní h’oisdine ’na ham

léig a-rís a rúin inmhall

dod t’fiorfholaidh a huain féin

a ghruadh shíodamhuil sholéir.

44 Maith an eagna a fholt bharrthiugh [506]

gibé fear a bhfaghaibhthear

barr gach teiste is di dleaghthar

ní misde í a huaisliúghadh.

45 A dhealbh ríoghdha a rosg tromdha

fearrde h’uaisle is t’athardha

fearrde an soigh(th)each eagna d’fuil

a freagra d’oineach ionnuibh.

46 Ní hionann béas dóibh mar deara[i]r

an eagna ’s an fineamhuin

maith ré hól í as gach ionad[h]

’s do-ní an t-ór a huaisliúghadh.

47 A mheic Móire a mhéin íodhain

fuair eagna dá hoileamhuin

fuil ríogh(dh)a rogha ndealbhdha

modha fíora flaitheamhla.

48 Ní shaoilim nách deacair dhuit

dá mhéad d’innmhe d’ainm easbuig

’sa[n] Múmha a ngioll a gharma

dul[a] ós cionn an chéadanma.x

49 Do ró mhaithmheachuis Meic Dé

go ttí a n-aimsior an bhfíne [leg. fhínné?]

gan fhala[idh] gona an gha

do chora a n-aghaidh mh’anma. Mathair ...