Poem in printable PDF format
Máthair na
horchra an éigse
[Réamonn Ó
Muireadhaigh, ‘Marbhna ar Mhuiris mac Torna Uí Mhaolchonaire’,
Éigse 15, 215-21]
Maolmhuire mac
Eóghain Uí Uiginn cct.
1 Máthair na
horchra an éigsi,
bean a mbroid a
leithéid-si,
gan aithne ar
dhéine a docra,
d’aithle a céile
caomhanta.
2 Máthair iar
gcall a clainne
an éigsi ar aoi
n-anbhainne;
- gá fachain as
doilghe dhí? -
athair gan oighre
isi.
3 Grian
dheallruightheach iar ndubhadh
nó ré ara ró
urdhubhadh,
ar thoirrsi do
thréig-si a neart,
soillsi na héigsi
ar n-imtheacht.
4 Do bhlogh ceart
chuinge a hana,
do chaill a cóig
cédfadha,
cách a-nocht i
ndamhann di,
corp gan anam an
éigsi.
5 Ní hiongnadh
truime a teadhma,
do chaill sí - as
dál doimheanma! -
grian ghlanta a
céime gan cheas,
a céile, a dalta
díleas.
6 Eochair
osgailte a hiúil ghloin
Muiris mac
Torna iúlmhair,
lá naomhuidhe a
neirt a ég,
aoghaire a ceirt
do choimhéd.
7 Cuisle cumpair
a croidhe
Muiris Ua Maol
Chonaire,
eó linneadh a
teandál dte,
leannán inneadh
na héigse.
8 An éigsi ’s
gach aird d’Éirinn
bás Mhuiris a
mórchréidhim,
rian grinneóil a
soluis so,
inneóin fhoruis
na heagna.
9 Doirsi
inntleachta ar bhfear bhfis
do hiadhadh tre
ég Mhuiris,
néall ceasa as
cian ’na ionadh,
grian an fheasa
d’fhoillsiughadh.
10 Do mhuidh fá
Mhuiris do cheas
gur
dhearmoid an t-ord éigeas
seacht ngráidh na
bhfileadh ar fad
nár dligheadh
dáibh do dhearmad.
11 Tearc dá éis
ar tí a dtarbha -
corp, trácht,
amhra, is agallmha,
sgeóil ágha gan
chomhdha a gcairt,
tána, toghla,
agus tochmhairc.
12 San éigsi
d’fhiadhain na sgol
aoinchéim dob
oircheas d’ollamh
uaidh ara fad ní
foghar
bog ná cruaidh
gan chuartughadh.
13 Filidheacht,
fearacht dána,
sgéla trod as
teagmhála,
’s lorg gach aoin
do leanmhuin leis,
’s gach taoibh do
mheabhruigh Muireis.
14 Sgríbhneóir ná
léghthóir dar linn
dob annamh mar é
a nÉirinn,
fuair tréidhe gan
chruas gcroidhe -
léire is luas gan
lochtuidhe.
15 Fuair Muiris ó
Mhac Mhuire
- créd so acht
sochar síoruidhe? -
dealbh dheaghbhog
dar dú molta,
clú gan dearmad
diadhachta.
16 A neimhchion
féin fíorghrádh cháigh,
saibhrios gan
choigill gconáigh,
rún gan cheilg,
sáirfhios na sean,
áinios gan fheirg
re haoinfhear.
17 Foirm
bhríoghmhar, beagán comhráidh,
neart as umhlacht
iodhanghráidh,
fríoth le
mac Áine go hur
dar lat - gá
sáimhe saoghal?
18 Inntleacht
áith nár fhás meirge,
deilbh úr a
ghrés nGaoidheilge,
d’iúl feasa
adhbhar n-iodhan,
adhnadh ceasa a
chuimhniughadh.
19 Fuaim bheóil
Mhuiris mhic Torna
le dréacht
diamhair ealadhna
nó a shéis acla
cheóil gcoirche
fa seóil gadtha
geamhoidhche.
20 Cuimhne a
thréitheadh ’s a thoile
damh-sa as
adhbhor eólchuire,
síorghlés doilghe
’na dheaghaidh
cuimhne a
fhíorghrés n-oideamhoil.
21 Oideacht
d’iarraidh ’na ionadh
nó mh’oideas
d’aon d’fhoillsiughadh,
truagh mar do
fhan mh’anam ris
an tan nach
marann Muiris.
22 An connradh do
cheanglas ris
uchán! uch nach é
Muiris
far marbhna an
tan-so ó thol
tarla dhamh-sa
dhá dhénamh.
23 Mo ghaol, mo
shearc, mo sheisi,
uch! uch! dob é
an Muireis-i;
rathoil an
rosgghlain fhearrdha,
m’fhachain
mhosglaidh mímheanma.
24 Sé céd dég as
naoi gcúig cain,
aois Chríosd go
beacht do bhliadhnoibh,
comhdha ar
ngráidh, an ghég gan gheis,
go hég a-mháin do
Mhuireis.
25 Guidhim
d’ionnradh ar n-anma,
sul tí tráth na
togharma,
díonshódh don
uile ar gach oil,
an fhíorógh Muire
Mháthair. MÁTHAIR NA