firstLine"; ?>

1339. Me ar t’fhaosamh a ogh $
Length: short c. 15qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Ulster?
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. transl. McKenna AiD no. 54
Motifs:
  1. Envoi to saint Peter
  2. eulogy of appearance
  3. imagery for Christ
  4. imagery for BVM
  5. role of BVM
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. BVM
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. LeathrannMhor (freely applied)
Poem:

Poem in printable PDF format

Mé ar t’fhaosamh, a ógh


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 54]


Fearghal Óg Mac an Bhaird, cct.


1 Mé ar t’fhaosamh, a ógh,

m’anam gidh é an corp;

go mbead uam ar th’iocht;

ní beag mon-uar mh’olc.


2 Tar m’olc ná séan sinn,

soirbhigh an rí róinn;

a fhonnsa, a chré chúil,

go mbé ormsa th’oidh.


3 A ghlór milis mall,

a Mhuire a mhionn súl,

a anam a ógh,

go rabham id rún.


4 Íosa an t-éasga lán

lot i n-a ucht uainn;

ar aoi an luit déag dúinn,

a dhéad mar chuip gcuain.


5 A dhreach dhonn mar ghríos,

a ghlac ór ghein séan,

a bharr na gcleath gclaon,

an teach thall fad thréan.


6 A bhráighe mar bhláth,

a bhéal na mbreath bhfíor,

a dhearc mhallghlas mhór,

adhras reacht do ríogh.


7 A ucht mar uan tonn

a thaobh seada sáimh,

a throigh beangán mbúidh,

a gheallámh an ghráidh.


8 A leaca ar lí an aoil,

a earla mar ór,

a chaolmhala chlaon,

a aonragha ar n-ógh.


9 A ghruaidh mar an ngríos,

a ghéagbhonn mín mall,

a chúl failmfhiar fionn,

th’aimhriar dún is dall.


10 A chíoch bhláithgheal bheag,

a bhronnadh bhíos síor,

a ghlún málla maol,

dar bhrágha rún ríogh.


11 A lámh thréan, déag dóibh,

ná séan grád do ghaoil;

narba meise a-mháin

bhus treise dod thaoibh;

a Mhuire as díon dúin

bíodh an uile ar th’aoidh.


12 A shlat ’n-a mbí bádh,

dar mhac an tí as triur,

budh linn tréan dod thaobh;

ná séan sinn, a shiur;

beir, a Mhuire mhór,

dod threibh uile an t-iul.


13 Go dtoil do Chriosd cháidh

an choir do chleacht mé

maith dhúin uile í,

a Mhuire, múin mé. Mé.


14 A dhoirseoir Críosd cháidh,

cuirse do chead Dé

[sinn] san toigh i dtaoi,

mo choir do mhill mé.