Poem in printable PDF format
A theachtaire
théid bhu thuaidh
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 2]
Dubhthach Mac
Eochadha cct.
1 A theachtaire
théid bhu thuaidh,
naisgim ort,
d’úain nó d’anbhúain,
a breith libh
uaim i nUltoibh
bhu thuaidh bir
mo bheannachtain.
2 Ós éigin duit
dol a bhfad
i nUlltaibh
d’fhios ar gcarad,
ná leig fer i
bhfód Oiligh
sean ná óg gan
fhiafroighidh.
3 Don chomhrádh
do chanus ribh
focal seachad san
slighidh
féchthar libh nár
léig tusa
a fhir théid san
turussa.
4 Deuna mar
adubhart rut,
don tuaisgiort
tarruing romhut,
do mhac ríogh
féin go bhfaghair
tar shíol Néill
anallamhain.
5 Ná coduil i
gcrích Eamhna
dá oidhche i
dtigh thighearna
dá bhfuil uaibh
go hAodh mBuidhe
don taobh
thuaidh, a thechtuire.
6 Cubhaidh re
hAodh, ós é as fearr,
dá dtíosdaois
teachta Éireann
gur ina theach
dleaghair dol
tar gach neach
d’fheroibh Uladh.
7 Mairg dhamh
féin nach fuil ad riocht,
a dhuine théid
don tuaisciort,
tar éis m’aistir
don taoibh thuaidh
is Aodh
d’fhaicsin an athuair.
8 Atá urra íocfas
ribh
ar bhur gceann i
gcrích Oiligh,
a theachtoire
théid anonn,
an mhéid
eachtoighe orom.
9 Atá thall i
dTrian Conghoil
fer chreidfeas
dom chomhordhaibh,
beir gobhlán dá
labhair libh
do chomhrádh
fhalaigh éigin.
10 Comhardha
folaigh dha bhfuil
eadrum is mac
Bríain Bhallaigh
do-gheibh an tí
dá dtiubhar
gach ní adeir do
dheimhniughadh.
11 D’ionnsuidhe
Aodha Buidhi
beir id bheol a
thechtairi
na roinnsi do-ním
anonn
do bhrígh
thoirrsi dum thaghall.
12 Fedh ráithe
dhamh thall ’na thigh
ní fríth liom ó
ló an chéidfhir
mí aoibhill
ráithe reimhe
snáithi aoibhinn
aimsire.
13 An aimsir nír
airigh mé
ag dul uaim d’éis
a chéile;
is é aderair
ríamh roimhe:
cían le feraibh
furnoidhe.
14 Fuarus
caidreamh clann Aodha,
neach tar mh’éis
ní hiontaobha
muna maoidhinn é
orra
mo ré aoibhinn
eatorra.
15 Ní raibhe ag
duine dhíobh soin
rún comhairle ná
cogair
nach fuair mesi,
mór an nert,
lór mo threisi
san tuaisceart.
16 Fuarus d’onóir
aca sin
fedh mo chuarta i
gcrích Oiligh
a bhfuair mé
d’iolmhaoinibh ann
nach é as
ionmhaoidhimh oram.
17 Cidh iomdha ag
Aodh adhbhar gill,
ní treisi cúis dá
gcluinim
fa bhfúair urraim
Innse Fáil,
millse a chumainn
’s a chomhrádh.
18 Ní hiad na
heich ní hí an ghroigh
fuarus ó mhac
Bhriain Bhallaigh
’s ní hiad na
cuirn do mheall mé
ná an mhuirn i
gcenn a chéile.
19 Do-gheibhinn
uadha d’umhla
i n-onóir na
healadhna,
dá suidhinn do
thaobh don toigh
go bhfuighinn
Aodh im fhochair.
20 Teach ina
bhfuighinn fáilte
eidir m’fheruibh
énpháirte,
atá thoir le
taobh gcalaidh,
’na bhfoil Aodh
’s a ollamhain
21 I gcaladh
Chairrgi Ferghais
atá lár a
fhlaithemhnais
an treabh ara
dtréicther leam
gach éintegh ar
fheadh Éireann.
22 Dá dteaghmhadh
go n-íarrfainn air
dol ar cuairt
éigin annaimh,
cead ó Aodh ní
fhaghaibh sinn,
m’aghaidh ca
taobh i dtibhrinn?
23 Ní haister as
sía ’ná soin
do bhí im chionn,
car an earraigh,
dol ón lios go
taobh trágha
le hAodh d’fhios
na hiomána.
24 Dob iomdha
macaomh is mná,
dá mbeinn dá
n-easbaidh aonlá,
ar an fhaithchi
rem aighidh
’gum aithni dá
n-ionnsaighaidh.
25 Seal damh i
dtigh a theghaligh,
seal oile ’gon
ingheanraidh;
adhbhar smuainidh
a Dhé dhamh
mé ar uainibh san
dá ionadh.
26 Nír ghabhas
crodh ná comha
chugam do chionn
anamha;
dob uamhain re
hAodh Ó Néill
gumadh taom
uabhair eiséin.
27 D’éis
sgarthana dhó agus damh
minic do-chínn im
chodladh
bheith fá chádhas
thuaidh ’na thigh
mar do bhádhas
uair éigin.
28 Dá mbeith arís
i ndán damh
taghall i
dtuaisgiort Uladh
atá fúinn gan
aighidh as
Laighin dúinn
acht giodh dúthchas.
29 Innis féin go
bhfuighi soin
tuilledh dána ’na
deghaidh
an mhéad rann do
roighni mé
madh gann le
hoidhri Áine.
30 Rann
iargamhairc Aodha Í Néill
ná déna dermad
deséin
’s gan a roinn re
haon oile
sloinn sgach
taobh a thechtuiri.