firstLine"; ?>

1343. Mealltar inde an t-aos dana $
Length: long 33qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht ?
  2. Munster?
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 Co. Offaly?
Motifs:
  1. functions of poetry
  2. poet-patron relationship
  3. God as Creator
  4. renunciation of the world
  5. poetry offered to God
  6. Four elements: Fire, Water, earth & air
  7. house
Poet Christian Names:
  1. Lochlainn (RIA 6)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Apologue Subclasses:
  1. Zacharias’ wealth all in tower which burnt
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mealltar inne, an t-aos dána

[RIA 6 (23/I/40), 173]

Lochluinn O Daluigh

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Mealltar inde an t-aos dána

clechtmaoid ní cuis edála

óradh delbhe ar ndan molta

do ghrad na selbhe saogholta.

2 Dealbhmaoid le duthracht toile

mar geall ar glóir ttalmhoidhe

grés dluthmholta dana saoir

dála ar nduthrochta as diomhaoin.

3 Ni fes dúinn doirbh an eachtra

an bhfhuighmís fiú eisdechta

on tí da ndingenta(r) ar ndán

ni dob indenta d’iomrádh.

4 Dob éidir narbh fhiú a tharbha

tar éis eisdte ar n-ealadhna

ro molaidh bú malairt shíor

do thabhuirt d’fholaibh áirdríogh.

5 Da ffagmaois céd da gach crodh

ní derbh linn lór do mheallodh

am laimh an m(b)éra a-márach

ar sgeala as dáil diombádhach.

6 Da maire(dh) an crodh cúis truaighe

damhna denta nemhuaille

ni fhidir mé an mairfedh sinn

nar gabhthar hé acht go hinill.

7 Os gnáth deilbh na ndrecht molta

d’algas na séd saogholta

do budh dealbhtha a Dhé ro-m chum

an te as derbht[ha] red díolann.

8 Sgaith ar ndána as do bu[dh] dhlecht

oighre as derbhdha do [d’]éisdecht

’s o a bfoighthe gan chruas ccridhe

duas choidche nach ccaithfidhe.

9 Do-bhera sé ar son a mholta

gidh í an aiseag shaogholta

a-bhus cé cuin chaithes sinn

’s flaithes ar nach bhfuil foirchinn.

10 Méd a dhuaisi ar an dán féin

ní fáth iongantais eiséin

leis cenchar gidh dál nar dhligh

gach dán delbhthar do daoinibh.

11 Ni ar chách as beite a mbuidhe

na tíodhluicthe talmhuidhe

Ri na n-uile as e do-bheir

ci be duine lé ndáilter.

12 Dia do-bheir a ndailter dhamh [174]

a bhfrith linn as leis tugadh

a bfoighbh[e] me as mé dá mhes

as e oighre Dé dháiles.

13 A-bhos is tall ge ta a nert

g(h)ebaidh se ar son a thoirbhert

roinn don mholadh as dlecht

no serc is omhan Ioso.

14 Measa mar tá truagh an gníomh

ni-am chriothnaigh egla an airdríogh

an saoghal as e [as] andsa

baoghal é don anam-sa.

15 Caruim é uch níor chartha

do-ním de dia adhartha

mo a gceangal da chionn ’gum chor

do mealladh sinn fan saoghol.

16 Do mealla(i)dh é amhlaidh sin

Zac-arias oglach saidhbhir

tarraidh sé an saidhbhrios dob ail(l)

gurb é [a] amhles d’fagháil [leg. a fh- ?].

17 Mairg do fuirgeadh lé bhfrith lais

d’éis tionoil iomuid ionmhais

do char sé an tand-sa an tagadh

ansa De do dermadadh.

18 Delbhuis do dhíon an ionnmhais

tor go ttrillsibh daingenlais

go huaim n-aolchlach a asnaigh

saothrach fuair an obair-sain.

19 Uaim an tuir o thairnig lais

ni thaighledh tor an ionmhais

acht einfher tar chách do char

teighedh do gnath da grianadh.

20 Fecht n-aon ar na fhechoin lais

ni fhuair se ar son an ionmhais

ar slios duaithnidh an dúin ghloin

acht dlúimh luaithrigh ’na lebaidh.

21 Od-chí sé an t-ionmhas uile

’na luaithredh throm thalmuidhe

tig maoidhimh achlain an fhir

don aoidedh tochráidh táirtigh.

22 Go Sacarias sínter lais

derbhuis do dith an ionmhais

damh re na sealgfoithredh slim

fergoighther é far fhuighill.

23 “Ní fíor” ar sé “a nderbha dhamh” [175]

gluaister leis lán do bhorrfadh

san toridin [leg. tor-sain?] truagh an turas

tuar osnaigh an t-amhuras.

24 A n-iomthús ón ló-so a le

ni faghthar fios a réime

an tor na an te do thóguibh

le tol De acht go ndeachoduir.

25 Acht a-mháin mesuid eóluigh

a ttug d’annsacht aindeónuigh

don mhaoin nár mhaithes don fhior

flaithes dá thao[i]bh gur tréigiodh.

26 Guidim Dia nar mealltar

mar so fan saidhbhres mbrege

a gradh ós [s]é as saidhbrios ann

go mbe ’na fhoilchios agam.

27 Lón gerr gach ionmhas eile

grádh De egla a oirbere

ar n-ionmhas go madh hiad soin

os iad ionlas an anmoin.

28 Biodh go ttiobruinn nír thugtha

ró gráidh d’ionmhas iasuchta

dob e ar n-aimhles a fhaghail

saidbhrios ’s gan he d’iongabhail.

29 Ceithre dúile a Dhé athar

a-tá um chorp gan chuartachadh

tug cobhuir na ccethra ndúl

dom shechna ar foluibh d’fadúgh.

30 An duil teinedh a-tá um corp

ni mhesuim hi as(n)a fuardhocht

’na gríos toile Dhe as duine

go mbe am chroidhe a ccomhuidhe.

31 Dom anmuin os e as nighe

tug a Dhé ar nduil uisgi-ne

na haithrighe d’fhás a n-am

cás a aithnighe ar mh’anam.

32 Glún snith slechtain umhals

ós túar anma dh’ardughadh

gile ar ngluin do ghormadh dhamh

dom dhuil talman go ttárrar.

33 Do dhuil aidheóir go ttí thriom

feitheadh ghnath oigre an airdríogh

god feithimh [a] D[h]é dhamh-sa

sé d’fheithim dom anam-sa. Mealltar...