Poem in printable PDF format
Meanmach
m’aislinn i gCraig Léith
[Pádraig Ó
Fiannachta, ‘Two Love Poems’, Ériu 21, 115-21]
1 Meanmach
m’aislinn a cCraig Léith;
dá bhfaca mé
misde ar súan -
ainnir fiongheal
fhuilt mar ór
tug m’aigne
gan leór a lúas.
2 A ccruth nar
bhféidir a cheilt
ar bhfaicsin a
cneis mar bhláth,
már líonus scoth
mara a ccúan
do línus go lúath
dá grádh.
3 Ní dhénuinn dá
dernadh rinn
an feadh do bhí
sinn ’nar súan
malairt iona[i]d
ris an rígh -
aoibhneas do
ghnáth ní bhíonn búan.
4 Ar musgla[dh]
dhamh - cá mó mairg?
mar nach fúaras
arruid ar fhís,
do chumha[idh] a
bhfaca mé
do líonus go léir
do sgís.
5 Do líon m’aigne
do dhall cíach;
do chuaigh síos
dá ttrían dom chéill;
táinig teimheal
ar mo ghnúis;
do chuiireas mo
shúil díom féin.
6 Tugus móid nach
dénainn fos
sech nón Banbadh
fa mbláth cnúas,
an té do chonarc
tré fhís
go bhfaicinn í
arís gan súan.
7 Tárla dhamsa
aon do ló
m’iarraidh
sa gcruth ’nar lór liom
ar bruach Feóire
na bhfiodh nglas
ar tteacht ó
Shíth na mBan bhFionn.
8 Le faicsin
ainnire in taoibh sheing
do shaoil sinn go
mbeinn slán;
uch, ní hamhlaidh
atá in sgéal,
is measa fa chéad
mar tá[m].
9 A h[a]inim do
rádha dhúinn -
mairg ré
tteangmhadh a ttús ghlíaidh,
.b. ionnta[t]har
bun os cionn
amhla[idh]
sloinntear an fhionn fhíal.
10 Do
ghéabhaidh a sloinne d’fhuil Táil
gidh bé neach ler
badh áil a gairm;
féachadh ceart le
Síol cCuinn,
acht a
tteasda uaigh don ainim.
11 Baile [in]a
suighther teagh óil
ag ríghuibh
slóigh Túatha Dé;
a gCraig Léith is
líonmhar slúaidh
tánag ar cúaird
gidh bé mé. Meanmach.