Poem in printable PDF format
Measa do
thagrais, a Thaidhg
[McKenna, L.
Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21,
1918); no. 15]
Aodh Ó Domhnaill
.cct.
1 Measa do
thagrais a Thaidhg
má do fhéachais
gach aon aird
ioná Torna an
dána dil
oide Néill is
Coirc Caisil.
2 Mairg dhuit ’s
gurab dhuit a mhairg
do nuaidh
th’iomarbháidh a Thaidhg
idir do leith
Mogha a-muigh
’s an leath-sa
Chuinn Chéad-chathaigh.
3 Ní fiú a gcuid
d’Éirinn a-nois
maicne Mhíleadh
Mhoighe Rois
iad féin fá
chéile do chur
córa dháibh síoth
do shnadhmadh.
4 Ós í sin do
b’inntinn daoibh
a Thaidhg Mhic
Dáire go n-aoibh
go bhfaghthá
freagra nár thais
truagh nach na
thráth do thagrais.
5 Do bhí re sé
bliadhna déag
do dhán id chionn
dá choiméad
níor léig eagla
síl gCuinn cháidh
dhuit-se
d’éin-neach a admháil.
6 Nó gur díbreadh
tar sáil soir
sliocht Iughoine
’s Tuathail ghloin
’s gur éagsad
thoir im a seach
do dhán níor
admhais d’éin-neach.
7 Tú it aon i
n-aghaidh pobuil
nár dhaoibh féin
a ndearnabhair
ní headh a-mháin
mór a meath
tú it aon i
n-aghaidh puibleach.
8 Ní thiocfadh
d’éigsibh Banbha
ná d’fheabhus a
n-ealadhna
dá ndeachaidh
dhíobh ’s dá bhfuil beo
leabhair na
hÉireann d’aithcheo.
9 Do shaoil mé
gur léigheadh libh
Gabháltais
Dinnsheanchas dil
leabhair irse
Innse hAirt
Bruighne Toghla
’s Tochmhairc.
10 Leabhar
Ard-mhacha go mbuaidh
’s ar sgríobh
Brógán theas is thuaidh
mairg dhuit nár
léigh na am
’s ar sgríobh
Colum is Comhghall.
11 Screaptra
Innse Cathaigh cóir
cóip Ciaráin i
gCluain Mic Nóis
leabhar Mochuda
an chlúimh thais
mairg nár léigh
sul do labhrais.
12 Do b’anta ris
an taoibh thuaidh
ar bhreith
psaltrach Chaisil chruaidh
idir gach druing
don dheagh-fhóir
d’fhuil Éibhir is
Éireamhóin.
13 Truagh nár
léighis na sgreaptra
do sgriobh lámh
Chaimín Cealtra
leabhar Glinn Dá
Locha thall
’s leabhar Tuama
Dá Ghualann.
14 Má do rugsad
breith le báidh
ollamhain Éireann
d’éan-láimh
dearbh nach
rugsad naoimh a-nall
idir chách acht
breith comhthrom.
15 Do shaoil cách
gurbh eolach cóir
tusa ar maicne
Mílidh mhóir
gur chum sibh an
seanchas cam
ughdar gach neach
go labhrann.
16 Ní buidheach
dhíot-sa síol gCuinn
diomdhach síol
nOilioll Óluim
ní barr measa don
taoibh theas
a gclos uaibh-se
dot aighneas.
17 Roi-bhinn ris
an dtaoibh-se thuaidh
a Thaidhg gach a
gcluinid uaibh
dearbh leo go
gclaoifidhthear sibh
ó dhreim éigin dá
n-éigsibh.
18 Caithfead féin
mo gha ribh-se
go gcead da bhar
n-éigse-se
dá ndeach fa lár
níor ghnáth soin
trasgraim laoch
ionn gach iorghail.
19 Truagh nach ar
an nga do chleacht mé
gé tú-sa i n-earr
m’aoise
réd rogha
Muimhneach ón Máigh
a Thaidhg tharla
ar n-iomarbháidh.
20 Do bhiadh a
cheann leam-sa im láimh
sul do féadfaidhe
ar n-eadráin
is crú a chroidhe
ar mo ghlas
dialladh duine re
dhúthchas.
21 Do bhéaruinn
an diach thug Conn
ar Eoghan Mór um
an bhfonn
nó an diach fuair
Conmhaol cain
ó Thighearnmhas
mac Follaigh.
22 Nó an díol do
rad Írial Fáidh
ar cheathrar mac
Éibhir áin
nó an díol do rad
fós an fear
Éireamhón ard ar
Éibhear.
23 D’Iughoine
mhear mheanmnach mhór
sinnsear
saidhbhir na sár-shlógh
do mhionnuigh
síol Éibhir Fhinn
gan cur ré
chloinn um Éirinn.
24 Cia do chloinn
Iughoine a-nuas
fuasgail dhamh an
cheisd gan chruas
dár ghabh
Teamhair na dtreas dte
acht sáith
d’Iughoine d’oighre.
25 Mar ráthaibh
ar a gconnradh
gach aon dúil
bhuí gá bhfoghnamh
éasgair grian gan
dol dé
muir is tír tuile
is aithbhe.
26 Do shíol
Iughoine as bhuan bladh
ríoghradh uaisle
na hAlban
le Séamus aniú ma
le
Sacsa Alba agus
Éire.
27 Dá shíol fós i
nÉirinn uill
Osraidhe Laighin
Leath Chuinn
Dál bhFiatach Dál
Riada a-le
Baisgne
Músgraidhe Déise.
28 Dá n-andaois i
mbun a ngaoil
síol Laoghaire is
Cobhthaigh Chaoil
do bhiadh gá
sliocht go bráth mbinn
iomáin éin-leithe
ar Éirinn.
29 Do ghabhsad
Laighnigh do láimh
cosg na
Muimhneach mear ón Máigh
dá bhfaghdaois
uatha gá dtoigh
síoth ó shíol
Tuathail Teachtmhair.
30 Díobh atáid
cinn-litre ceall
is ur-mhór
ard-naomh Éireann
’s is díobh aniú
’s an-allan
sgoth éigeas is
ollamhan.
31 Leath Chuinn
is Leath Mhogha mhais
do shaoileadh
lucht an eolais
gur comhthrom an
roinn-se a-le
gur labhrais a
Mhic Dáire.
32 Ní cian do
fhan síol gCuinn gcáidh
ar an roinn-se
d’Inis Fáil
dá ngoirthear
Leith Mogha a-muigh
’s an leath-sa
Chuinn Chéad-chathaigh.
33 Gearr iar sin
ar Maigh Léana
do shlán a
Thaidhg a shéana
gur bhean Conn
d’Eoghan gan fheill
a cheann is a
chuid d’Éirinn.
34 Um thráthnóna
rias an gcath
do chroch Eoghan
ard éachtach
teachta Chuinn ar
dteacht dá thoigh
dhá mhac
Criomhthainn a Cruachain.
35 Nár dhuit a
rádh dá éis sin
nach raibhe
codhnach Caisil
ar a choimhéad ar
Chonn chóir
d’éis a ndearna
air d’éagcóir.
36 Mó bhar
dtáinsiomh ar chloinn Chuinn
mar as léir id
laoidh leathtroim
ioná ar aondreim
don deagh-fhóir
d’aicme oile
Éireamhóin.
37 Do bhearuinn
comhairle chóir
dá mair do Leith
Mhogha mhóir
más tú file as
fearr dá ndáimh
do chosg feasda
d’iomarbháidh.
38 Muna ndearna
siad-san sin
ná bíodh oruinn
ag aithbhir
éigse shíl Chuinn
na gcuradh
fa bhar mbréig do
bhréagnughadh.
39 Lughaidh a
dtuaidh Torna a ndeas
bíodh nach raibh
orra aincheas
dias as laige do
labhair
don Leith-se
Chuinn chomhramhaigh.
40 Ar labhair
Lughaidh go tais
tug air ní
deasbaidh eolais
acht báidh re
Leith Mhogha a-muigh
bean don Mhumhain
a mháthair.
41 Gidh í máthair
m’athar féin
inghean Í Bhriain
fa maith méin
san chúis nár
tagradh riamh róibh
uaibh ní éisdfinn
an éagcóir.
42 Cia dhíobh ba
fearr i ngach dáil
ar dTuathal do
theacht Éire
iná Corb Ólum gan
ceilt
’s gur chomh-aois
iad na ndíbeirt.
43 Caidhe do
Thuathal Teachtmhar
ar dtilleadh dhó
dá eachtra
ceannas Éireann
ar gach leith
do ghabh le
beagán buidhne.
44 Do naisg
Tuathal ’s do shealbhaigh
ar uaislibh
Banbha i dTeamhraigh
gan cur ré
chloinn go bráth mbinn
oiread bhías muir
um Éirinn.
45 Tuingsead uile
dá éis sin
don rígh-se
d’aitheasg éin-fhir
diamdaois
coimh-neart síol na bhfear
nabdaois
coimh-cheart ré chloinn-sean.
46 Níorbh ionann
i leabhraibh sin
teisd ríoghradh
sleachta Éibhir
is teisd na
bhfear nár dhearóil
ríoghradh
shleachta Éireamhóin.
47 Ré linn ba
soinnmheach síona
d’eighreacht ré
linn dá shíola
ioth is bliocht
iasg agus meas
do bhíodh do
ghnáth na bhflaitheas.
48 Caidhe do
Chonaire ar threoir
deagh-mhac áluinn
Eidirsgeoil
samhail a fhlatha
léigh dhamh
i-muigh id
ríoghraidh Mhumhan.
49 Freagair dhamh
gan taom tnúdha
caidhe do Chonn
mac Úna
re n-a linn
níorbh bheag an rath
tug talamh toradh
céadach.
50 Cia do
bhéaradh geall Cormaic
do shliocht
Gaoidhil ghlan-ordhairc
gé do thógbhais
air mar oil
a chur fa
ghabhail d’Fiachaidh.
51 Minic do léigh
tusa féin
a mac Airt an
airm aithghéir
líon a
theaghlaigh thall na thigh
caoga ar mhíle do
mhiltibh.
52 Do b’iomdha
mac ríogh go rath
bhádar n-a ré ar
a theallach
d’Éirinn is tar
muir a-noir
do b’inmheasda
rét Fhiachaidh
53 Cormac ba
cunnail a mhaith
ba saoi ba file
ba flaith
Ba
fír-bhreitheamh fear bhféine
ba cara ba
coigcéile.
54 Cormac ro
chlaoi caogaid cath
ro shíolaigh
saltair Teamhrach
’s ní fhuil sa
saltair go rath
gur bhris
t’Fhiachaidh-se aon-chath.
55 Dar liom féin
níor chumtha dhuibh
draoidheacht an
tsean-druadh Mogh Ruith
i nDruim
Damhghaire na ndamh
’s nach raibh
annsin acht siabhradh.
56 Cá háit don
taoibh thiar
do Niall
Naoi-ghiallach mar Niall
dá dtug ó Mhuir
nIocht a-noir
géill gach tíre
go Teamhraigh.
57 Fagham leat
samhail do Bhrian
mac Eachach
Mhuigh-mheadhóin thiar
ór shíolsad i
bhfus gan acht
na teora caomha
Connacht.
58 Caidhe do
Dháithí-se a Thaidhg
do chuaidh go
Sliabh nEalpa n-aird
dar briseadh leis
caoga cath
mar Dháithí mhór
mac Fiachrach.
59 Nó Fiachra
athair Dhái-Thí
dárbh ua Oilill
Molt an rí
cáit i bhfuil
leat a dheigh-fhir
samhail Ghuaire
an ghairm-einigh.
60 Caidhe do
Chonall mac Néill
nó Eoghan an airm
aithghéir
is a sliocht sin
maith a méid
fagham agat a
leithéid.
61 Caidhe do
chlann Cholmáin chaoin
nó do shliocht
Aodh Sláine shaoir
deacair a
gcaithréim do cheilt
clanna Néill dána
an deigh-cheirt.
62 Caidhe do thrí
Colla chruaidh
lé mbearthaoi ann
ngach bearnaidh buaidh
nó comhmaith a
sleachta soin
idir Éirinn is
Albain.
63 Caidhe do
Niall Frosach féigh
fuair ó Dhia ar a
dheigh-réir
fras airgid is
fras do mhil
is fras do
chruithneacht chaoimh-ghil.
64 Caidhe bhar
nAongus amhra
mac maith an
Charraigh chalma
nó
Maoil-sheachluinn re díl dámh
nó mac Dálaigh
Éighneachán.
65 A haon is trí
fichid rígh
ria gcreideamh ós
Éireann dínn
beag re ríomh na
bhfochair soin
mairg do mhaoidh
do sheacht gceathrair.
66 Sé rígh ’s dá
fhichid ríogh réil
ós Éirinn do
dheigh-shleacht Néill
ó theacht an
Táilghinn tar tuinn
gus an
bhfíor-fhlaith Maoil-sheachluinn.
67 Níor ghabh rí
d’éis chreidimh chóir
d’fhuil Ír Éibhir
Éireamhóin
acht fuil Néill
is Oilill Molt
’s do Bhrian-sa
le ro-chumhacht.
68 Is tearc má do
sloinneadh riamh
an tír-se iona
bhfuineann grian
mar shloinntear
múr an mhíodh-óil
ó ríoghraidh shíl
Éireamhóin.
69 Goirthear
Teach Tuathail d’Éirinn
Cró Chuinn is
Fonn finn-Fhéidhlim
Iath Iughoine is
Achadh Airt
Críoch
Chobhthaigh is Clár Cormaic.
70 Corradh mór ar
thrí mhíle
ríomhthar tria
réim inrímhe
ó theacht mac
Míleadh a-noir
dár ghabhsad
Éirinn iubhraigh.
71 Re
dtionnsgnamh teampuill Sholmha
canaim ribh ráidh
gan dolbhadh
tháinig clann
Míleadh tar muir
an treas aois
d’aosaibh domhain!
72 Do bhí urláimh
na Banbha
ag cloinn Míleadh
mhór-chalma
ó shin gan roinn
re ruire
go haimsir Briain
Bóruimhe.
73 Ceithre fichid
ceithre céad
do bhliadhnaibh
ní hiomarbhréag
ó dhíbeirt síl
Mhogha a-muigh
romhainn síol
gCuinn Chéad-chathaigh.
74 An tan do
b’aois do Chríost cheart
sé céad míle agus
seacht
do díbreadh síol
gCuinn tar muir
’s do beanadh
dhíobh a nduthaigh.
75 Céad urdail a
ndubhairt mé
a-déarainn daoibh
an uair-se
acht nach roich i
n-aoinfheacht uaim
a bhfaisnéis uile
i n-aon-uair.
76 Dá gcluintear
aon fhocal uaibh
dod bhréagaibh
don taoibh-se thuaidh
cluinfidhear
d’fhírinne theas
céad oiread gach
ar áirmheas. MEASA DO.