Poem in printable PDF format
Meinic do beirear
bean ghaoil
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
2]
Do’n Mhaighdin
Mhuire
1 Meinic do
beirear bean ghaoil
gach bean fa
dheireadh as dóigh
cumaim mo
shuirghe rém shiair
cuimhne i ndiaigh
cumainn is cóir.
2 Ar mbean
tsuirghe gidh dóigh dhún
ní cóir gan
chuimhne ar a gaol
iomdha ní ar
sgaoileadh a sgéal
nar éar
aoin-fhear is sí saor.
3 Díol cumainn an
ainnear óg
nach cailleann a
[cumain] úd
bean gan chuimhne
ar thol dá mhéad
nachar bhréag tol
suirghe súd.
4 Ní cosmhail
Muire is na mná
fa gcumaim do
[roighne] ria
bím ris nachar
chruinnigh cheo
an t-eo fis ór
dhuinigh Dia.
5 Maith do
éirgheadh sin dar siair
beith ag gach
éin-fhear do b’áil
ni bhia bean oile
na hóigh
ba dhóigh d’fhear
acht Muire a-mháin.
6 Ní [huirre]
maighdean a-mháin
dar mbuime
cairdeas is cóir
do bhí Rí na
cruinne ar cígh
buime trír is í
na hóigh.
7 Saoradh
ríoghain nimhe naoi
mise ar do
dhíoghail a Dhé
níor ghein úr
eile mar í
go mbeire sí na
múr mé.
8 Go mbé an
fíréan leam gach laoi
gomadh teann ar
Míchéal mé
rún síodha go
bhfagham faoi
dlaoi díona dom
anam é. MEINIC