firstLine"; ?>

1350. Meinic laghduighthear Leath Cuinn $
Length: middling 18qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early (1623)
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy wp
Manuscripts:
  1. RIA 744 (A/v/2) 17th c.
Motifs:
  1. internal dating
  2. imagery for patron
  3. English conquest of Ireland
  4. historical allusion
Patron Christian Names:
  1. Maire [dau. of Riocaird?]
Patron Surnames:
  1. Cname only
Apologue Subclasses:
  1. division of Ireland btn Conn & Mogh Nuad
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Meinic laghdaighthear leath Cuinn

[RIA 744 (A/v/2), 11a; 11b left blank]

[date 1623 in qt 18]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Meinic laghduighthior leath Cuind

mór ccrádh ós cionn a fulaing

fúair sí do chláochladh ó chea[s?]

[n]í háonchrádh dhí fá doibh[eas?].

2 O thuislibh go teidhm oile

ó imneadh go heólchuire

ní fhéd sí gan coimhne ar cheas

ó dhoilghe dhi go doilghios.

3 Ní thug leath Cuind ar-cheana

ó thárraigh tús imneadha

go ttáir go crídhe an ceas-so

acht síghe a ndáil doilghiosa.

4 Ní leattrom a los ronna

do réir mur táid tóronda

tig as-teach ar chédroind Chuind

fá leath éccroind an fhearuind.

5 Sé ronda rátha Logha

níor chuir neart a-nallona

a riocht as lugha leath Cuind

lé bheith gan tumha um thóroind.

6 Ní heasbhaidh inbhear srothach

ní teirce magh míonsgothach

do laghdaigh leath Cuind na ccath

acht a mbuing ré teach Teamhrach.

7 Teamhair thug an domnas dhi

Téa ó ttá Teamhair uirthi

Éireamhón ar ttocht is-teagh

ar ghort meidheamhór Mhileadh.

8 Ar leath Cuind do chuid ronda

do réir ríaghlaidh thóronda

tus luit don fheadhoin ré a hais

do thuit Teamhoir do téagmais.

9 Dream nár hurmaisiodh orra [12a]

rug a bás breath eatorra

cía is maith don mhaicne fháoiligh

nó is saith d’aicme fhiondGháoidhil.

10 Níor tuigeadh an tráth do mhair

lé gach druing dá ttá a heasbhaidh

an fad ráinig cailg a cráidh

gach mairg táinig dá teasbháil.

11 Iomláoidtear maise a mórtha

ag flaithibh fhadbh n-orórtha

sgíamh gach dealbha ar ccúl cuirthear

a rún feadhma fúasnaightior.

12 Ré hucht imtheachta Mháire

do thuil a ttonn míobháidhe

acht gan gníomh airm ar oile

ná maidhm síodh a sochaidhe.

13 Ó bhríogh choitchinde a caithmhe

urra bú dóigh dearlaighthe

níor táobhadh go tteasda sin

báoghal feasda dár bflaithibh.

14 Maith gach áoin ar a iocht fein

eagail go ttuillfe toibhéim

sáoth leam a légadh ’na n-ucht

dream nár déchadh a ndáo[nnach]t.

15 Níor féchadh a lán ré a lind

caithfidh feasd dénamh dichill

an té roimhe nach rachadh

lé fá a hoire d’iomachar.

16 Scáthán amhoirc an oinigh

ortha ré n-olc anchroidhigh

tolach thionóil bhfear bFuinigh

teagh miodhóil dár macroighibh.

17 A chreidhim do cheil gach mairg

a inghean rathmhuir Riocaird

a deireadh Boinn(e) bhéinne Bhreagh

a nóin ghréin[e] na nGaoidheal.

18 Sé chéd décc dá dheich ar thrí

áois Meic Dé ní dáil neimhfni

go ttárla an chailg choitcheand deit

as foircheand dár mairg meineic. [date 1623] Meinic...