firstLine"; ?>

1351. Meisi ar th’fhaosaimh a Airt Ruaidh $
Length: middling 27qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patrons
  3. nobility of ancestry
  4. English conquest of Ireland
  5. imprisonment
  6. comairce, protection
  7. religious controversy
  8. Lapse of Gaelic ways
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh (RIA 743)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Art mac Aoidh mhic Dhomhnaill
Patron Surnames:
  1. MacAonghusa (d. 1629)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Meise ar th’fhaosamh, a Airt Ruaidh

[RIA 743 (A/iv/3), 775]

Gofraidh Mhac an Bhaird

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Meisi ar th’fáosaimh a Airt Rúaidh

tabhair beó um intinn egcrúaid

roinn mh’eire tre robhaidh rum

dá mbeire ar mh’anáil ionnam.

2 Díot má do dhligeadh [leg. -eas?] almsa

oirchius na híarr seacham-sa

ar th’fíor flatha fég dh’ár mbroid

créd i ttacha mar támaid.

3 Gabhthar na hairde oram

glas imshníomha ar mh’uraghall

ní fhaghaim fháth na labhra

da bfaghainn áth agall(a)mha.

4 An labhairt nach léigter dhamh

fám thuinn ’na treabhadh menman

gach a treabhu(i)m ní túr oir

ní ferann dúinn ar ndútaigh.

5 Ag so chimidh i gcarcair

más túaloing a thárrachtoin

d’fhuighlioch áir a fhir Cráoibhe

ribh dob áil a égaoine.

6 Da lamtháoi a rádh acht rut-sa

ní hí an trebh i ttarlatsa

do réir mh’eóil áras as ferr

tárras a ndeóidh na dílionn.

7 A Mhéig Aonghusa ní fhuil [776]

fer ar n-aithne um fhonn dúthaidh

a labhra as roifhrithir rum

coimighthigh tarla um thiomchall.

8 Gan againn don Éirne bhailbh

nó d’Eas Rúa[i]dh mhó[i]r meic Badhairn

puirt aille ’nar hoileadh me

acht sgáile a n-oirior d’aithne.

9 Gan Dálach a nDún na nGall

port Leithbhir ’na lios eachtrann

mor linn do-fhionnmáoid don ulc

sinn ón iomláoid gan fhaghnacht.

10 An Chráobruadh (?) ’na gríanan Goill

malairt díne i nDún Geanuinn

Eóghanach ann nochan fhuil

a bharr beóghonach Beannc[h]u[i]r.

11 Tárraidh Macha gá mó broid

iomláoid uird tar ord Pádraig

snoighe ar a seanhalluibh soin

ferannaigh oile i nEamhain

12 Ní thuigim a thuir Mhacha

’s dá ttuiginn a tteangthacha

ar a mbáidh sin rér senuibh

táin nar ghin ó Gháoidhealaibh.

13 Baramhail as dísle dhamh

Comhdhán i gcúas na bfáolchon

glór Comhdhán a gcionn na gcon

sionn ’gá chomhrádh a gcogar

14 A Airt meic Aoidh meic Domhnaill

osgail ar fhál mh’éccomloinn

leg lat ar fhabhairsi inn

ac ní l[a]mhaim-si luaighill.

15 Ag so an comuirce a chara

do chláochlaidh ar gcédfadha

táir a Mhéig Aongusa ar n-oil

té[i]d mo cháomhna-sa cugaibh.

16 Dáoibh-si a comtaigh mo chridhi

dobadh carbad Conure

na haimsighthi a-tá fám thoinn

lá a bfoillsighthi da bfaghainn

17 Le faicsin Iobhair Chinn chóigh [777]

do múcfaidhi dé ar ndobróin

ar gcroidhe dobadh cáoin linn

Moighi an Cháoil ó do-chífinn

18 Do thuilfedh mo thonn uaille

da roisinn d’éis mh’anbhúaine

Í Eathach as aipghi mbairr

no maicne creachach Chonaill

19 Do rachadh glas dum gothaibh

eadruibh in bhar nUlltachaibh

a bharr rímhiadh ó Rosa

’s a chlann fhírfhial Aongusa.

20 A tréd ara ttig an táin

a chlanna díle Demáin

a aighthi re hucht bpudhar

a lucht aithne ar n-ealadhan.

21 A chomhladha ar cionn imnidh

a chlann eicsíoch Aimhirgin

a fhiodhbaidh Conaill a Clíaigh

a chrobhaing ionmhain Iríail.

22 A chlanna Cais meic Factna

as fál re hucht ngúasachta

mar chách ní sobhúana sibh

a shnáth comhúama an chóigidh.

23 A Meig Áonghais a hEamain

teallach do ghég ngeiniolaigh

a núadhadh do-ní-si a-niodh

ar bfúaradh grísi Gáoideal.

24 Cuimnigh do deala dhamh-sa

réidhigh inn ón accrann-sa

a fhoghlaidh creach mhoighi Mis

dreach a-roile go roichmis. Misi...

25 A Shorcha inghean Áodha

a dreach dhíllidh ghlórdáonna

labhair úainn eadrum is Art

teagbham úaibh ina annsacht.

26 Córaide inn ar th’aire

airi-si fáth d’abhaighe

do tháoibh ar thairius do shníomh

dháoibh ni háinius ar imshníomh.

27 Ionann a inghion Í Néill

luibh do fhóirfedh ar n-oilbhéim

gach guin dá gcailg do creidhe

do chuir chailg ’nar gcroidhi-ne.