firstLine"; ?>

1354. Meitheal do bhi ag Dia na ndul $
Length: very long 46qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th-17th cent.
Prints:
  1. text DiD no. 42
Motifs:
  1. Envoi to saint (Brigit, poet’s name-saint)
  2. imagery for body
  3. God as Creator
  4. joys of Heaven
  5. body enemy of soul
  6. Fasting
  7. Alms
  8. agriculture
  9. Female occupation (?spinning)
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (ident. in last quatrain of poem)
Poet Surnames:
  1. cname only
Apologue Subclasses:
  1. harvesters in vineyard, all same wages
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Meitheal do bhí ag Dia na ndúl


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 42]


Giolla Brighde Ó hEoghusa .cct. (?)


1 Meitheal do bhí ag Dia na ndúl

- cia ar nach breitheamh rí na ríogh? -

coibhéis ga roinn ón rígh mhór

nír lór le droing díbh mar dhíol.


2 Dream fa phríomh don phobal fhionn

gus an ríogh gan chogar gcam,

lór ríoghdhacht a cheirt ’n-a gceann

dream san bhfíonghort fa theirt thall.


3 Toradh abaidh fhuair an rí

ón madain ga bhuain do bhaoi

ní dheachaidh a bhuain do bhreith Dé

tar an té fhuair i leith laoi.


4 Tig i gceann nóna dream díbh

- nochan ónna earr mo sgeoil;

nocha sia a-nonn iná nóin

do-chóidh go Dia an drong fa dheoidh.


5 Coibhéis tug díbh dá gach dreim

dá rug gun rígh ar a phroinn;

meitheal Dé gomadh díbh inn

go mbé sinn gun rígh fa roinn.


6 Ar an chéaddrong ann tré éad

ón géaglom gach crann do-chiad:

“meitheal dar bh’aghaidh sinn súd

grúg linn ar samhail is siad.”


7 [”Créad an] tnúth do bhí ar dhreim díbh

gé do-neinn” ar an rí “a réir;

cóir congbháil gach chuir go cóir

do-chóidh dhuibh ar bhformháil féin.”


8 Cia an chéaddrong fhormhála úd

nach éadtrom gcomhdhála ad-chiad?

dream do chinn crábhadh go hóg

nach sgirr fód go háradh iad.


9 Cia tháinig i leath an laoi

dá nach ráinig neach gan ní?

dream théid tar bloigh dá n-aois é

do thoigh Dé ón mbaois i mbí.


10 Cia tháinig i dtráth re sgur

dá ráinig mar chách a gcor

a itghe fhíre ghearr ghlan?

dream do sgar críne re col.


11 Dream [ó nóin] díbh, dream go moch,

nír fhearr a mír dóibh ná a deoch;

cidh óg cidh sean thí ’n-a theach

is í bhreath neamh dá gach neoch.


12 Neamh i n-a dhíol ó Dhia ar ndul

fear gá mbia críon as a chul;

ní fhuighe ar aba ní achd neamh

fear ga mbí aga as a ugh.


13 ...... bearar an bhuain

a-deir an leabhar go léir

na soisgéala i n-a gcurp chóir

dóigh lucht nach coisgéara a gcéill.


14 Mairg nach do mheithil Dé ar ndul,

sé re a mheithil nocha mion

[bronnta ó] leagar neach ar neamh;

meadh na mbreath is eagal d’fhior.


15 Nocha beir Dia cách ó chiort

i meidh an tráth bhus lia a locht;

mo shoighníomh a Dhé ba dheacht

gomadh seacht gcoimhlíon é is m’olc.


16 Olc m’ar agus olc mo thuar,

isam gort nach gabh a shíol;

go mbé a Dhé gráinne dod ghrádh

ar lár gach áighe, a Dhé, dhíom.


17 [Fóir a Dhé] m’anmain is air,

is mé an chré [’n-a] talmhain tigh;

a mbí im thromcholuinn d’fheoil oimh

fuin, a eoin ghormcholuim ghil.


18 [Glan] mo chridhe, a Dhé na ndúl,

ag snighe go mbé do bhraon

im inchinn im churp im chliabh;

iadh fam ucht, timchill mo thaobh.


19 [Mo mheanma] - is tobar fuar fliuch -

ag luadh meabhla ag cogar creach;

mo chaoin ar n-a cur a-mach

dubh mo dhath don taoibh is-teach.


20 [Mé dom b]reith do-chí gun gcurp

ní bhí achd gar mbreith ó chiort;

a pholl camra, a chalann bhocht

olc tharla an t-anam ar th’iocht.


21 .................... fallsa a neimh

fuaradh dhamh-sa agus a ndoigh;

bréaga doilbhthe muin ar muin

géaga do chuir toirthe [im] thoigh.


22 .............. measgadh a méar

cam mo sheasamh is mo sheol;

comuil dom dhéad do bhas bhán

lágh blas na mbréag as mo bheol.


23 .......................... is each

nocha cóir is mo chré fliuch

fearthain i n-eas [ruaidh] mo rath

clach i dteas [go n-uair] do fhiuch.


24 ............................ do dhál

nach anfuidhe ó dhún do dhún

a thruaigh, ná toirche gan lón,

smuain gan do chlódh choidhche ar gcúl.


25 .................................. cat

ach a mbí ar láthair láimh riut;

tiomna th’each do bhó ’s do bhrat

dod mhac is breath do ró riut.


26 .............................

...... ...........................croig

is fíor Dé nochar dhú dhuid

an dtuig tú do ghné dhá goid.


27 Seang san Aoine is [eadh nach] dú

an naoidhe ’s an bhean ga mbia

ní dhleiseadh naoidhe ní dhó

san ló do bhí daoire ar Dhia.


28 Trí sáir do fulngadh le ar bhflaith

- ar gcunnradh ní cáir do chleith -

a thaobh geal do chur fa chloich,

dul i gcroich, is bean dá bhreith.


29 Dá ró ’n-ar ndáil-ne Dia féin

ní bhia bó ná áirghe ar m’óidh;

adhbhar teasbhruithne a-tá im dháil

[is] gráin lá an mheasroighthe mhóir.


30 Ní rí a-dearam gidh eadh é

re fear agus fearann faoi;

re a thabhairt d’aoidh is é is rí

an té do-ní craoibh don chnaoi.


31 Do dhealbh ar rí-ne an mhuir mór

do shnoigh na tíre gan tál;

talamh neamh do-roighne a-raon

doilghe craobh le [a bhfear i bhfál].


32 Tug [gréin] thoir sa [mbioth dar mbraith]

tar gach toigh ’n-a rioth do reich;

tar gach n-uilinn siar do soich

grian ’n-a cloich muilinn ar mleith.


33 Dá léasboire Dhé na ndúl,

ar n-éasgai-ne a ghné is grian;

an bioth dá loinnir do líon

dá choinnil ríogh ’n-a rioth riamh.


34 Ro badh iongnadh le gach fear

gémadh fiodhbhadh tres an ar;

dámadh neamhghnáth éan a hubh

nó sméar dubh a gealbhláth ghlan.


35 Do [shuidhigh] Dia re gach ndúil

i n-a [suidhidh Dia] ba-dhéin

an talamh chongbhas go cóir

nó an gabhal óir [ghabhlas] gréin.


36 An saor do shuidhigh gréin ngil

a réir nocha duiligh dhuibh;

a chumhang gidh cia do-bheir

do-gheibh Dia ar ubhall nó ar uibh.


37 Le Dia is annsa íorna mná

ná almsa ríoghdha dá ria;

táin ríoghna ná raighne bó

mó an t-íorna ó mhnáib daidhbhre ag Dia.


38 Comhairle uaim dá gach fhior

- ní comhairle ar n-uair bhus omh -

gan eallach san chró do char;

[ní mhar] dó a cheannach ’s a chrodh.


39 A dtabhair duine do Dhia

maraidh san chuile gan cheo;

mairg nach tabhair bloigh na bó

[san] chró [a d]taraidh ’n-a boin bheo.


40 Leiseochaidh Dia cisde ar gcradh;

brisge nocha bia ’n-a fhiodh;

cisde damh-sa créad a chan?

ní mhar séad achd almsa d’fhior.


41 Ba le marbh don chill ad-chiu

is a fhadhbh linn mar is leo

an almsa do budh fhearr dó

ná bó ón marbh-sa ’s a beann bheo.


42 Laogh dhamh-sa agus céad bó mbliocht

m’almsa rem éag budh mó mart;

maith an chuire ’s a chéad torc

do dhuine ar dtocht d’éag [do-n-ort]


43 Ní beag le laoch ar nimh naomh

an ghaoth i n-a digh gá diul;

ní háil fromhadh ní háil ól,

lór dáibh a bholadh do bhiudh.


44 Sruth fíona sruth meadha mall,

sruth meala bhus míolla leam,

tobar trí gcíoch ar mo cheann

lionn nach fríoth cogal ’n-a cheann.


45 Mór an baoghal m’ord gach laoi

- is faobhar [go gcolg] mo chré;

lór a-tám ’n-ar mbeithidh bhí

lágh a rí ar do mheithil mé. Meith.


46 Brighid Bhreagh [as] bharr na n-ógh

’n-a teagh tall gurab mór mé;

gnáth rádh a gille ’gar ngairm

ní nár linne mar ainm é. Meith.