firstLine"; ?>

1356. Minic frith Eire a hEamhain $
Length: long 42qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Bodl. Rawl. B 514 O’Donnell poems 16c
  2. NLI G 17 Seamus MagUidhir 1727
Prints:
  1. text Ir. Texts ii, 63
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. irresistible attractions for women
  3. hospitality to poets
  4. patron’s prowess in war
  5. harrying
  6. spartan life of warriors
  7. territory as king’s spouse
  8. fertility under true king
  9. prophecy of ruler
  10. mythical allusion (Guaire)
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh (Rawl. B 514)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird (NLI G 167)
Patron Christian Names:
  1. Maghnus
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1563 [poem <1535]
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Minic fríoth Éire a hEamhain


[Fraser, J. and O’Keeffe, J. G.: ‘Poems on the O’Donnells (1200 to 1600)’, Irish Texts ii (ed. Fraser, J. et al., London, 1931), poem 13]


On Maghnus Ua Domhnaill.


Gofraidh Mac an Bhaird .cc.


1 Minic frith Eri a hEamain

a dil celi fa comhair

an tshin ni fhuil na adhaidh

gabaid don fhuil righ roghain.


2 Na tairthe ga lá is lugha

a haithne ata ga tagha

ruc síon don righe rogha

togha rig mine an mara.


3 Terc a medh righ do rígaib

a gnimh ca ben nar buaidir

do-ní se le tri triaraib

ri gan riagail é ar uairib.


4 Fécthar gnath na righ reime

a gnath ag righ an raibe

feichid uadh re feadh fledhi

smual na sleghi an fer faire.


5 Derg am Boinn crich a cuarta

do sith co fóill nach fechfa

fada as bidhba ar iath nEorpa

sciath leonta on himda échta.


6 Geall re hechtaib ar fhegadh

an eng shenta do shínedh

tic na gaith móir a maidhem

scailed sroill maith an miled.


7 An feadh adras don omna

do lean Maghnus a menma

bec doib a fuidhel faghla

cuired Samna ar fhóir Emna.


8 Tuc sith ar dul a ndebaid

a fích ga cor o comhaidh

dá rab a fhaid na adhaigh

maraid car áidh da fhoghaib.


9 Coill is blath ingnad uirre

an fidbad san ath imme

fa dín da crann don coille

coinde cland righ do-rinde.


10 Do lín Fond Eamhna d’úaman

a menma is tonn gan tragadh

ni he nach buaidh do-beradh

fegadh se d’uaim a áladh.


11 Becc laprus an tan tarla

fa Maghnus ac cur comdha

an fedh do bai sa mberna

a menma ar mnai is fer foghla


12 Seol a scáithe do sgailed

eol na gaeithe co ngebad

ícaid meoir le mnaib miled

sinedh seoil narb ail d’fhegad.


13 Gabaid fa ghel na gruaide

an fedh maraid a maine

guais co mbíadh na buain beime

ríar cleri fhuair an t-aíde.


14 Cia da daimh fer nach faighe

gach fledh as ail re hibhe

fechaid se buaidh an bleidi

ge be heile fuair fili.


15 Geba an geall do gab Guaire

is gell re bladh a braige

rachtain ass gan boing mbeime

glas ot fheli ar doirr ndaime.


16 Do chrod nir f[h]eith a n-oíridh

gan dol ó do dreich naraig

o fuair ar mhar dot maínib

fagh ón aídidh uaim h’álaidh.


17 Baidh le rigmnaib do riaghail

sirdhail a ngraidh ad gnimaib

do brigh an clu do-cualaidh

do fhuaraigh tú am righ righain.


18 An bert le cach ag cungnam

ni bert gan f[h]ath do himradh

sul do nocht h’fhearg a hadbar

cealg mallbhan ort do hinnlad.


19 La duit a n-ádh at fheinnidh

an la ’gud reic os rigaib

aighte cliar ar cru nDaluig

taraidh tú a ríar do rígain.


20 A ngliaidh an taeb da tiucfa

sa raen na diaidh nír dolta

cuirter lib go ham n-echtra

do tigh leabtha na crann corcra.


21 Mas cairt duid ar cro Connla

a troid as mo do menma

suil do rígh nar ben Banba

fer fagla dib da nderna.


22 Doigh éra dib nach dingnad

a scela a tír mar toghlad

t’fhían am noin a n-íath fhagladh

ar snadmadh scíath n-oir d’fhogmar.


23 Nach doibh scailed do scela

scailed do toir na tana

h’aithne do cach nir cora

trath nona a haithli an agha.


24 Tuctha seal do Tigh Teamra

mar do-bir gach fer fogla

fassaid cnú na cnoib imdha

dingna tú ar bloigh don Banbha.


25 Leat tir Da Thi do tileadh

na bidh an drai go deibed

sreb na suan ag reic roghan

molad druadh deit a-deired.


26 Sreab dar gar a fer faire

is fled nar an gan ibe

duais do bud lor uair eli

fat’ól sreibe fuair file.


27 ’Gon dingna ar luaid O Luigdech

a dirma sluaig bud siublach

ge gerr co lá a lícc Teamrach

ata Bregmach díd dimgach.


28 Do bi na hoigh ar úairib

amoigh do bi re blíadnuib

ben duit do-coidh a ceimib

feinnidh bruit óir a hiarruidh.


29 A-mach nir muig a menma

sa cath as-t[o]ig co tarla

ben do bí a cleith ’god comdha

cobra an sceith dob í a hadbha.


30 Do ben a sith an sengha

nach frith acht re fedh foghla

minn slige as teg nach tiubra

bidhba sleg eli an t-omna.


31 Crann sin do fheith dot fheli

dod bladh ag breith an baire

frith do cnuas an croinn tshide

duas do-ríne ar doirr ndáimhe.


32 Tarla Tethba dib dimgach

fa sechna do Sil Luigdech

fili ge toir da teglach

coir Teamrach Mide a Murbech.


33 Imdha am Dail na fed fillte

sa fled da gach taib treimpe

tain bech re n-idhnaibh indte

cleth fhillte ós imdhaidh eillte.


34 Ni leir sreba acht a slechta

eala da leim co lochfa

dobeir goil fa bruach Berta

fuath a leabtha ag cnoib corcra.


35 Se ag cur an mara a míne

ina tagha ag cur ceilli

sriubh tana tre taib Luaidhe

fala uaidhe ar gaíb gréine.


36 Tic a cíoch alainn oighe

ar ámhaill a diol dighe

mór tart a gleó na goili

lacht oighe ag eó dá ibhe.


37 Do bréc an muir ó maigri

go muir nar fhech a himli

ar snim a renn do-roighne

oigri righ as fherr inmhe. Meinic.


38 Iúl dingnadh righ do-ríne

do imghabh do dil daime

gaeth a seol na fert feili

re techt beime a mbeol baire.


39 Ní le ndingnadh daim ndainidh

ingnad a dail do deoraid

a clu do cuir os rigaibh

do clu ar righain d’fhuil Eogain.


40 Siubhán dot-uc a n-oíridh

tiughár tuc ara maínib

do smuain a ríar na riagail

iarraigh féin a uair d’aídhid.


41 Ciall a scaoilid na sgoile

riar aidhed air a haire

a breth fein co bfhuair file

gile a ngruaidh reid ni raibhe.


42 Sith daime a ndeoig a deinmhe

na deóigh do dháil a hairghe

na geall caithmhe air F[h]iadh nErne

cliar d’erge d’aithle a hairmhe. Meinic frith.